English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan comhairliúchán ar réimeas Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) don chéad chéim de thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta

  • Beidh réimeas Toiliú Limistéir Mhuirí ina chéad chéim i bpróiseas pleanála nua agus sruthlínithe – a bhainfidh leas as acmhainneacht ollmhór na hÉireann i ndáil le gaoith amach ón gcósta

Sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, comhairliúchán inniu ar ghnéithe tábhachtacha den réimeas toilithe Stáit nua maidir le Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) d'fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE).

Beidh Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) ar an gcéad chéim i bpróiseas pleanála nua agus sruthlínithe. Is féidir le forbróirí a ndearnadh measúnú orthu le haghaidh Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) agus ar bronnadh Toiliú Limistéir Mhuirí orthu ina dhiaidh sin dul ar aghaidh ansin chun iarratas a dhéanamh ar chead forbartha (cead pleanála), áit a ndéanfar measúnú comhshaoil orthu.

Tagann sé sna sála ar achtú an Achta um Pleanáil Limistéir Mhuirí (MAP) ar an 23 Nollaig 2021. Soláthraíonn an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí (MAP) an bonn dlíthiúil do chóras pleanála mara atá go hiomlán nua. Bainfidh an córas pleanála seo cothromaíocht amach, idir leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór na hÉireann maidir le gaoith amach ón gcósta agus ár dtimpeallacht mhuirí shaibhir uathúil a chosaint.

Déanfaidh an córas Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) measúnú ar inmharthanacht na bhforbróirí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá beartaithe i roinnt príomhréimsí, lena n-áirítear maidir lena n-inniúlacht airgeadais agus theicniúil, sula dtéann forbróirí ar aghaidh chuig staidéir chomhshaoil.

Ag seoladh chomhairliúchán an lae inniu, dúirt an tAire Ryan:

"Is píosa reachtaíochta bunathraithe é an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí. Soláthraíonn sé cinnteacht rialála agus bonn reachtach d'Éirinn glacadh lena cumas flúirseach amach ón gcósta. Faoin Acht, cinnteoidh bunú Toiliú Limistéir Mhuirí nua mar 'chéad chéim' sa phróiseas pleanála go ndéanfar measúnú cothrom agus láidir ar fhorbróirí féideartha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Cinnteoidh sé seo nach mbeidh deis ach ag na tionscadail amach ón gcósta is inmharthana iarrtas a dhéanamh ar chead forbartha ón mBord Pleanála. Déanfar na measúnuithe comhshaoil uile a bhfuil gá leo um an dtaca sin.

"Mar Aire Comhshaoil, beidh sé de fhreagracht orm iarratais ar Thoiliú Limistéir Mhuirí a fhailtiú ó bhaisc tosaigh de thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Garsprioc shuntasach a bheidh i mbronnadh na gcéad Toilithe Limistéir Mhuirí i mbliana chun ár spriocanna uaillmhianacha aeráide de 5GW (Gigeavata) d'acmhainn ghaoithe amach ón gcósta suiteáilte a bhaint amach faoi 2030 agus plean fadtéarmach chun leas a bhaint as acmhainneacht 30GW ar a laghad de ghaoith ar snámh ina dhiaidh sin."

I ndiadh mheasúnú agus bhronnadh na chéad bhaisce de thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, tabharfar an fhreagracht do Ghníomhaireacht nua – an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA). Beidh sé bunaithe agus i bhfeidhm ó 2023. Tá bunú an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) ina ardtosaíocht don rialtas.


Comhairliúchán

Cuireann an comhairliúchán seo ar an gcóras Toilithe Limistéir Mhuirí (MAC) an tsamhail atá beartaithe i láthair chun measúnú a dhéanamh ar na chéad tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Tugtar breac-chuntas ann freisin ar fhaisnéis thábhachtach faoin gcaoi a n-oibreoidh an córas nua um Thoiliú Limistéir Mhuirí (MAC). Cuideoidh an t-aiseolas a gheofar leis an gcóras measúnaithe um Thoiliú Limistéir Mhuirí (MAC) a thabhairt chun críche. Táthar ag súil go n-eiseofar na chéad Toilithe Limistéir Mhuirí (MACanna) sa dara chuid den bhliain seo (2022).

Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh tréimhse de cheithre seachtaine. Dúnfar é ar an 16 Feabhra 2022. Is féidir teacht ar na doiciméid chomhairliúcháin anseo.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Acmhainneacht Fuinnimh Amach ón gCósta

Léirítear uaillmhian mhéadaithe aeráide agus fuinnimh na hÉireann i sprioc an Rialtais faoi Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 chun cion an leictreachais in-athnuaite a mhéadú go dtí suas le 80% faoi 2030, lena n-áirítear sprioc mhéadaithe chun suas le 5GW de ghiniúint gaoithe amach ón gcósta suiteáilte a bhaint amach faoi 2030.

Tá tiomantas eile i gClár an Rialtais plean níos fadtéarmaí a fhorbairt chun leas a bhaint as an 30GW féideartha de chumhacht ghaoithe ar snámh amach ón gcósta inár n-uiscí Atlantacha.

Bainfear an sprioc de 5GW amach go príomha trí fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE) a fhorbairt i réigiúin chósta thoir agus theas na hÉireann. Léiríonn sé seo oiriúnacht na doimhneachta uisce sna réigiúin seo chun gnáth-thuirbíní gaoithe amach ón gcósta a imscaradh. Léiríonn sé freisin infhaighteacht an bhonneagair eangaí leictreachais atá ann cheana chun na tionscadail sin a nascadh leis an eangach ar an gcladach.

Ba cheart go mbeadh sé níos indéanta leas a bhaint as luasanna gaoithe níos láidre agus níos comhsheasmhaí ina dhiaidh sin trí dhul chun cinn amach anseo i dteicneolaíocht tuirbíní ar snámh. Tá breis acmhainneachta fuinnimh amach ón gcósta againn ná mar atá ag formhór na dtíortha Eorpacha eile mar thoradh ar shuíomh na hÉireann ar imeall Atlantach na hEorpa. Tá limistéar muirí na hÉireann seacht n-oiread mhéid a mhórchríocha.

An tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí

Is é an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí (MAP) príomhfhreagairt an Stáit ar an athchóiriú ar rialachas muirí a bhfuil géarghá leis. Soláthraíonn an tAcht an bonn dlíthiúil do chóras pleanála mara úrnua. Déanfaidh sé seo cothromaíocht idir leas a bhaint as ár n-acmhainneacht ollmhór gaoithe amach ón gcósta agus ár dtimpeallacht mhuirí shaibhir uathúil a chosaint.

Tá an tAcht, a síníodh ina dhlí i mí na Nollag 2021, ina phríomhchumasóir do spriocanna dícharbónaithe na hÉireann. Forálann sé do chóras iomlán nua don limistéar muirí ar fad a bhfuil an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí mar bhonn taca faoi. Cuirfear córas um Thoiliú Limistéir Mhuirí níos dírithe agus níos sruthlínithe in áit Toilithe Urthrá. Leathnófar an córas cead pleanála isteach sa limistéar muirí ar fad, le forbairt faoi réir measúnú cuimsitheach comhshaoil amháin. Tacaítear le gníomhaíochtaí comhlíonta agus forfheidhmithe trí fhorálacha láidre.

Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) agus na Tionscadail Ábhartha

Ceann de phríomhghnéithe an Achta um Pleanáil Limistéir Mhuirí (MAP) is ea toiliú nua Stáit a chruthú – Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) – mar chéad chéim sa phróiseas pleanála nua. Ar mhaithe lenár spriocanna 2030 a bheith indéanta, cuireadh bealach ar fáil chun cur ar chumas líon roghnaithe tionscadal a bhí tar éis dul chun cinn faoin gcóras toilithe urthrá atá ann cheana féin a aistriú chuig an gcóras nua Pleanála Limistéir Mhuirí (MAP) nuair a bhunófar é.

Leagadh amach an Prótacal Aistrithe i Scéim Ghinearálta an Bhille um Pleanáil agus Bainistíocht Forbartha Muirí (MPDM). Thug sé treoir maidir leis an gcaoi a gcaitear le tionscadail áirithe gaoithe amach ón gcósta, i gcomhthéacs an dul chun cinn a bhfuiltear ag súil leis ón mBille um Pleanáil Limistéir Mhuirí (MAP). Is éard is 'Tionscadail Ábhartha' ann ná iad siúd a rinne iarratas ar léas nó ar deonaíodh léas dóibh faoin Acht Imeall Trágha 1933, nó tionscadail gaoithe amach ón gcósta a bhí i dteideal próiseáilte chun tairiscint bhailí nasctha eangaí a fháil i mí na Nollag 2019.

Bhíothas in ann leanúint ar aghaidh ag dul chun cinn leis an bPrótacal Aistrithe – roinnt gnéithe tionscadail a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear an próiseas iarratais ar thairiscint eangaí, ionas go bhféadfaidís a bheith in ann iarratas a dhéanamh faoin gcóras nua, a luaithe a achtófar é. Faoi threoir ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), chuaigh EirGrid i dteagmháil leis na tionscadail sin, agus leanann sé de bheith i dteagmháil leo, chun iarratais ar thairiscintí eangaí a chur chun cinn.

Measúnú ar 'Thionscadail Ábhartha' le haghaidh Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC)

Beidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide freagrach as Toilithe Limistéir Mhuirí (MACanna) a mheasúnú agus a bhronnadh ar an gcéad bhaisc de thionscadail amach ón gcósta faoi na forálacha speisialta aistrithe san Acht um Pleanáil Limistéar Muirí (MAP). Is iad sin na tionscadail a chomhlíonann an sainmhíniú ar "úsáid mhuirí ábhartha", atá ar aon dul leis an sainmhíniú ar 'Thionscadal Ábhartha' atá leagtha amach faoin bPrótacal Aistrithe, faoin reachtaíocht.

Beidh deiseanna iarrtas don Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) ar oscailt le haghaidh tionscadal a chomhlíonann an sainmhíniú ar "úsáid mhuirí ábhartha", in 2022. Céim thábhachtach a bheidh ann chun ár spriocanna 2030 a bhaint amach.

Ní mór d'aon tionscadal a gheobhaidh Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC) iarratas a chur isteach fós ar na toilithe riachtanacha agus ar an gcead pleanála go léir. Beidh siad faoi réir na nósanna imeachta measúnaithe iomlána ag an mBord Pleanála.

An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA)

Beidh an fhreagracht ag Gníomhaireacht nua, an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA), tar éis mheasúnú agus bhronnadh na chéad bhaisce de thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE). Beidh sé bunaithe agus feidhmeach ó 2023. Tá bunú an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) ina ardtosaíocht don rialtas.