English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan comhairliúchán ar Dhréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann

  • Leis an dréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, tugtar spriocanna agus tionscnaimh fuinnimh agus aeráide na hÉireann faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh le chéile ina gcreat amháin

Inniu (Déardaoin an 8 Feabhra), sheol Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, comhairliúchán poiblí ar dhréacht nuashonraithe de Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann.

Forbraíonn gach Ballstát den Aontas Eorpach (AE), Éire ina measc, Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide chun breac-chuntas a thabhairt ar an dul chun cinn ar a gcuspóirí agus a spriocanna aeráide agus fuinnimh faoi reachtaíocht AE a chomhlíonadh.

Sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, lena gcumhdaítear an tréimhse ón mbliain 2021 go dtí an bhliain 2030, dírítear ar na gníomhartha atá ar bun ag Éirinn chun a spriocanna AE don bhliain 2030 a chomhlíonadh i ndáil le laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa, le fuinneamh in-athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh agus le hidirnasc leictreachais, mar a shainordaítear le Rialacháin agus Treoracha AE. Is é aidhm an chomhairliúcháin seo ná aird geallsealbhóirí a mhealladh agus aiseolas luachmhar a bhailiú lena ndéanfar eolas don leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus lena múnlófar é.

Ag labhairt dó faoi oscailt an chomhairliúcháin, dúirt an tAire Ryan:

"Is gá caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí chun go n-éireoidh leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus le pleananna gníomhaithe ar son na haeráide. Cé go bhfuil réamh-mheastacháin an Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide bunaithe ar bheartais a cuireadh chun feidhme sa bhliain 2021, i gcomhréir le Treoirlínte AE, glacaim leis nach bhfuil an Plean chomh huaillmhianach leis an bplean gníomhaithe ar son na haeráide a d’fhoilsíomar le déanaí don bhliain 2024. Dá bhrí sin, molaim do gach geallsealbhóir a bheith uaillmhianach agus a n-aiseolas luachmhar a chomhroinnt linn chun cabhrú le freagairt láidir a mhúnlú dár spriocanna AE i ndáil le laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa, le fuinneamh in-athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh agus le hidirnasc leictreachais. Léireofar sa leagan deiridh den Phlean na réamh-mheastacháin is déanaí agus an uaillmhian atá againn don todhchaí."

Tá an comhairliúchán seo ina chomhpháirt lárnach de phróiseas an Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, agus is é an toradh a bheidh air go gcuirfear leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i mí an Mheithimh 2024. Chuir Éire an dréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide uaithi faoi bhráid an Choimisiúin sa bhliain 2023. Léireofar sa leagan deiridh den Phlean an t-aiseolas ón measúnú a rinne an Coimisiún ar an dréacht agus an t-aiseolas a fuarthas le linn an chomhairliúcháin le geallsealbhóirí araon.

De réir mar a fhorbraítear an doiciméad chun na hathruithe sin a chur san áireamh agus chun na spriocanna nua níos uaillmhianaí agus na beartais nuashonraithe a bheidh ag Éirinn ar an leibhéal Eorpach a chomhtháthú isteach ann, táthar ag coinne leis go mbeidh sa leagan deiridh den Phlean nuashonrú an-fhorbartha ar an dréacht a cuireadh isteach i mí na Nollag 2023.

Déanfar comhairliúchán eile sula gcuirfear an leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide isteach, chun a chinntiú go gcoinneofar geallsealbhóirí ar an eolas faoin bpróiseas agus go dtabharfar deis dóibh rannchuidiú leis an doiciméad a mhúnlú.

Téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun faisnéis a fháil faoi conas is féidir leat aighneacht a dhéanamh chuig an gcomhairliúchán ar an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide

Rud eile a chuir bonn eolais faoin bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ba ea an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide. Trí na comhráite náisiúnta struchtúrtha sin, chuaigh an rialtas i dteagmháil dhíreach le 12,000 duine – idir dhaoine aonair agus ionadaithe d’eagraíochtaí – ó phobail uirbeacha, tuaithe agus chósta ar fud na hÉireann, lenar áiríodh grúpaí óige agus grúpaí imeallaithe, chun an t-athrú aeráide agus gníomhú ar son na haeráide a phlé.

An Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III)

Cogadh na Rúise ar an Úcráin, na praghsanna arda fuinnimh a chonacthas le déanaí, agus an méadú i minicíocht eachtraí adhaimsire, thug siad go léir ar an gCoimisiún Eorpach sraith pacáistí a thabhairt isteach chun an t-aistriú glas a luathú agus chun slándáil fuinnimh a fheabhsú go mór. Le Treoracha amhail an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III), leagadh spriocanna nua níos airde síos do na Ballstáit. Mar thoradh ar na spriocanna athbhreithnithe AE sin, ba ghá do na Ballstáit measúnú mionsonraithe a dhéanamh, lenar áiríodh samhaltú mionsonraithe agus anailís ar na spriocanna agus ar an tsraith beartas atá ar fáil chun an bhearna chuig na spriocanna níos airde a dhúnadh. D’fhág sé sin nach raibh dóthain ama ann chun spriocanna RED III a chur san áireamh sa leagan seo den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

An Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus an cás ‘Le Bearta Reatha’

San aighneacht uathu chuig an gCoimisiún Eorpach, léirigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an chonair reatha mar atá tugtha le fios sa chás ‘Le Bearta Reatha’. Is ionann na bearta sin agus beartais a cuireadh chun feidhme sa bhliain fardail is déanaí. Áireofar leis an leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide cás athbhreithnithe ‘Le Bearta Reatha’ agus cás ‘Le Bearta Breise’ araon. Tá an roinn agus a cuid comhghleacaithe ar fud an Rialtais ag obair i gcomhar le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) chun anailís fhianaisebhunaithe a fhorbairt ar ár spriocanna agus ar na beartais atá ar fáil, go háirithe an cás 'Le Bearta Breise', d’fhonn an bhearna chuig ár spriocanna athbhreithnithe nua don bhliain 2030 a dhúnadh sa leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide atá le cur isteach i mí an Mheithimh 2024.

An Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023

Tá an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide ag teacht leis an Acht Aeráide a ritheadh in Éirinn sa bhliain 2021, lena leagtar sprioc intíre atá ina ceangal dlí ar Éirinn astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050 agus astaíochtaí a laghdú faoi 51% faoin mbliain 2030. Is príomhcholún de Chlár an Rialtais iad na spriocanna sin. Tá na beartais uaillmhianacha sin deartha chun spriocanna intíre agus idirnáisiúnta na hÉireann a chomhlíonadh. Tá na cásanna beartais atá curtha i láthair sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide bunaithe ar anailís ó SEAI agus ó EPA. Is ionann an cás ‘Le Bearta Reatha’ agus beartais a cuireadh chun feidhme agus a glacadh roimh dheireadh na bliana fardail is déanaí. Ós rud é nár chuir an roinn an cás 'Le Bearta Breise' ar áireamh sa leagan seo, níor cuireadh na beartais atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 san áireamh sa samhaltú. Cuirfear an cás ‘Le Bearta Breise’ ar áireamh sa leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide atá le cur isteach i mí an Mheithimh 2024.

Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála

Tá anailís á déanamh go fóill ar na spriocanna, na beartais agus na bearta a úsáidfear sa leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Níl aon chinneadh déanta go fóill ar cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála ar áireamh sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Is leis an reachtaíocht Eorpach a shocraítear struchtúr agus ceanglais na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, agus tá an Plean uainn ailínithe le spriocanna Eorpacha na hÉireann.

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 beartas aeráide na hÉireann faoin gcreat náisiúnta a forbraíodh de réir an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin. Cheadaigh an rialtas an plean i mí na Nollag 2023, faoi réir comhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh intíre na hÉireann don Aeráid 2019.