Seolann an tAire Ryan ‘An Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta’
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2024
- Tugtar breac-chuntas sa Chreat Todhchaíoch ar an deis thionsclaíoch is mó atá ag Éirinn leis na cianta. Leis an Straitéis, tugtar treochlár d’Éirinn chun 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050
Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta a sheoladh inniu. Is é an creat an deis thionsclaíoch is iontaí atá ag Éirinn leis na cianta.
Is é an Creat Todhchaíoch an tsamhail agus an fhís fhadtéarmach sin d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Leagtar amach sa bheartas an chonair a leanfaidh Éire chun 20 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2040 agus chun 37 GW ar a laghad san iomlán a sholáthar faoin mbliain 2050. Rud tábhachtach, tugtar leis an mbeartas an bonn fianaise le haghaidh spriocanna uaillmhianacha na hÉireann maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta.
Tá an Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta ar cheann de na príomhghníomhartha a foilsíodh inniu faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, atá ar an bplean uile-chórais ar fhorbair an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar é. Fógróidh an tAire Ryan foilsiú príomhghnímh eile de chuid an Tascfhórsa, amhail an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, Dé hAoine an 3 Bealtaine. Tá clár na hÉireann um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta ag dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe, agus é ag comhlíonadh gach ceann de na cuspóirí agus amlínte trí chéim atá aige.
Áirítear leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta 29 bpríomhghníomh chun cur chuige fadtéarmach pleantreoraithe na hÉireann i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Tá sé bunaithe ar anailís ar dheiseanna eacnamaíocha chun infheistíocht a spreagadh agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar thoradh airgeadais agus eacnamaíoch an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don Stát agus do phobail áitiúla. Iniúchtar ann freisin an fhéidearthacht a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a onnmhairiú trí idirnascadh méadaithe, agus déantar anailís ann ar na deiseanna a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a úsáid le haghaidh táirgí agus seirbhísí fuinnimh mhalartaigh is féidir a chur isteach i margaí idirnáisiúnta.
Áirítear na nithe seo le treoirphrionsabail an bheartais: an timpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint; inacmhainneacht an fhuinnimh a chinntiú do thomhaltóirí; toradh cothromasach a thabhairt do phobail; beartais agus bonneagar a ailíniú; muinín as infheistíocht a spreagadh; béim a leagan ar nuálaíocht teicneolaíochta; deiseanna le haghaidh toradh a thabhairt don stát a léiriú; agus tús áite a thabhairt do chaidreamh le geallsealbhóirí agus leis an bpobal.
Ag fáiltiú dó roimh an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, dúirt an tAire Ryan:
"Tá tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar tí ár ngeilleagar a athrú as éadan, agus mórthairbhí eacnamaíocha réigiúnacha agus náisiúnta á dtairiscint le linn níos mó smachta a thabhairt dúinn ar ár gceannas fuinnimh. D’fhéadfadh ár bhfuinneamh gaoithe amach ón gcósta a bheith ar an bhfoinse leictreachais intíre is mó ar féidir léi teacht in ionad breoslaí iontaise allmhairithe so-ghalaithe. Chomh maith leis sin, is lenár bhfuinneamh gaoithe amach ón gcósta a thugtar dúinn an deis thionsclaíoch is iontaí atá againn leis na cianta de réir mar a bheartaímid ár dtír féin a chumhachtú agus ár bhfuinneamh barrachais a onnmhairiú chun an Eoraip a chumhachtú.
"Is tírdhreach fuinniúil, fada agus athraitheach é sin agus tá an Creat Todhchaíoch uainn á leagan amach againn anois chun go mbeimidne, agus go mbeidh ár bpobail áitiúla agus ár gcomhpháirtithe gnó, réidh le haghaidh thodhchaí gach foinse fhéideartha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, amhail teicneolaíocht fhosaithe agus shnámhach fuinnimh in-athnuaite gaoithe, tonnta agus taoide.
"Ní bheimid in ann leas a bhaint as ár nAigéan Atlantach lom láithreach. Tá an teicneolaíocht a theastaíonn chun leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór an Aigéin Atlantaigh á forbairt ar fud an domhain fós. Mar sin féin, is leis an straitéis seo a sholáthraítear ár gcur chuige pleanáilte fianaisebhunaithe i leith ár n-acmhainneacht fuinnimh a réadú, agus cinnteoimid go mbeidh Cósta Thiar na hÉireann ar thús cadhnaíochta na forbartha sin."
Tagann foilsiú an Chreata Thodhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta sna sála ar thréimhse comhairliúcháin phoiblí cúig seachtaine a cuireadh ar siúl ní ba luaithe i mbliana. Tá an beartas ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
An Clár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta
- Tá foilsiú an Chreata Thodhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta ar cheann de na príomhghníomhartha a foilsíodh inniu faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, atá ar an bplean uile-chórais ar fhorbair an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar é
- Bhunaigh an tAire Ryan an Tascfhórsa tras-Rialtais chun a chinntiú go nglacfaí cur chuige comhtháite ar fud an rialtais, gníomhaireachtaí agus an tionscail i leith comhordú a dhéanamh ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Pléann an Tascfhórsa le sainaithint a dhéanamh ar na gnéithe uile den obair ar an gconair ríthábhachtach i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, mar aon le rioscaí a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta gaolmhara maolúcháin a bhainistiú
- Ar na gníomhartha faoin gClár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid an Tascfhórsa tá bearta a bhaineann le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe agus pleanáil mhuirí, leis an mbithéagsúlacht, le nascadh leis an eangach, leis an slabhra soláthair, leis an mbeartas um chalafoirt, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála
- Tá an tAthbhreithniú Bliantúil don bhliain 2023 agus na Príomhghníomhartha don bhliain 2024 faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tuarascálacha Measúnachta Straitéisí Timpeallachta/Measúnachta Cuí le haghaidh an Chreata Thodhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
Tá tuarascálacha Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus Measúnachta Cuí an Chreata Thodhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, ar sheol Mace Consultancy Ltd iad, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
An uaillmhian fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann
Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. I lár na bliana 2021, sheol an rialtas an Item was unpublished or removed Is é sin an chéad chreat cuimsitheach de chuid na hÉireann riamh le haghaidh pleanáil spáis mhuirí. Achtaíodh an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, i mí na Nollag 2021. Bunaíodh leis córas nua ceadúnúcháin agus bainistíochta forbartha sa limistéar muirí atá le riar ag gníomhaireacht nua darb ainm an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, ag obair di i gcomhar leis an mBord Pleanála, atá ag cabhrú le fuinneamh amach ón gcósta a fhorbairt.
Sa bhliain 2022, bunaíodh an córas Toilithe Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Ag teacht sna sála ar phróiseas cuimsitheach measúnachta, rinne an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Toilithe Limistéir Mhuirí a eisiúint chuig seacht dtionscadal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta i mí na Nollag 2021. Mar thoradh air sin, bhí na tionscadail sin in ann idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBord Pleanála roimh iarratas pleanála a chur isteach. Bhí siad in ann freisin páirt a ghlacadh sa chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta.
I mí na Bealtaine 2023, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona faoin mbliain 2030.
Áirítear roinnt céimeanna forluiteacha leis an gcur chuige pleantreoraithe atá á ghlacadh ag Éirinn i leith ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta:
- Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear do na tionscadail ábhartha uile ar éirigh leo sa chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
- Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach, agus
- An Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán
Sceideal le haghaidh ceantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030 agus ina diaidh
I mí na Samhna 2023, mar chuid de sheoladh comhordaithe i gcomhar leis na balltíortha de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (an Comhar Fuinnimh), d’fhoilsigh Éire sceideal de cheantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030, ar faoina mbun atá breis agus 13 GW de thoilleadh le himscaradh faoin mbliain 2040. Tá an toilleadh sin i dteannta na 3 GW a dámhadh in ORESS 1, an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta riamh de chuid na hÉireann. Ní bhaineann sé ach leis na himchuacha muirí laistigh de limistéar an Chomhair Fuinnimh (Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach).
Is cothrom le 20 GW go fóill atá an sprioc fhoriomlán fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá ag Éirinn don bhliain 2040 (lena n-áirítear Imchuach an Atlantaigh). Tá sé beartaithe ag Éirinn an sprioc sin a bhaint amach trí phróisis iomaíocha sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2030, agus an tógáil ghaolmhar ag tarlú suas go dtí an bhliain 2040.
Treochlár táscach an rialtais don chéad cheant eile de chuid an Stáit le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta
I gcomhthráth le foilsiú amchlár ceantanna an Chomhair Fuinnimh i mí na Samhna 2023, d’fhoilsigh an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar ‘treochlár táscach’ ina dtugtar breac-chuntas ar amchlár i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, eadhon ORESS 2.1. Cuirfear ORESS 2.1 ar siúl amach ó chósta theas na hÉireann chun go mbeidh sé ag teacht leis an toilleadh eangaí atá ar fáil ar talamh agus soláthrófar leis suas go dtí 900 MW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Sa treochlár sin, leagtar amach roinnt céimeanna i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Tá na céimeanna sin bunaithe ar roinnt cásanna difriúla. Is féidir amharc ar thuilleadh faisnéise faoi threochláir ORESS 2.1 ag gov.ie/OffshoreEnergyORESS.
An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024
Cheadaigh an Rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 i mí na Nollag 2023, faoi réir comhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Osclófar an comhairliúchán poiblí ar ball.
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad.
Is féidir leat amharc ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Cliceáil anseochun síntiús a ghlacadh leis an nuachtlitir ‘Climate Action’ ó Rialtas na hÉireann.