English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan ciste nua €24 mhilliún chun tacú arís eile leis an Aistriú Cóir i réigiún an Láir Tíre

  • Tá cistiú ar fiú suas le €1 mhilliún é ar fáil do thionscadail áitiúla, agus suas le €5 mhilliún ar tairiscint do thionscadail shuaitheanta réigiúnacha straitéiseacha

Inniu, d’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, go gcuirfí €24 mhilliún eile ar fáil do réigiún an Láir Tíre faoi chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn, chun cistiú spriocdhírithe a sholáthar do thionscadail lena n-infheistítear i bpobail áitiúla a fhorbairt, lena gcruthaítear fostaíocht, agus lena gcabhraítear leis an ngeilleagar áitiúil a éagsúlú.

Agus é á sholáthar faoi Scéim Tacaíochta nua um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha, is féidir leis an gcistiú seo dlús a chur leis an aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin trí bhorradh a chur faoi phobail agus faoi chreatlach eacnamaíoch an Láir Tíre i gcoitinne.

Tá cistiú ar fiú suas le €1 mhilliún é ar fáil do thionscadail chun ‘Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail’ a chur chun feidhme laistigh de chríoch an Aistrithe Chóir. Ar an leibhéal réigiúnach, tá suas le €5 mhilliún ar fáil chun tacú le tionscadail shuaitheanta straitéiseacha atá ailínithe le ‘Pleananna Fiontraíochta Réigiúnacha’ sa chríoch. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, leathnú a dhéanamh ar chláir oideachais, oiliúna nó scileanna nó ar infheistíochtaí sa bhonneagar oidhreachta ar fud an réigiúin.

Ag labhairt dó faoi sheoladh na Scéime nua, dúirt an tAire Ryan:

"Fáiltím roimh sheoladh na Scéime Tacaíochta nua seo um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha, mar chuid de Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn.

"Tá sé mar aidhm leis an gcistiú spriocdhírithe tacú le geilleagair áitiúla ionas gur féidir leo bláthú agus éagsúlú agus, ar an tslí sin, deiseanna nua fostaíochta a chruthú agus dlús a chur leis an aistriú i dtreo forbairt níos inbhuanaithe. Is é atá i gceist leis seo infheistiú i bpobail agus sa réigiún ina iomláine ón mbun aníos, agus an cistiú á úsáid mar shíolchaipiteal don fhiontraíocht agus don chruthaitheacht atá ann i ngach baile agus sráidbhaile ach óna dteastaíonn tacaíocht spriocdhírithe go minic chun gur féidir leo bláthú. Tugann sé seo deis thábhachtach dár gcuid comhpháirtithe sna hocht nÚdarás Áitiúla agus do gheallsealbhóirí áitiúla eile freisin rannchuidiú le forbairt leanúnach réigiún an Láir Tíre."

Tá an Scéim seo á comhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Leis an gclár sin, tacaítear le tionscadail i gCríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, a chuimsíonn Contae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).

Sa chéad ghlao seo, beidh cistiú ar fiú suas le €15 mhilliún é ar fáil, trí Pobal, do thionscadail atá ailínithe leis na hocht bPlean Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail sa Chríoch. Beidh €9 milliún eile ar fáil do thionscadail shuaitheanta straitéiseacha atá ailínithe leis na Pleananna ábhartha Fiontraíochta Réigiúnacha.

Dúirt an Comhairleoir Kate Feeney, Cathaoirleach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:

"Gabhann deis an-chorraitheach le seoladh na Scéime Tacaíochta nua seo um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Leis an Scéim cheannródaíoch seo, cuirfear borradh a bhfuil géarghá leis faoi straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnaí i mór-réigiún an Láir Tíre. Is ciste áitiúil do dhaoine áitiúla é seo, lena gcumasófar do phobail sa Lár Tíre i gcoitinne a smaointe áitiúla tionscadail a shaothrú chun cur leis an réigiún mar áit iontach chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air."

Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:

"Cloch mhíle thábhachtach don Tionól Réigiúnach agus do na hÚdaráis Áitiúla i gCríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir is ea seoladh na Scéime Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha. Tháinig an glao seo as comhoibriú dlúth tairbheach idir Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, mar Údarás Bainistíochta ar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, mar Bhallstát, agus Pobal, mar Chomhlacht Idirmheánach, chun ciste áitiúil nua a chruthú do dhaoine áitiúla agus chun an chuid is fearr a bhaint as deiseanna an aistrithe aeráide an tráth céanna. A bhuí leis an scéim seo, soláthrófar acmhainní chun gur féidir smaointe a cumadh go háitiúil a shaothrú."

Dúirt Anna Shakespeare, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Pobal:

"Tá lúcháir ar Pobal obair i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre ar an scéim chorraitheach uaillmhianach nua seo. Is tionscnamh an-tráthúil an-tábhachtach í an Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir maidir le tacú le pobail agus oibrithe a bhí an-spleách roimhe seo ar tháirgeadh móna i mór-réigiún an Láir Tíre.

"Leis an Scéim seo, tacófar le forbairt gheilleagrach, forbairt shóisialta agus forbairt pobail áitiúil i limistéir ábhartha Údaráis Áitiúil trí straitéisí forbartha a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta an aistrithe chuig limistéir ísealcharbóin agus chuig limistéir fostaíochta earnála glaise. I bhfianaise spriocanna na hÉireann faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, aithníonn Pobal an luach a bhaineann leis an gciste seo agus tá bród orainn tacú leis. Táimid ag tnúth le hobair i gcomhar le gach eagraíocht geallsealbhóirí sa réigiún chun an Scéim seo a reáchtáil go rathúil."

Is féidir raon leathan tionscadal atá sainithe go háitiúil a sholáthar faoin nglao seo, ar choinníoll go mbeidh siad ailínithe le cuspóirí Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, na bPleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail agus na bPleananna Fiontraíochta Réigiúnacha, is iad sin:

  • infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar lena rannchuidítear, ar an leibhéal áitiúil, le feabhas a chur ar an timpeallacht gnó agus an timpeallacht tomhaltóirí
  • cláir oideachais, oiliúna nó scileanna atá ann cheana a leathnú, nó cláir nua oideachais, oiliúna agus scileanna a chur chun feidhme, sna hinstitiúidí ábhartha oideachais laistigh den réigiún
  • infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar oidhreachta sa réigiún chun feabhas a chur ar láithreáin oidhreachta tógtha nó nádúrtha atá ann cheana nó chun láithreáin úsáide tionsclaíche a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile agus
  • oideachas, scileanna agus oiliúint agus an bonneagar gaolmhar cúraim shóisialta a sholáthar, chun tacú le rannpháirtíocht san oiliúint scileanna agus san fhostaíocht

Tá an Scéim seo á riar ag Pobal thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.

Tá tuilleadh faisnéise faoi conas iarratas a dhéanamh ar chistiú ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Críoch incháilithe

Tá clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn spriocdhírithe ar mhór-réigiún an Láir Tíre, de réir mar a aistríonn sé ar shiúl ó bhaint móna le haghaidh úsáid fuinnimh. Tá críoch ainmnithe Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn sainithe mar Chontae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).

Eagraíochtaí incháilithe faoi ‘ghlao 1’ den Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha

Áirítear iad seo a leanas leis na heagraíochtaí atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin nglao seo den Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha:

  • Údaráis Áitiúla laistigh de Chríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
  • Cuideachtaí Forbartha Áitiúla
  • Boird Oideachais agus Oiliúna
  • Institiúidí Oideachais
  • Comhlachtaí poiblí eile
  • Eagraíochtaí pobail agus deonacha
  • Fiontair shóisialta
  • Carthanais
  • Eagraíochtaí neamhbhrabúis

An dara glao

Tá sé beartaithe go gcuirfear €5 mhilliún eile ar fáil sa dara glao faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha. Díreofar sa ghlao sin ar thionscadail ar scála níos lú a bhfuil díriú pobail acu. Táthar ag súil leis go bhfoilseofar tuilleadh faisnéise faoi conas iarratas a dhéanamh faoin dara glao sin roimh dheireadh na bliana 2023.

Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

Agus é á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach, is é an cuspóir atá le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, cúnamh a thabhairt do na críocha sin a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach an difear is mó dóibh. Is í an chríoch sin in Éirinn ná mór-réigiún an Láir Tíre, ar imir an t-aistriú ar shiúl ó tháirgeadh móna agus ó ghiniúint leictreachais ó mhóin tionchair dhíreacha air. Chun aistriú cóir a éascú i dtreo geilleagar ísealcharbóin sa Lár Tíre, bhunaigh an tAontas Eorpach agus Rialtas na hÉireann Clár Ciste um Aistriú Cóir dar luach €169 milliún don tréimhse 2023-2026.

Trí dheiseanna a sholáthar don fhostaíocht sa Chríoch, is féidir le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cabhrú le háit atá cuimsitheach, tarraingteach, sláintiúil agus inbhuanaithe chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air a chruthú.

Is iad seo a leanas na tosaíochtaí cláir atá ag Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir:

1. Fostaíocht a ghiniúint le haghaidh iarphobail mhóna trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú

2. Tacú le tailte móna agus talamh ghaolmhar a athghiniúint agus a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile

3. Roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a thabhairt d’iarphobail mhóna chun cur ar a gcumas tairbhe dhíreach a bhaint as an aistriú glas

Is é Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an tÚdarás Bainistíochta do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn. Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear doiciméid an chláir agus naisc chuig faisnéis faoi ghlaonna cistiúcháin atá ar oscailt agus faoi ghlaonna cistiúcháin amach anseo, ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.

Cistiú eile atá ar fáil faoi láthair faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

An Scéim Cúnaimh Deontais Infheistíochta d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide Phríobháideacha agus Phobail faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

Leithdháileadh €17 milliún ar an Scéim Cúnaimh Deontais Infheistíochta d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide Phríobháideacha agus Phobail faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, rud ar cuid de Scéim fhoriomlán Fháilte Éireann um Thurasóireacht agus Comhfhorbairt Áite Athghiniúnach 2023-2026 é. Is é an cuspóir atá léi cúnamh deontais a sholáthar do mhicrifhiontair phobalbhunaithe agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide phobalbhunaithe chun cabhrú leo feabhas a chur ar cháilíocht an eispéiris do chuairteoirí, ar mhaithe le tuilleadh cuairteoirí a mhealladh agus a n-aga stoptha a mhéadú agus fanachtaí thar oíche a áirithiú sa réigiún toisc go bhfuil muinín ag cuairteoirí go bhfuil cuid mhór le feiceáil agus le déanamh ann. Tá tuilleadh mionsonraí faoin scéim seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.

An Scéim um Thionscnaimh Thaispeána Bithgheilleagair faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

Agus buiséad €10 milliún ar fáil do dhá thionscadal ar leith, tá tograí á lorg chun tacú leis an earnáil bhithbhunaithe a bheith aeráidneodrach agus inbhuanaithe agus ciorclaíocht mhéadaithe a bheith aici, agus í fós iomaíoch ar an margadh domhanda. Is é an 13 Deireadh Fómhair 2023 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais. Tá tuilleadh mionsonraí faoin scéim seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.