Seolann an tAire Ryan agus an tAire Smyth an tAthbhreithniú Lár Téarma ar an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024
- Foilsithe: 28 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Leagtar amach san Athbhreithniú 18 ngníomh straitéiseacha nua atá le cur chun feidhme laistigh de thréimhse feidhme na straitéise.
- Infheisteofar in acmhainn an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála a fhorbairt agus tabharfar aghaidh ar an mbearna scileanna cibearshlándála mar ábhair thosaíochta.
Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an tAthbhreithniú Lár Téarma ar an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024 a fhoilsiú inniu.
Leagtar amach san Athbhreithniú Lár Téarma 18 ngníomh straitéiseacha nua atá le cur chun feidhme laistigh de thréimhse feidhme na straitéise. Forbraíodh iad sin tar éis comhairliúchán poiblí a sheoladh agus tar éis caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon.
I bhfianaise na bearna scileanna cibearshlándála atá ann in Éirinn agus ar fud an domhain, áirítear leis an Athbhreithniú Lár Téarma bearta nua atá ceaptha chun leanúint le scileanna ábhartha cibearshlándála a fhorbairt chun bearnaí scileanna a líonadh agus chun tacú le fás féideartha an tionscail cibearshlándála in Éirinn. Ceann amháin de na gníomhartha tosaíochta a bheidh i straitéis uile-Rialtais a fhorbairt don tionscal cibearshlándála chun tacú le tionscal cibearshlándála na hÉireann a acmhainneacht a bhaint amach.
Leanfaidh an Rialtas le hinfheistiú in acmhainn ár Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála a fhorbairt, go háirithe an cumas atá aige faireachán a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála agus ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn sa Stát, amhail bogearraí éirice, agus freagairt do na teagmhais agus na bagairtí sin. Chomhaontaigh an Rialtas an líon eintiteas a dtacaíonn an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála leo a mhéadú. Mar chuid de sin, cuirfear roinnt beart nua i bhfeidhm chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le geallsealbhóirí eile. Cinnteofar leis an Athbhreithniú Lár Téarma freisin go n-imreoidh Éire ról gníomhach iomlán sa díospóireacht ar an gcibearshlándáil san Aontas Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta agus go mbeidh sí lánréidh leis an Treoir athbhreithnithe ón Aontas Eorpach maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise a chur chun feidhme ón mbliain seo chugainn i leith.
Leanfaidh an Coiste Idir-rannach ardleibhéil atá ann cheana le formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i gcrích na mbeart sin agus foilseofar tuarascálacha bliantúla chun tuilleadh trédhearcachta a sholáthar maidir le cur chun feidhme na Straitéise.
Ag labhairt dó tar éis fhoilsiú an Athbhreithnithe inniu, dúirt an tAire Ryan:
"Tá lúcháir orm an tAthbhreithniú Lár Téarma ar an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála a sheoladh agus táim ag tnúth le cur i gcrích na ngníomhartha straitéiseacha, atá bunaithe ar an gcomhairliúchán poiblí a seoladh roimhe sin. Tá ríthábhacht ag baint le slándáil agus athléimneacht ár líonraí agus ár gcóras faisnéise maidir le rathúnas leantach na hÉireann, maidir lenár muinín as seirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus maidir lenár slándáil. Ní ann d’aon teorainneacha i réimse na cibearshlándála agus, a mhéid a bhaineann le cibearbhagairtí, tá codanna difriúla dár n-éiceachórais eacnamaíocha agus shóisialta gach pioc chomh leochaileach leo sin in aon tír eile. Forbairt thábhachtach amháin a d’eascair as an Athbhreithniú Lár Téarma seo ba ea gur leathnaíodh díriú na Straitéise chun tacú le raon níos leithne geallsealbhóirí, lena n-áirítear institiúidí oideachais agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus chun borradh mór a chur faoin iarracht atá ar bun againn aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna cibearshlándála. Tá m’oifigigh ag stiúradh foireann tras-Rialtais chun straitéis nua a fhorbairt don tionscal cibearshlándála freisin. Trí chomhoibriú leantach, tá muinín agam gur féidir linn an fhís atá againn sa réimse seo a bhaint amach, is é sin gur féidir le sochaí na hÉireann tairbhe a bhaint go sábháilte as an réabhlóid dhigiteach le slándáil agus le muinín."
Dúirt an tAire Smyth:
"Tá an-áthas orm an tAthbhreithniú Lár Téarma seo a chur i láthair inniu, lena n-áirítear na 18 ngníomh straitéiseacha nua a chuirfear i gcrích ar fud an Rialtais faoi dheireadh na bliana 2024. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don sárdhul chun cinn a rinneadh go dtí seo ar an Straitéis a chur chun feidhme. Tugann sé sin an-mhuinín dom go n-éireoidh linn na bearta seo a chur i gcrích, go ndéanfaimid ár slándáil, ár n-athléimneacht agus ár n-acmhainn a mhéadú agus a neartú arís eile agus go gcosnóimid aistriú digiteach na hÉireann ar bhagairtí cibearshlándála."
Tá na 18 ngníomh straitéiseacha nua scaipthe ar fud na seacht réimse théamacha atá sa Straitéis, lena n-áirítear iad seo a leanas, i measc réimsí eile:
- Acmhainn Náisiúnta a Fhorbairt: Déanfaidh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála Tascfhórsa Náisiúnta um Bogearraí Éirice a Chomhrac a bhunú agus a stiúradh chun comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí a dhéantar chun freagairt don dian-chibearbhagairt sin
- An Bonneagar Criticiúil Náisiúnta a Chosaint: Forbrófar tuilleadh líonraí comhroinnte faisnéise earnála le hoibritheoirí iomchuí bonneagair chriticiúil náisiúnta agus le hearnálacha tábhachtacha tionscail, lena n-áirítear an Earnáil Bonneagair Dhigitigh agus an Earnáil Fuinnimh.
- Sonraí agus Líonraí Earnála Poiblí: Tabharfar don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála an t-údarás dlíthiúil agus an cumas teicniúil a theastaíonn chun measúnuithe slándála a dhéanamh ar chórais TFC le haghaidh sonraí íogaire agus rúnda a láimhseáil
- Scileanna: Éascófar forbairt leanúnach an stóir láraithe cúrsaí oideachais agus printíseachta i gcibearshlándáil ar gach leibhéal agus ar fud na tíre agus úsáidfear na sonraí sin chun ábhair a fhorbairt do scoileanna, do threoirchomhairleoirí agus do dhaoine eile chun feasacht a mhúscailt ar ghairmeacha i gcibearshlándáil agus ar chonairí foghlama
- Forbairt Fiontar: Cuirfear clár tacaíochta airgeadais chun feidhme d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do gheallsealbhóirí sochaíocha eile, de réir fhorálacha an Aontais Eorpaigh, chun athléimneacht cibearshlándála a fheabhsú agus chun nuálaíocht a éascú.
- Caidreamh: Foilseofar seasamh náisiúnta na hÉireann maidir le cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta sa chibearspás, chun rannchuidiú le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an creat dlíthiúil is infheidhme a shoiléiriú agus chun Stát-iompar freagrach sa chibearspás a chur chun cinn
- Saoránaigh: Déanfar comhairle shaincheaptha agus treoirdhoiciméid shaincheaptha a fhorbairt agus a fhoilsiú ar bhonn níos minice ar na bearta ar féidir le saoránaigh, le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le scoileanna, le hinstitiúidí oideachais agus le heagraíochtaí pobail agus deonacha iad a dhéanamh chun rioscaí cibearshlándála a chosc agus a mhaolú
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is é atá sa Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála, a foilsíodh sa bhliain 2019, ná straitéis uile-rialtais cúig bliana a bhfuil mar aidhm léi feabhas a chur ar a shláine agus a athléimní atá córais Rialtais agus an bonneagar criticiúil náisiúnta. Leagadh amach sa Straitéis raon beart comhoibríoch atá ceaptha chun cibearshlándáil agus athléimneacht a fheabhsú i measc comhlachtaí poiblí, soláthraithe seirbhísí riachtanacha, gnólachtaí agus teaghlach, chun tacú le forbairt leantach an tionscail cibearshlándála agus an phobail taighde cibearshlándála, agus chun a chinntiú go n-imreoidh Éire ról gníomhach sa díospóireacht idirnáisiúnta ar shlándáil agus cobhsaíocht an chibearspáis oscailte saor in aisce.
Tráth a foilsithe sa bhliain 2019, thug an Rialtas le fios go raibh sé ar intinn aige an Straitéis a athbhreithniú ag lárphointe a tréimhse feidhme ar mhaithe le dul chun cinn a mheasúnú agus ar mhaithe le tionscnaimh nua a bhreithniú chun a chinntiú go mbainfí dea-thorthaí amach ar fud na mbeart uile atá leagtha amach inti. Seoladh páipéar comhairliúcháin i mí na Nollag 2022 agus tugadh ann cuntas gairid ar an dul chun cinn a rinneadh cheana féin ar na bearta faoi Straitéis na bliana 2019 a chur i gcrích agus ar bhearta eile a d’fhéadfaí a dhéanamh le linn na mblianta atá fágtha den straitéis. Tugadh cuireadh do gheallsealbhóirí agus do dhaoine den phobal chun measúnú a dhéanamh ar na gníomhartha a rinneadh cheana féin agus ar na gníomhartha atá beartaithe a dhéanamh amach anseo agus chun a n-aighneachtaí ina leith a sholáthar.
Bhí an comhairliúchán poiblí ar oscailt le haghaidh aighneachtaí ar feadh tréimhse ocht seachtaine ón 12 Nollaig 2022 go dtí an 7 Feabhra 2023. Ba mhór againn líon mór aighneachtaí i scríbhinn a fháil le linn na tréimhse sin. I dteannta aighneachtaí i scríbhinn, tionóladh sraith seimineár Gréasáin agus cruinnithe comhchéime le grúpaí príomh-gheallsealbhóirí. Gineadh sonraí luachmhara ó dhearcthaí éagsúla le linn an phróisis comhairliúcháin agus breithníodh an méid sin ar fad le linn an tuarascáil deiridh ar an Athbhreithniú Lár Téarma a ullmhú. Rinneadh dul chun cinn dearfach ar na bearta a cuireadh i gcrích faoin straitéis cheana féin. Mar fhreagairt dhíreach do na torthaí comhairliúcháin, áirítear leis an Athbhreithniú Lár Téarma anois bearta uaillmhianacha nua atá le baint amach laistigh de thréimhse feidhme na Straitéise. Leanann uaillmhian na Straitéise le hoiriúnú agus le freagairt don tírdhreach athraithe cibearbhagartha, ar tírdhreach í a bhíonn ag athrú i gcónaí.