English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan an 31 Phlean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fad in Inis, Contae an Chláir

  • Léirítear sna Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide na huaillmhianta atá ag údaráis áitiúla maidir le gníomhú ar son na haeráide agus le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha

D’fhreastail Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu ar an ócáid seolta oifigiúil le haghaidh na bPleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide san Old Ground Hotel in Inis, Contae an Chláir.

Tá an 31 údarás áitiúil ar fad ag ullmhú na bpleananna áitiúla aeráide uathu le bliain amháin anuas agus tá na pleananna uile glactha anois ag na comhaltaí tofa. Tá an seoladh á eagrú ag na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Garsprioc de chuid na hearnála rialtais áitiúil is ea na pleananna áitiúla aeráide a chur i gcrích. I dteannta a chéile, tá 4,000 gníomh, beagnach, leagtha amach ar fud na bpleananna áitiúla uile. Liostaítear iontu bearta praiticiúla aeráide atá le cur i gcrích ag gach limistéar údaráis áitiúil sna cúig bliana atá romhainn.

Tá gach plean aeráide bunaithe ar bhonn fianaise láidir. Chun eolas a dhéanamh do na pleananna, d’fhorbair na húdaráis áitiúla uile Measúnú Riosca ar an Athrú Aeráide, rud ina leagtar amach na rioscaí dóchúla ó thaobh an athraithe aeráide de, amhail báisteach mhéadaithe nó tuilte méadaithe. Chomh maith leis sin, rinne siad Fardal ar Astaíochtaí Bonnlíne, rud ina ríomhtar na hastaíochtaí laistigh den limistéar údaráis áitiúil agus ina leagtar amach astaíochtaí de réir earnála, amhail an t-iompar, an timpeallacht thógtha agus an talmhaíocht.

Roghnaigh gach ceann de na húdaráis áitiúla cuid dá limistéar riaracháin, eadhon Crios Dícharbónaithe, áit a ndéanfaidh siad gníomhartha nua agus tionscadail nua a thriail agus a thástáil i gcomhoibriú le príomh-gheallsealbhóirí chun cabhrú leis an aistriú chuig todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de.

Léirítear sna pleananna an uaillmhian, an díriú agus an tiomantas a chuirfidh gach údarás áitiúil isteach chun astaíochtaí carbóin a laghdú agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na beatha do dhaoine atá ina gcónaí, ag obair agus ag déanamh staidéir i ngach contae ar leith.

Ag labhairt dó faoin ócáid agus faoi ról na n-údarás áitiúil i soláthar aeráide, dúirt an tAire Ryan:

"Bíonn an aeráid ag athrú ar dhóigh a bhfuil níos tapa agus níos dothuartha ná mar a bhí eolaithe ag súil leis. Is féidir linn na tionchair a fheiceáil ar gach taobh dínn – tuilte, tonnta teasa agus triomaigh ina measc. Tá príomhról le himirt ag an rialtas áitiúil i ndul i ngleic leis an athrú aeráide. Gníomhaíonn údaráis áitiúla mar cheannairí áitiúla agus mar churaidh agus oibríonn siad i ndlúthchomhar le pobail i roinnt réimsí tábhachtacha, an tithíocht agus an t-iompar ina measc. Baineann siad úsáid as a n-eolas fairsing ar an timpeallacht nádúrtha agus an timpeallacht thógtha ina limistéar chun fíordhifríocht a dhéanamh.

"Leis na pleananna údaráis áitiúil nua um ghníomhú ar son na haeráide, breiseofar cumas an rialtais áitiúil chun dul i mbun gnímh. Den chéad uair riamh, tugadh gach ceann de na gníomhartha a bhaineann leis an aeráid le chéile i ndoiciméad amháin, ag fónamh dó mar phointe fócasach agus mar lámhleabhar do gach údarás áitiúil ar leith agus dá aistear aeráide. A bhuí leis na pleananna seo, cabhrófar linn mar thír ár spriocanna náisiúnta aeráide a chomhlíonadh agus soláthrófar tairbhí breise amhail ár n-aer a dhéanamh níos glaine, ár gcuid sráideanna agus spásanna poiblí a dhéanamh níos ciúine, agus níos mó bithéagsúlachta agus spásanna glasa a thabhairt isteach sna háiteanna a gcónaímid."

Ag labhairt dó thar ceann na hearnála rialtais áitiúil, dúirt John McLaughlin, Cathaoirleach an Choiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, Iompar, Geilleagar Ciorclach agus Líonraí de chuid an Chumainn Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach:

"Forbraíodh gach plean údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide chun freagairt do dhúshláin agus deiseanna uathúla a limistéir. Tá na pleananna bunaithe ar thaighde, ar chomhairliúchán agus ar fhíorthuiscint, agus is é sin an fáth a mbeidh tionchar suntasach acu ar ár gcuid cathracha agus contaetha agus ar Éirinn ina hiomláine. Tá údaráis áitiúla chun tosaigh ar an ngníomhú ar son na haeráide le tamall anuas agus, ós rud é go bhfuil 31 phlean i bhfeidhm anois, is féidir linn tógáil air sin ar bhealach straitéiseach, comhtháite agus intomhaiste.

"Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil baill de na foirne aeráide ón 31 údarás áitiúil le chéile i gContae an Chláir inniu chun comhoibriú agus chun foghlaim óna chéile. Imreoidh siad uile ról ríthábhachtach sna pleananna um ghníomhú ar son na haeráide a bhrú chun cinn, agus iad ag tacú le rannóga uile na n-údarás áitiúil agus iad ag iarraidh ár spriocanna a bhaint amach."

Tá údaráis áitiúla ag obair le 12 mhí anuas chun caidreamh a dhéanamh le saoránaigh, le gnólachtaí áitiúla, le comhlachtaí poiblí agus le heagraíochtaí pobail chun eolas a dhéanamh dá smaointeoireacht maidir le gníomhartha agus le tosaíochtaí. Agus iad ag cloí le treoirlínte náisiúnta agus le paraiméadair shocraithe, cruthaíodh gach plean ó bhun aníos agus ina limistéar áitiúil féin agus tá gach plean saincheaptha dá limistéar áitiúil féin.

Le dhá bhliain anuas, tá gach údarás áitiúil ag fáil cistiú ón Rialtas chun cabhrú leo na pleananna áitiúla uathu a fhorbairt. Is ionann an cistiú sin go dtí seo agus €8 milliún, beagnach, agus tá sé sin le leanúint ar aghaidh sna blianta atá le teacht.

Leis na pleananna údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide, cabhrófar le húdaráis áitiúla aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhtháite, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú agus ar an oiriúnú don athrú aeráide agus neartófar an t-ailíniú idir an beartas náisiúnta aeráide agus gníomhú áitiúil éifeachtach ar son na haeráide a sholáthar.

Déanfaidh na húdaráis áitiúla dlúthfhaireachán ar na pleananna áitiúla aeráide chun a chinntiú go mbeidh a dtionscadail ar an mbóthar ceart agus forbrófar pleananna cur chun feidhme ina dtabharfar tuilleadh mionsonraí maidir le soláthar. Tuairisceoidh siad don earnáil rialtais áitiúil agus don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, arb í an roinn tacaíochta í, ar phríomhtháscairí.

Chomh maith leis sin, beidh an seoladh ina ócáid líonraithe do na baill foirne údaráis áitiúil a bhí ag scríobh na bpleananna aeráide. Le linn an tseolta, caithfear lá ag tabhairt cuairteanna staidéir ar thionscadail shuimiúla aeráide i gContae an Chláir agus beidh deis ag na rannpháirtithe bualadh le comhghleacaithe ó na húdaráis áitiúla eile agus a gcuid foghlama agus eispéireas a chomhroinnt.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide

Imríonn údaráis áitiúla ról ríthábhachtach sa bheartas aeráide a chur ar aghaidh ar an leibhéal áitiúil. Le hAcht na hÉireann um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil Plean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a ullmhú chun spriocanna náisiúnta aeráide a chomhlíonadh agus chun athléimneacht a fhorbairt in aghaidh thionchair an athraithe aeráide. Ní mór na pleananna a bheith ag teacht leis an leagan ceadaithe is déanaí den Phlean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide agus den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe. A luaithe a bheidh siad glactha, beidh na pleananna bailí ar feadh cúig bliana.

Mar chuid dá phlean údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide, tá freagracht ar gach údarás áitiúil ar leith as crios dícharbónaithe a bhunú laistigh dá limistéar údaráis áitiúil. Tá sé beartaithe go ndíreofar ar chriosanna dícharbónaithe i mbearta éagsúla i leith maolú aeráide, i leith oiriúnú don aeráid agus i leith bithéagsúlachta. Cabhróidh na criosanna sin le húdaráis áitiúla sainaithint a dhéanamh ar thionscadail a rannchuideoidh leis an gcuspóir náisiúnta aeráide a bhaint amach.

I mí an Mhárta 2023, sheol an tAire sraith treoirlínte reachtúla chun cabhrú le húdaráis áitiúla agus iad ag ullmhú pleananna údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide. Leis na treoirlínte sin, tugtar treoir láidir d’údaráis áitiúla agus iad ag ullmhú na bpleananna uathu agus chun cur chuige comhtháite comhsheasmhach a chinntiú, gan a bheith ró-shaintreorach ag an am céanna. Ag gníomhú dóibh faoi fhormhaoirseacht ag Grúpa Comhairleach Tionscadail, forbraíodh na treoirlínte i gcomhar leis na príomhpháirtithe san earnáil rialtais áitiúil agus san earnáil aeráide.

Foirne aeráide Údaráis Áitiúil agus cistiú Rialtais

Chruthaigh gach údarás áitiúil foirne um ghníomhú ar son na haeráide agus struchtúir rialachais chun a chinntiú go bhfuil i bhfeidhm ag na pleananna na foirne agus na struchtúir a theastaíonn chun na gníomhartha a sholáthar. Áirítear leo sin Comhordaitheoir tiomnaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Oifigeach tiomnaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide chun cabhrú leis na pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus iad a bheith á gcistiú ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Déanann an Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide bainistiú ar an ngníomhú ar son na haeráide ar bhonn inmheánach laistigh de gach údarás áitiúil, ar fud na hearnála údaráis áitiúil, agus ar an leibhéal réigiúnach trí na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide. Tá freagracht air freisin as faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna a bhaint amach. Cuireann sé sin feabhas suntasach ar an mbonn fianaise náisiúnta ar sholáthar.

Oibríonn an tOifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide i ndlúthchomhar leis an gComhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide chun tacú leis straitéisí agus beartais um ghníomhú ar son na haeráide a dhearadh agus a sholáthar. Chomh maith leis sin, brúnn an tOifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide tionscnaimh um athrú eagraíochtúil chun cinn, rud lena gcumasaítear soláthar éifeachtach agus, an tráth céanna, lena bhforbraítear acmhainn ar fud na gcomhpháirtíochtaí lena n-oibríonn údaráis áitiúla.

Cistíonn an Roinn Oifigeach Aeráide Pobail tiomnaithe freisin faoin gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide faoi Shnáithe 1 den Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na roinne.

Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide

Sa bhliain 2018, bunaíodh ceithre Oifig Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide mar sheirbhís chomhroinnte údaráis áitiúil mar aitheantas don ghá le hacmhainn a fhorbairt laistigh den earnáil rialtais áitiúil chun freagairt agus oiriúnú don athrú aeráide. Imríonn na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ról tábhachtach maidir lena chinntiú go sainaithnítear saincheisteanna aeráide trasearnála agus go dtugtar aghaidh orthu sin.

Thug an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide gealltanas go soláthródh sí cistiú ab fhiú €10 milliún thar thréimhse cúig bliana. Dearadh struchtúr réigiúnach de chuid na nOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide chun a chinntiú go bhfuil saintréithe agus rioscaí aeráide atá cosúil le chéile ag na húdaráis áitiúla.

Réigiún an Ghníomhaithe ar son na hAeráide Príomhúdarás Áitiúil Limistéar Feidhme an Údaráis Áitiúil
An Bord Farraige Atlantach Thuaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo Dún na nGall, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Maigh Eo, Sligeach (5 údarás áitiúla)
An Bord Farraige Atlantach Theas Comhairle Contae Chorcaí An Clár, Contae Chorcaí, Cathair Chorcaí, Ciarraí, Luimneach (5 údarás áitiúla)
Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas (4 údarás áitiúla)
Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre Comhairle Contae Chill Dara (ag obair di i gcomhpháirt le Comhairle Contae Chill Chainnigh) Ceatharlach, an Cabhán, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Liatroim, an Longfort, Lú, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann, Port Láirge, an Iarmhí, Loch Garman, Cill Mhantáin (17 n-údarás áitiúla)

Tá na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide suite laistigh de cheithre údarás áitiúla a fhónann mar óstaigh do na hoifigí aeráide, agus soláthraíonn siad feidhm seirbhísí comhroinnte laistigh den earnáil rialtais áitiúil.

Sa bhliain 2023, gheall an Roinn cistiú ab fhiú €12 mhilliún go ceann sé bliana eile (2023-2029) chun go bhféadfadh na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide leanúint dá gcuid oibre ar thacú leis an rialtas áitiúil gníomhartha aeráide a chomhordú agus a sholáthar agus cabhrú leo na pleananna aeráide údaráis áitiúil uathu a fhorbairt.

An Clár Oiliúna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide

Sa bhliain 2021, shínigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Comhaontú Seirbhíse le Comhairle Contae Chill Dara chun cistiú ab fhiú €1,575,000 a sholáthar thar thrí bliana (2021-2023) le haghaidh an Chláir Oiliúna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021-2023.

Leis an gclár, cuirtear oiliúint ar bhaill foirne agus comhaltaí tofa na n-údarás áitiúil chun cur leis an tuiscint ar an athrú aeráide agus ar an ngá le dul i mbun gnímh. Chun tacú lena ról ceannaireachta agus chun athléimneacht in aghaidh na haeráide a thógáil, is gá acmhainn an ghníomhaithe ar son na haeráide sna húdaráis áitiúla a fhorbairt.

Le clár oiliúna na tréimhse 2021-2023, soláthraíodh thart ar 27,000 áit oiliúna do 22,500 duine de bhaill foirne agus comhaltaí tofa údaráis áitiúil faoi dheireadh mhí na Nollag 2023. Cumhdaíodh raon leathan ábhair cúrsa leis, amhail an eolaíocht aeráide, an beartas aeráide, agus ról na n-údarás áitiúil i ngníomhú dearfach ar son na haeráide a chur chun cinn.

Tá Comhaontú Seirbhíse nua á fhorbairt ag an Roinn faoi láthair chun leanúint den Chlár Oiliúna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a chistiú don tréimhse 2024-2027. Cabhróidh an clár le baill foirne na pleananna údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide uathu a chur chun feidhme.

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, a seoladh i mí na Nollag 2023, an tríú nuashonrú bliantúil ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ó Éirinn, agus é ar an dara nuashonrú den sórt sin a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Cheadaigh an Rialtas an plean, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí, agus tá comhairliúchán poiblí ar siúl faoi láthair.

Leagtar gníomhartha, bearta agus beartais ar fud roinnt réimsí amach sa phlean, lena n-áirítear gníomhartha, bearta agus beartais i sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair:

  • foinsí fuinnimh inathnuaite a chumhachtú
  • foirgnimh níos fearr a thógáil
  • ár modhanna taistil a bhunathrú chun feabhais
  • feirmeacha teaghlaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe
  • gnó agus fiontar a ghlasú, agus
  • ár n-úsáid talún a athrú