English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan, an tAire McGrath agus an tAire Richmond Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ísealchostais nua

  • Leis an scéim €500 milliún a bhfuil an Rialtas ag tacú léi, tacófar le húinéirí tí infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh
  • Ón lá seo ar aghaidh, beidh úinéirí tí in ann méid idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht ag rátaí úis atá i bhfad níos ísle ionas go mbeidh a dteach níos teo agus níos saoire le reáchtáil

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus Neale Richmond, an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais le freagracht speisialta as seirbhísí airgeadais, comhair chreidmheasa agus árachas, Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ísealchostais nua a sheoladh inniu (an Chéadaoin an 24 Aibreán). Tá an Scéim €500 milliún ar an gcéad cheann dá cineál riamh d’Éirinn agus do Ghrúpa BEI araon agus imreoidh sé ról ríthábhachtach i gcabhrú le húinéirí tí infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh, ar dá bharr a bheidh a dtithe níos teo, níos sláintiúla agus níos saoire le reáchtáil.

Tá an Scéim seo de chuid Rialtas na hÉireann á soláthar ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI) thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus Grúpa BEI ag tacú léi.

Is é PTSB an chéad fhoras airgeadais riamh a thairgfidh iasachtaí d’úinéirí tí faoin Scéim, agus na rátaí ag tosú ag 3.55%. Tá Banc AIB, Banc na hÉireann, Avant Money agus seacht gcomhar creidmheasa ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa (Cluain Meala, Connect, First South, Lios Tuathail, Naomh Breandan, an Lár Tíre Thuaidh agus Progressive) ag tabhairt an phróisis ceadaithe agus na gceanglas dlíthiúil chun an Scéim a sholáthar chun críche agus táthar ag súil leis go dtosóidh siad ag tairiscint iasachtaí sna seachtainí beaga atá romhainn.

Ós rud é go mbeidh níos mó iasachtóirí agus iomaíocht mhéadaithe ann sa mhargadh, táthar ag súil leis go mbeidh na rátaí rí-iomaíoch, agus tuilleadh roghanna agus tuilleadh luacha á dtairiscint do thomhaltóirí. Beidh na rátaí i bhfad níos ísle ná iad sin atá ar fáil ar an margadh faoi láthair mar thoradh ar an ráthaíocht iasachta ó Ghrúpa BEI agus mar thoradh ar fhóirdheontas ráta úis atá á chistiú ag an rialtas. Leis na hiasachtaí, cabhrófar leis na dúshláin airgeadais a mbíonn mórán úinéirí tí ag déileáil leo a laghdú, agus uasghráduithe fuinnimh tí á ndéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne.

I láthair na huaire, tá an chuid is mó de na rátaí úis le haghaidh iasachtaí feabhsúcháin ghlais tí cothrom le ráta idir 6% agus 7%, agus na rátaí le haghaidh iasachtaí pearsanta eile chomh hard le 14%. Mar bhónas breise, d’fhéadfadh teaghlaigh cáiliú freisin le haghaidh morgáiste glas a bhfuil costas níos ísle ag baint leis sa todhchaí tar éis dóibh a n-iasacht ísealchostais a úsáid chun a RFF (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh) a thabhairt suas leis an leibhéal riachtanach.

Is féidir le húinéirí tí ar mian leo iarfheistiú domhain lena mbaineann roinnt uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh ag an aon am amháin a ghabháil de láimh nó tabhairt faoi dhornán uasghráduithe ar dá mbarr a fheabhsófar feidhmíocht fuinnimh an tí leas a bhaint as an scéim. Chun leas a bhaint as na hiasachtaí ísealchostais, ní mór deontas ó SEAI a bheith mar thaca leis na tionscadail uasghrádaithe sin agus ní mór é a bheith réamh-mheasta go bhfeabhsófar feidhmíocht fuinnimh (RFF) an fhoirgnimh faoi 20% ar a laghad dá mbarr.

Déanfaidh úinéirí tí iarratas ar na hiasachtaí trí na soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha. Ní bheidh aon cheanglas ann go ndéanfaí an iasacht a urrú i gcoinne na réadmhaoine atá á huasghrádú (rud atá amhlaidh i gcás morgáiste). A luaithe atá siad ceadaithe, féadfar na hiasachtaí a tharraingt sula dtosófar na hoibreacha. Leis sin, tugtar cinnteacht d’úinéirí tí go mbeidh na cistí acu le haghaidh na n-uasghráduithe fuinnimh atá beartaithe agus le haghaidh aon chostas tosaigh nó íocaíochtaí garsprice. Is minic a luann úinéirí tí gur príomhbhacainn é sin ar a dteach a uasghrádú.

Féadfaidh na daoine atá sa bhaol is mó bochtaineacht fuinnimh a fhulaingt leas a bhaint fós as uasghráduithe fuinnimh lánchistithe faoin Scéim um Thithe Níos Teo. Mar thoradh ar an bhfáil ar iasachtaí ísealchostais, beidh sé níos fusa do na daoine sin atá os cionn na tairsí incháilitheachta a dteach a uasghrádú.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Ryan:

"Tá an Scéim nuálach seo ina léiriú ar an dóigh a bhfuil an rialtas, forais airgeadais agus an earnáil iarfheistithe ag obair le chéile chun gníomhú ar son na haeráide a sholáthar ar bhealach a dtéann chun tairbhe do dhaoine agus don phláinéad.

"Dhearamar na hiasachtaí agus aird á tabhairt ar riachtanais na n-úinéirí tí. Beifear in ann iad a rochtain ar bhealach simplí tapa, agus béim á cur ar an ualach oibre atá ar úinéirí tí a laghdú agus iad ag iarraidh iasachtaí agus deontais a rochtain. Táimid ag súil leis freisin go mbeidh rátaí iasachta níos iomaíche ós rud é go mbeidh níos mó iomaíochta ann sa mhargadh, tuilleadh roghanna agus tuilleadh luacha á soláthar do dhaoine.

"Tacaíodh le breis agus 48,000 uasghrádú fuinnimh tí trí scéimeanna SEAI anuraidh – is ionann é sin agus méadú ollmhór 76% i gcomparáid leis an mbliain 2022 agus tá sé 30% níos mó ná an sprioc. Leis na hiasachtaí ísealchostais nua, cabhrófar linn dul níos faide fós agus muid ag soláthar iarfheistithe i mbliana agus sna blianta atá romhainn."

D’fháiltigh an tAire McGrath roimh an scéim. Dúirt sé:

"Fáiltím go mór roimh an scéim iasachta nua nuálach seo atá á soláthar ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, agus líon suntasach foras airgeadais á dtarraingt le chéile. Is dea-rud é go háirithe go bhfuil an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (BEI/CEI) ag tacú leis an scéim seo, an chéad uair riamh atá BEI/CEI ag tacú le scéim den chineál seo. Tá sé de shainordú ar BEI agus CEI araon maoiniú fadtéarmach a chur ar fáil chun tacú le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh.

"Tá ríméad orm go mbeidh úinéirí tí agus tiarnaí talún beaga in ann leas a bhaint as iasachtaí ag rátaí an-tarraingteach chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh a dtí. Tá dhá thairbhe ag baint leis sin sa dóigh is go gcabhróidh sé le teaghlaigh a mbillí fuinnimh a laghdú agus go laghdóidh sé ár n-astaíochtaí CO2, rud a rannchuideoidh go mór le spriocanna aeráide na hÉireann a chomhlíonadh. Tá an tairiscint níos tarraingtí fós toisc gur féidir iasacht ísealchostais a chomhcheangal le deontais SEAI.

"Fáiltím le rannpháirtíocht PTSB mar an gcéad iasachtóir ar aghaidh sa mhargadh, agus tuilleadh le teacht sna seachtainí beaga atá romhainn. Molaim d’aon daoine a bhfuil spéis acu i leas a bhaint as an scéim teagmháil a dhéanamh le PTSB agus le soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha eile, agus creidim go mbeidh dea-éifeacht shuntasach ag an tionscnamh seo sna blianta atá romhainn."

Dúirt an tAire Richmond:

"Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil PTSB ag seoladh na Scéime Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí don mhargadh inniu. Is í an Scéim seo an chéad scéim dá cineál riamh, agus déanfaidh sí fíordhifear d’úinéirí tí ar fud na tíre maidir le tacú leo éifeachtúlacht fuinnimh a réadmhaoine a fheabhsú, rud a laghdóidh a mbillí fuinnimh dá réir. Tá áthas orm go háirithe go mbeidh comhair chreidmheasa ag teacht isteach sa Scéim ar ball beag, rud a chabhróidh le níos mó daoine na hiasachtaí inacmhainne seo a rochtain ina bpobal féin, agus mholfainn d’aon daoine a bhfuil spéis acu ina dteach a iarfheistiú leas a bhaint as an Scéim seo."

Dúirt Kevin McKeon, Ceann ionadaíocht Ghrúpa BEI in Éirinn:

"Tá áthas ar Ghrúpa BEI tacú leis an scéim ráthaíochta iasachta cheannródaíoch €500 milliún seo in Éirinn chun úinéirí tí a chumhachtú chun a mbillí fuinnimh a laghdú, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, agus gníomhú ar son na haeráide a bhrú chun cinn. Leis an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, soláthraítear tacaíocht airgeadais trí bhainc agus comhair chreidmheasa ar fud na tíre agus tugtar d’úinéirí tí na huirlisí a theastaíonn uathu chun difear a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, agus cumhacht á tabhairt do dhaoine aonair. Is é atá sa tionscnamh aislingeach seo ná fasach lena gcumasaítear gníomhú ar son na haeráide in Éirinn agus réitíonn sé an bealach do thíortha Eorpacha eile aithris a dhéanamh ar Éirinn sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide."

Dúirt June Butler, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann:

"Fáiltímid roimh sheoladh seo na Scéime Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhearna shoiléir sa mhargadh d’úinéirí tí ar mian leo éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a uasghrádú. Tá an iasacht neamhurraithe ísealchostais 10 mbliana seo ar fáil ar lascaine shuntasach i gcomparáid le rátaí iasachta pearsanta reatha. Leis an iasacht seo, tacófar le húinéirí tí ar mian leo uasghráduithe fiúntacha fuinnimh a dhéanamh ar a dteach trí chostas mhaoiniú na hinfheistíochta sin a laghdú. Tá sí ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar an aiseolas ón margadh go bhfuil an easpa fála ar tháirge den sórt sin ina bacainn ar roinnt úinéirí tí agus iad ag iarraidh iarfheistithe doimhne fuinnimh a dhéanamh ina dteach."

Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:

"Tá ríméad ar SEAI tacú le seoladh na Scéime Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí de chuid SBCI. Mar thoradh ar mhaoiniú íseal-úis a bheith ar fáil, beidh sé níos fusa agus níos saoire d’úinéirí tí compord a dtí a mhéadú agus a mbillí fuinnimh a laghdú. Is eol dúinn gur féidir leis na costais tosaigh atá i gceist le hinfheistiú in uasghráduithe fuinnimh tí cur ó dhaoine ar mian leo éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a fheabhsú. Oibreoidh an scéim iasachta nua seo ó SBCI i gcomhar le cláir deontais fuinnimh tí SEAI, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa d’úinéirí tí a n-aistear iarfheistithe a thosú agus aistriú amach ó bhreoslaí iontaise."

Dúirt Patrick Farrell, Stiúrthóir Baincéireachta Miondíola PTSB:

"Tá ríméad ar PTSB dul i mbun comhpháirtíochta le SBCI chun iasachtaí ísealchostais a thairiscint do chustaiméirí chun iad a chumasú éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a uasghrádú. Leis an gcomhpháirtíocht seo, cumasaítear sinn cistiú iomaíoch a sholáthar chun tacú le custaiméirí agus chun cabhrú le méid an iarfheistithe tí ar fud na tíre a mhéadú. Léirítear sa taighde a rinneamar ar thomhaltóirí le déanaí nach bhfuil ach duine amháin as gach cúigear (20%) sásta lena dteach a iarfheistiú ar a gcostas féin ach mhéadódh an figiúr faoi níos mó ná faoi thrí go 65% dá gcuirfí cúnamh ar fáil. Mar sin de, measaimid go bhfáilteoidh tomhaltóirí roimh an tacaíocht seo. De bhreis air sin, imríonn an scéim ról tábhachtach mar chuid de straitéis inbhuanaitheachta PTSB agus cabhraíonn sí leis na spriocanna iarfheistithe tí faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ón rialtas a chomhlíonadh."

Tá tuilleadh mionsonraí faoi na critéir incháilitheachta agus faoi ghnéithe oibríochtúla eile den Scéim ar fáil ar shuíomhanna gréasáin SBCI agus SEAI.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Príomhghnéithe den Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí

  • Féadfaidh úinéirí tí (lena n-áirítear tiarnaí talún beaga neamhchorparáideacha) méid idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse suas le deich mbliana
  • Tá na hiasachtaí neamhurraithe, is é sin le rá nach dtógtar aon mhuirear ar an réadmhaoin, rud atá amhlaidh i gcás morgáiste
  • Ní mór an iasacht a úsáid chun oibreacha uasghrádaithe fuinnimh tí a dhéanamh
  • Ní mór an réadmhaoin chónaithe atá á huasghrádú a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann
  • Ní mór na hoibreacha uasghrádaithe fuinnimh tí cáiliú le haghaidh deontas fuinnimh tí ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus ní mór é a bheith réamh-mheasta go bhfeabhsófar feidhmíocht fuinnimh (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh – "RFF") na réadmhaoine faoi 20% dá mbarr
  • Ní mór na hoibreacha a bheith á ndéanamh ag Ionad Ilfhreastail, Comhpháirtí Fuinnimh nó Comhordaitheoir Tionscadail Pobal atá cláraithe le SEAI. Tairgeann na conraitheoirí cláraithe sin de chuid SEAI na seirbhísí uile a theastaíonn le haghaidh uasghrádú fuinnimh tí iomlán d’úinéirí tí agus is féidir leo a chur in iúl cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hoibreacha beartaithe na ceanglais le haghaidh na scéime iasachta agus eolas a thabhairt maidir leis na deontais a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó SEAI
  • Féadfar suas le 25% den mhéid a fhaightear ar iasacht a chaitheamh ar oibreacha nach mbaineann le héifeachtúlacht fuinnimh, mar shampla oibreacha feabhsaithe tí eile a dhéantar i gcomhthráth le hoibreacha uasghrádaithe fuinnimh (cé is moite d’aon chineál suiteála coirí breosla iontaise)
  • Beidh iasachtaí ar fáil lena dtarraingt anuas suas go dtí an 31 Nollaig 2026 nó go dtí go mbeidh an scéim lán-suibscríofa (cibé acu is túisce)
  • Beidh na hiasachtaí faoi réir ghnáthchritéir iasachtaithe agus gnáth-théarmaí agus coinníollacha iasachtaithe na soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha

Tá tuilleadh mionsonraí faoin Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta iomlána, ar fáil ar shuíomhanna gréasáin SBCI agus SEAI.

Maidir le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI)

Bhunaigh an Roinn Airgeadais Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI) i mí Mheán Fómhair 2014 chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn ar roghanna cistiúcháin a bheadh cobhsaí, fadtéarmach agus ar chostas níos ísle. Trí thacaíocht agus cabhair a thabhairt chun margadh éifeachtach creidmheasa a fhorbairt le haghaidh maoiniú fiontar beag agus meánmhéide, cinntíonn SBCI go bhfuil sé níos fusa d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide rochtain a fháil ar an maoiniú a theastaíonn uathu chun dul faoi bhláth agus gníomhaíocht gheilleagrach a thógáil in Éirinn.

Maidir le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) údarás fuinnimh náisiúnta na hÉireann a infheistíonn i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus a sholáthraíonn réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Oibríonn SEAI i gcomhar leis an rialtas, le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail chun é sin a bhaint amach trí shaineolas, trí chistiú, trí chláir oideachais, trí chomhairle beartais, trí thaighde, agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt.

Maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus leis an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI)

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) foras iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé faoi úinéireacht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil le haghaidh infheistíocht fhónta chun rannchuidiú le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh. Is cuid de Ghrúpa BEI é an Ciste Eorpach Infheistíochta.