English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán ar an athbhreithniú ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh le haghaidh chórais gháis agus leictreachais na hÉireann

Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag déanamh athbhreithniú ar shlándáil fuinnimh chórais gháis agus leictreachais na hÉireann. Cé go bhfuil sé dírithe ar an tréimhse go dtí an bhliain 2030, tá an comhairliúchán á dhéanamh i gcomhthéacs aistriú inbhuanaithe i dtreo aeráidneodrachta a bhaint amach faoin mbliain 2050. Mar chuid den athbhreithniú, tá an Roinn ag seoladh comhairliúcháin inniu (Dé Luain) chun tuairimí a lorg ó pháirtithe leasmhara.

San athbhreithniú sin ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, breithnítear rioscaí féideartha dár soláthairtí gáis nádúrtha agus dár soláthairtí leictreachais araon, agus scrúdaítear bearta éagsúla chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear an gá le toilleadh breise chun fuinneamh a allmhairiú, an gá le húsáid fuinnimh a laghdú, an gá le stóráil fuinnimh, an gá le héagsúlú breoslaí agus an gá le gáis inathnuaite (amhail bithmheatán agus hidrigin). Níl sé mar aidhm leis an athbhreithniú aghaidh a thabhairt ar na corrlaigh dhochta ar dóigh dóibh a bheith ann sa soláthar leictreachais thar na geimhrí atá le teacht; tá aghaidh á tabhairt ar an méid sin trí chlár gníomhartha atá ar bun ag an CRF (an Coimisiún um Rialáil Fóntais), le tacaíocht ó EirGrid, ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus ón tionscal.

Leagtar amach sa doiciméad comhairliúcháin na rioscaí ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair ar féidir leo tionchar a imirt ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh le haghaidh chórais leictreachais agus gháis na hÉireann, amhail eachtraí aimsire, méaduithe suntasacha san éileamh, cur isteach ar allmhairí gáis, agus rioscaí geopholaitiúla. Is leagtha amach thíos atá gearrliosta de na roghanna maolaithe atá ann le haghaidh gáis agus le haghaidh leictreachais araon, ar nithe iad a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann i slándáil an tsoláthair amach anseo. Rinneadh gach ceann de na roghanna maolaithe sin a shamhaltú faoi roinnt cásanna suaite chun tuiscint a ghnóthú ar thionchar gach rogha maolaithe agus ar an leibhéal slándála soláthair is féidir leo a thabhairt. Chun tacú leis an bpróiseas athbhreithniúcháin, tá anailís theicniúil ag gabháil leis an doiciméad comhairliúcháin.

Is mar a leanas atá an liosta de roghanna maolaithe, atá faoi réir tuilleadh anailíse:

  • stóráil straitéiseach gáis — stóráil gáis nach n-oibreodh ach amháin le linn tréimhsí ina bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh cur isteach éilimh ann in Éirinn
  • saoráid straitéiseach gáis nádúrtha leachtaigh ar snámh — saoráid gáis nádúrtha leachtaigh ar snámh nach n-oibreodh ach amháin le linn tréimhsí ina bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh cur isteach éilimh ann in Éirinn
  • pacáiste gáis — meascán de stóráil straitéiseach, de ghás inathnuaite (instealladh bithmheatáin agus hidrigin) agus de fhreagairt ar thaobh an éilimh
  • idirnasc leictreachais breise — idirnascaire breise 700 MW a chruthú chuig an bhFrainc, i dteannta an Idirnascaire Cheiltigh
  • stóráil chaidéalaithe bhreise — 360 MW sa bhreis a chur leis an toilleadh stórála caidéalaithe hidrileictreachais
  • gléasra bithmhaise — gléasra tiomnaithe bithmhaise 450 MW a chruthú
  • breosla tánaisteach — stóráil breosla thánaistigh a mhéadú os cionn an cheanglais reatha stórála cúig lá
  • gléasra hidrigine a chruthú — gástuirbín comhthimthrialla a thiontú ina ghléasra hidrigine
  • pacáiste leictreachais — meascán de thoilleadh breise ceallraí agus de fhreagairt ar thaobh an éilimh

Ag labhairt dó faoi sheoladh an chomhairliúcháin, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"San athbhreithniú neamhspleách ó CEPA, rinneadh tástáil struis ar ár gcórais leictreachais agus fuinnimh gáis chun rioscaí a shainaithint agus chun raon roghanna fianaisebhunaithe a sholáthar ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar aon bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann i slándáil an tsoláthair. Rinneadh an anailís sin i gcomhthéacs an mhórathraithe atá ar bun i margadh fuinnimh na hÉireann, lena n-áirítear an méadú substaintiúil sa mhéid leictreachais a ghintear ó fhoinsí inathnuaite, an deireadh de réir a chéile le breoslaí iontaise traidisiúnta a úsáid i nginiúint leictreachais, agus leictriú an teasa agus an iompair.

"De réir mar a aistrímid i dtreo todhchaí aeráidneodrachta, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh ár gconair i dtreo an dícharbónaithe bunaithe ar inacmhainneacht agus, rud ríthábhachtach, ar shlándáil maidir leis an dóigh a ndéanaimid fuinneamh a rochtain agus a úsáid ag gach am, lena n-áirítear amanna ag a bhféadfadh riosca éilimh nó cur isteach éilimh a bheith ann. Tá sé riachtanach go mbeadh foinsí iontaofa fuinnimh againn, lena n-áirítear stóráil leordhóthanach gáis agus leictreachais, chun go mbeadh muinín láidir ag tomhaltóirí agus ag an lucht gnó go fóill as ár ngeilleagar agus as ár mbonneagar fuinnimh. Táim ag iarraidh ar gach páirtí leasmhar an doiciméad comhairliúcháin agus an anailís theicniúil a léamh agus a gcuid tuairimí agus fianaise a thabhairt dúinn."

Tá an comhairliúchán poiblí agus gach doiciméad iomchuí ar fáil ar líne. Beidh an tréimhse comhairliúcháin ar siúl go dtí an 28 Deireadh Fómhair. Déanfar athbhreithniú ansin ar na freagraí a fuarthas. Leagfar sraith moltaí faoi bhráid an Rialtais lena mbreithniú aige a luaithe a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Comhairliúchán Poiblí ar Shlándáil an tSoláthair Fuinnimh

Mar chuid dá hathbhreithniú ar shlándáil soláthair chóras leictreachais agus gáis nádúrtha na hÉireann, tá comhairliúchán á sheoladh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun iarrataí a lorg ó pháirtithe leasmhara. Tugtar sa doiciméad comhairliúcháin faisnéis chúlra faoi chórais leictreachais agus gháis na hÉireann agus faoin gcreat beartais atá taobh thiar díobh.

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí, lorgófar tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na bearta beartais a d’fhéadfaí a chur chun feidhme chun tacú le creat slándála soláthair na hÉireann. Leagfaidh an tAire a mholtaí maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh faoi bhráid an Rialtais a luaithe a bheidh an próiseas athbhreithniúcháin críochnaithe.

Is é a ghabhann leis an doiciméad comhairliúcháin phoiblí ná anailís theicniúil a rinne Cambridge Economic Policy Associates Ltd (CEPA). Beidh an tréimhse comhairliúcháin ar siúl go dtí an Aoine an 28 Deireadh Fómhair 2022.

Níl sé mar aidhm leis an athbhreithniú aghaidh a thabhairt ar na corrlaigh dhochta ar dóigh dóibh a bheith ann sa soláthar leictreachais thar na geimhrí atá le teacht; tá aghaidh á tabhairt ar an méid sin trí chlár gníomhartha atá ar bun ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais, le tacaíocht ó EirGrid, ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus ón tionscal.

Anailís theicniúil

Sholáthair CEPA don Roinn anailís theicniúil mhionsonraithe agus achoimre neamhtheicniúil nach bhfuil chomh fada céanna. Tá trí ghné dhifriúla i gceist leis an anailís theicniúil, is iad sin:

(i) rioscaí a shainaithint agus a scrúdú

(ii) roghanna a shainaithint chun na rioscaí sin a mhaolú

(iii) breithmheas a dhéanamh ar na roghanna sin

Is mar rioscaí ar thaobh an éilimh agus mar rioscaí ar thaobh an tsoláthair a scrúdaítear na rioscaí a sainaithníodh. Áirítear le rioscaí ar thaobh an éilimh eachtraí aimsire agus méaduithe suntasacha san éileamh. Is iad na rioscaí ar thaobh an tsoláthair a sainaithníodh ná cur isteach ar allmhairí gáis na Ríochta Aontaithe, rioscaí geopholaitiúla, easnaimh i dtoilleadh giniúna leictreachais, agus fáil íseal ar ghiniúint fuinnimh gaoithe.

Cruthaítear fadliosta de roghanna maolaithe ansin. Déantar breithmheas ar na roghanna sin in aghaidh tacar príomhchritéar chun teacht ar ghearrliosta de roghanna maolaithe cuí lena n-anailísiú tuilleadh. Ba iad seo a leanas na príomhchritéir roghnúcháin a úsáideadh:

(i) a chomhsheasmhaí a bheadh an rogha leis an bPlean Gnímh don Aeráid

(ii) an tionchar a bheadh ag an rogha ar shlándáil an tsoláthair

(iii) a indéanta a bheadh sé an rogha a chur chun feidhme

Is leagtha amach thuas atá an gearrliosta de na roghanna maolaithe a bhí faoi réir tuilleadh anailíse.

Rinneadh gach ceann de na roghanna maolaithe sin a shamhaltú faoi roinnt cásanna suaite chun tuiscint a ghnóthú ar thionchar gach rogha maolaithe agus ar an leibhéal slándála soláthair a thugann gach ceann díobh. Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, iarradh cásanna breise mar chuid d’anailís theicniúil CEPA chun tuiscint a ghnóthú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar shlándáil soláthair na hÉireann dá bhfionrófaí na honnmhairí gáis nádúrtha uile ó phíblíne na Rúise chuig margaí na hEorpa. Cinneadh san anailís go gcabhraíonn láthair gheografach na hÉireann san Eoraip (is é sin le rá, an dlúthnasc atá aici leis an mBreatain Mhór) le maolú a dhéanamh ar na tionchair is measa a imríonn an cur isteach ar an soláthar ón Rúis.

Níor cuireadh as an áireamh go fóill na roghanna sin ar an bhfadliosta nach ndearnadh iad a shamhaltú go mion. Tá an Roinn ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara maidir le gach ní atá sa pháipéar comhairliúcháin.

Nithe atá le breithniú

Tarraingítear san anailís ó CEPA aird ar roinnt pointí:

  • cuirfidh na bearta leictreachais atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 feabhas ar shlándáil ár soláthair. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí na bearta sin chun feidhme chun ár soláthairtí fuinnimh a áirithiú, lena n-áirítear, mar shampla: foinsí fuinnimh inathnuaite a imscaradh; méadú a dhéanamh ar na hidirnaisc leictreachais atá againn le Tuaisceart Éireann, leis an Ríocht Aontaithe agus leis an bhFrainc; giniúint thraidisiúnta a chur leis an gcóras; stóráil ceallraí a sholáthar; agus an fhreagairt ar thaobh an éilimh a mhéadú.
  • maidir le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha, cé go bhfuil riosca íseal ann go mbeadh cur isteach fisiciúil ann ar sholáthairtí gáis, meastar an tionchar a bheadh ag a leithéid de chur isteach a bheith an-ard. Tá bearta éagsúla ar fáil chun seasamh na hÉireann a neartú, agus gach ceann díobh de chineál difriúil déine.

Tá tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na mórbhearta beartais a d’fhéadfaí a chur chun feidhme chun tacú le creat slándála soláthair na hÉireann á lorg mar chuid den chomhairliúchán freisin. Áirítear iad seo a leanas leis na bearta sin:

  • tosú ar mheasúnú comhpháirteach soláthair-éilimh a dhéanamh ar an líonra leictreachais agus ar an líonra gáis ar bhonn bliantúil, agus hidrigin agus gáis inathnuaite á gcur ar áireamh ann freisin
  • ceanglas a chur chun feidhme á rá go ndéanfaí anailís theicniúil ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh gach dhá bhliain agus go ndéanfaí athbhreithniú foirmiúil ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh gach ceithre bliana