English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan comhairliúchán ar an ‘gCreat Todhchaíoch’ um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta

  • Leagtar amach sa Chreat Todhchaíoch conas a bhainfidh Éire amach an sprioc go soláthrófaí 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2050

Inniu, d’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, roimh oscailt an chomhairliúcháin ar Ráiteas Beartais an Chreata Thodhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta. Is é an Creat Todhchaíoch an tsamhail agus an fhís fhadtéarmach sin d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Leagtar amach ann an chonair a leanfaidh Éire chun 20 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2040 agus chun 37 GW ar a laghad san iomlán a sholáthar faoin mbliain 2050.

Rud tábhachtach, féachtar níos faide sa chreat seo ná na spriocanna don bhliain 2030 chun 5 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 2 GW a chuirtear i leataobh le haghaidh hidrigin ghlas a tháirgeadh a sholáthar. Meastar fuinneamh gaoithe in-athnuaite a bheith ina chuid lárnach de phleananna dícharbónaithe agus eacnamaíocha na hÉireann agus na hEorpa agus d’fhéadfadh sé a bheith ar an bhfoinse leictreachais intíre is mó ar féidir léi teacht in ionad breoslaí iontaise allmhairithe so-ghalaithe.

Áirítear leis an gCreat Todhchaíoch 21 phríomhghníomh chun cur chuige fadtéarmach pleantreoraithe na hÉireann i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Is é aidhm an chomhairliúcháin spriocdhírithe seo ná aird geallsealbhóirí a mhealladh agus aiseolas luachmhar a bhailiú lena ndéanfar eolas don leagan deiridh den Chreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta agus lena múnlófar é.

Tá an ráiteas beartais sin bunaithe ar anailís ar dheiseanna eacnamaíocha chun infheistíocht a spreagadh agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar thoradh airgeadais agus eacnamaíoch an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don Stát agus do phobail áitiúla. Iniúchtar ann freisin an fhéidearthacht a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a onnmhairiú trí idirnascadh méadaithe, agus déantar anailís ann ar na deiseanna a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a úsáid le haghaidh táirgí agus seirbhísí fuinnimh mhalartaigh is féidir a chur isteach i margaí idirnáisiúnta. Áirítear leis sin hidrigin in-athnuaite agus ceimiceáin amhail amóinia nó meatánól, ar féidir iad a úsáid sa tionscal eitlíochta agus sa tionscal muirí in ionad breoslaí atá dian ar charbón.

Ag fáiltiú dó roimh an gcomhairliúchán, dúirt an tAire Ryan:

"Ghabh Éire uirthi féin astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2050. Chun an méid sin a dhéanamh, beidh sé riachtanach na foinsí dúchasacha fuinnimh in-athnuaite a uas-scálú go mór, an t-éileamh intíre a leictriú ó bhonn, idirnascadh leictreachais a mhéadú, agus tionscal inmharthana hidrigine in-athnuaite a chruthú.

"Bliain chinniúnach don fhuinneamh amach ón gcósta in Éirinn a bhí sa bhliain seo caite, ar lena linn a fuarthas breis agus 3 GW de thoilleadh ónár gcéad cheant le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Soláthrófar an toilleadh sin faoin mbliain 2030. Leagadh béim sna torthaí sin ar uaillmhianta an Stáit san earnáil fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Méadaítear an uaillmhian sin tuilleadh leis an gCreat Todhchaíoch agus leagtar amach ann conas is féidir le hÉirinn earnáil shuaitheanta fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chruthú chun ár spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach tar éis na bliana 2030, agus slándáil agus rathúnas an Stáit á neartú ag an am céanna.

"Soláthrófar an Creat Todhchaíoch trí chomhoibriú idir an Stát, an lucht tionsclaíochta agus pobail áitiúla agus molaim go mór do na geallsealbhóirí uile a n-aiseolas luachmhar a thabhairt dúinn agus páirt a imirt inár dtodhchaí fuinnimh a mhúnlú."

Ceadóidh an rialtas leagan deiridh den Chreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta agus foilseofar é i gcomhthráth leis an Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta ón Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta san earrach.

Féach suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun faisnéis a fháil faoi conas is féidir leat aighneacht a dhéanamh chuig an gcomhairliúchán.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Foilsíonn AFRY Management Consulting agus BVG Associates Anailís Eacnamaíoch ar an Margadh Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta agus ar an Acmhainneacht Onnmhairiúcháin

Chun gabháil leis an gcomhairliúchán ar Ráiteas Beartais an Chreata Thodhchaíoch, foilsíodh inniu freisin anailís margaidh eacnamaíoch ar inmharthanacht na spriocanna um fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus ar dheiseanna féideartha onnmhairiúcháin. Chuir AFRY Management Consulting agus BVG Associates na tuarascálacha le chéile agus dírítear iontu ar chúig réimse: anailís mhargaidh; idirnasc; hidrigin in-athnuaite; inmharthanacht onnmhairiúcháin; agus toradh don tsochaí. Féach suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun amharc ar na tuarascálacha.

Foilsítear tuarascálacha Measúnachta Straitéisí Timpeallachta/Measúnachta Cuí le haghaidh Ráiteas Beartais an Chreata Thodhchaíoch

Foilsíodh inniu freisin tuarascálacha Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus Measúnachta Cuí Ráiteas Beartais an Chreata Thodhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, ar sheol Mace Consultancy Ltd iad. Féach suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun amharc ar na tuarascálacha.

Na huaillmhianta gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann

Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. I lár na bliana 2021, sheol an rialtas an Item was unpublished or removed Is é sin an chéad chreat cuimsitheach de chuid na hÉireann riamh le haghaidh pleanáil spáis mhuirí. Achtaíodh an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, i mí na Nollag 2021. Bunaíodh leis córas nua ceadúnúcháin agus bainistíochta forbartha sa limistéar muirí atá le riar ag gníomhaireacht nua darb ainm an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, ag obair di i gcomhar leis an mBord Pleanála, atá ag cabhrú le fuinneamh amach ón gcósta a fhorbairt.

Sa bhliain 2022, bunaíodh an córas Toilithe Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Ag teacht sna sála ar phróiseas cuimsitheach measúnachta, rinne an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Toilithe Limistéir Mhuirí a eisiúint chuig seacht dtionscadal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta i mí na Nollag 2021. Mar thoradh air sin, bhí na tionscadail sin in ann idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBord Pleanála roimh iarratas pleanála a chur isteach. Bhí siad in ann freisin páirt a ghlacadh sa chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta.

I mí na Bealtaine 2023, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona faoin mbliain 2030.

Tá Éire tar éis bogadh chuig cur chuige pleantreoraithe chun ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a chomhlíonadh. Tá ár n-uaillmhianta aeráide agus fuinnimh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta á gcomhlíonadh ag an rialtas trí roinnt céimeanna forluiteacha:

  • Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear don chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
  • Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach, agus
  • An Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán

Sceideal le haghaidh ceantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030 agus ina diaidh

I mí na Samhna 2023, mar chuid de sheoladh comhordaithe i gcomhar leis na balltíortha de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (an Comhar Fuinnimh), d’fhoilsigh Éire sceideal de cheantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030, ar faoina mbun atá breis agus 13 GW de thoilleadh le himscaradh faoin mbliain 2040. Tá an toilleadh sin i dteannta na 3 GW a dámhadh in ORESS 1, an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta riamh de chuid na hÉireann. Ní bhaineann sé ach leis na himchuacha muirí laistigh de limistéar an Chomhair Fuinnimh (Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach).

Is cothrom le 20 GW go fóill atá an sprioc fhoriomlán fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá ag Éirinn don bhliain 2040 (lena n-áirítear Imchuach an Atlantaigh). Tá sé beartaithe ag Éirinn an sprioc sin a bhaint amach trí phróisis iomaíocha sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2030, agus an tógáil ghaolmhar ag tarlú suas go dtí an bhliain 2040.

Treochlár táscach Rialtas na hÉireann don chéad cheant eile de chuid an Stáit le haghaidh

fuinneamh gaoithe amach ón gcósta

I gcomhthráth le foilsiú amchlár ceantanna an Chomhair Fuinnimh i mí na Samhna 2023, d’fhoilsigh an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar ‘treochlár táscach’ ina dtugtar breac-chuntas ar amchlár i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, eadhon ORESS 2.1. Cuirfear ORESS 2.1 ar siúl amach ó chósta theas na hÉireann chun go mbeidh sé ag teacht leis an toilleadh eangaí atá ar fáil ar talamh agus soláthrófar leis suas go dtí 900 MW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Sa treochlár sin, leagtar amach roinnt céimeanna i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Tá na céimeanna sin bunaithe ar roinnt cásanna difriúla. Is féidir amharc ar thuilleadh faisnéise faoi threochláir ORESS 2.1 ag gov.ie/OffshoreEnergyORESS.

An Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Ghaoth Amach ón gCósta

Ceadaíodh forbairt a dhéanamh ar Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta le cinneadh ón rialtas i mí na Bealtaine 2023. Is é a bheidh i gcuspóir uileghabhálach na straitéise ná a chinntiú go n-uasmhéadóidh Éire na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le spriocanna an Rialtais chun 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Foilseofar treochlár straitéiseach i gcéad leath na bliana 2024, i gcomhthráth le foilsiú an Chreata Thodhchaíoch.

Díreofar ar na nithe seo a leanas sa chéad treochlár straitéiseach:

  • Slabhraí soláthair: Bearta a shainaithint chun rannpháirtíocht na hÉireann i slabhraí soláthair intíre agus idirnáisiúnta um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a uasmhéadú, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus ar dheiseanna
  • Taighde, Forbairt agus Infheistíocht: Na príomhdheiseanna d’Éirinn a leagan amach maidir le leas a bhaint as a hacmhainneacht shainiúil nuálaíochta mar gheilleagar oscailte beag a bhfuil traidisiún an-láidir taighde, forbartha agus nuálaíochta aige. Is í an uaillmhian ná éiceachóras um thaighde, forbairt agus nuálaíocht in Éirinn a fhorbairt chun an comhoibriú idir fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuideachtaí ilnáisiúnta agus institiúidí breisoideachais agus ardoideachais a chur chun cinn

An Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar

Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cathaoirleacht ar an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar, atá ag déanamh comhordú ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Áirítear leis sin sruth oibre atá tiomnaithe do riachtanais scileanna agus fórsa saothair, ar sruth oibre é atá faoi chomhúinéireacht ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Áirítear leis an sruth oibre sin dlúthchaidreamh a dhéanamh leis an tionscal trí Fhuinneamh Gaoithe Éireann agus trí Green Tech Skillnet. Is é príomhsprioc an tsrutha oibre tacú le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt trí phíblíne inbhuanaithe fórsa saothair agus scileanna a bhunú. I mBuiséad 2024, d’áirithigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta €200,000 le haghaidh scileanna a fhorbairt dár n-acmhainn fuinnimh gaoithe amach ón gcósta.

Áirítear leis an tascfhórsa freisin sruth oibre tiomnaithe ar an mbeartas um iompar muirí agus calafoirt tráchtála, agus rannpháirtithe ón Roinn Iompair ar áireamh ann. Tá an sruth oibre sin dírithe ar fhorbairt bonneagair fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a éascú chun an úsáid a bhaintear as cúig chalafort Stáit tráchtála Éireannacha a uasmhéadú: Baile Átha Cliath; Port Láirge; Eorafort Ros Láir; Port Chorcaí; agus Cuideachta Poirt na Sionainne agus Fhainge.

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Cheadaigh an rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 i mí na Nollag 2023, faoi réir comhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Osclófar an comhairliúchán poiblí ar ball.

Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad.

Is féidir leat amharc ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Cliceáil anseo chun síntiús a ghlacadh leis an nuachtlitir ‘Climate Action’ ó Rialtas na hÉireann.