English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan comhairliúchán ar Shreanga Príobháideacha

  • Tá acmhainneacht ag sreanga príobháideacha réitigh eis-eangaí a chur ar fáil le haghaidh leictreachas a ghiniúint agus a sholáthar
  • Coinneofar an comhairliúchán ar oscailt go mí Dheireadh Fómhair 2023 agus táthar ag súil leis go bhfoilseofar beartas nua sa bhliain 2024

Inniu, sheol Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, foilsiú an chomhairliúcháin ar Shreanga Príobháideacha, rud lena réitítear an bealach le haghaidh réitigh eis-eangaí a chur ar fáil le haghaidh leictreachas a ghiniúint agus a sholáthar in Éirinn de réir mar a bhogaimid i dtreo spleáchas méadaithe ar fhuinneamh inathnuaite dúchasach.

Is le Bord Soláthair an Leictreachais (BSL) an bonneagar eangaí náisiúnta in Éirinn faoi láthair. Dá gcumasófaí Sreanga Príobháideacha, áfach, bheadh páirtithe eile seachas BSL in ann bonneagar leictreachais a shuiteáil agus a shealbhú lasmuigh de theorainneacha a réadmhaoine féin agus leictreachas a tharchur thar an mbonneagar sin.

Tiocfaidh athrú ar an dóigh a ngintear agus a n-úsáidtear leictreachas thar na blianta atá romhainn de réir mar a éirímid níos spleáiche ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite ar mhaithe le tionchar an athraithe aeráide a fhritháireamh. Chun an t-athrú sin a éascú, agus chun go mbeifear in ann freastal ar an méadú ionchais san éileamh ar leictreachas, ní mór d’Éirinn bonneagar eangaí leictreachais náisiúnta nach bhfacthas a leithéid riamh a sholáthar. Ar leithligh uaidh sin, ní mór dúinn féachaint freisin le réitigh eis-eangaí a chumasú, ar réitigh iad lena bhféadfaí cabhrú lenár spriocanna aeráide agus ár n-uasteorainneacha earnála a chomhlíonadh. Áirítear leis sin bearta a fhorbairt maidir le Sreanga Príobháideacha.

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo na tuairimí atá ag an bpobal, ag geallsealbhóirí agus ag páirtithe leasmhara a bhailiú chun daingniú a dhéanamh ar an tuiscint atá againn ar an ról a d’fhéadfadh Sreanga Príobháideacha a imirt in éiceachóras leictreachais na hÉireann sa todhchaí, mar aon le sainaithint a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le hathrú beartais den sórt sin. Cabhróidh na freagraí a gheofar le bonn eolais a chur faoi dhearadh agus soláthar an bheartais maidir le Sreanga Príobháideacha, rud a sheolfar sa bhliain 2024.

Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an chomhairliúcháin, dúirt an tAire Ryan:

"Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhairliúchán seo, toisc go gcabhróidh sé le beartas nuálach a mhúnlú lena bhféadfaí dul i bhfeidhm ar dhearadh agus forbairt ár n-éiceachórais leictreachais agus ár n-eangaí leictreachais araon sa todhchaí. Dá dtabharfaí isteach iad, bheadh Sreanga Príobháideacha ar cheann amháin, b’fhéidir, de na bunathruithe is suntasaí inár margadh leictreachais ó bunaíodh an Stát agus ó tugadh leictreachas isteach sa náisiún den chéad uair riamh. Tá acmhainneacht ag Sreanga Príobháideacha rannpháirtíocht saoránach a mhéadú agus toilleadh criticiúil a chur lenár n-eangach agus, ar an tslí sin, daoine aonair, grúpaí pobail agus eintitis tráchtála a chumasú bonneagar leictreachais a shuiteáil agus a shealbhú de réir mar a ghineann níos mó agus níos mó daoine a leictreachas féin ó fhoinsí inathnuaite dúchasacha.

"Táimid ag tnúth le haiseolas a fháil ó shampla ionadaíoch leathan geallsealbhóirí, agus mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán tábhachtach seo. Táimid ag cur dlús lenár n-aistriú i dtreo fuinneamh inathnuaite le linn dúinn dul i ngleic leis na héifeachtaí is measa a bhíonn ag an athrú aeráide, agus d’fhéadfadh Sreanga Príobháideacha ról a bheith acu maidir le todhchaí níos inbhuanaithe a bhaint amach d’Éirinn."

Tá ionchur á lorg ón bpobal maidir leis an gcomhairliúchán ar Shreanga Príobháideacha chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an bheartais maidir le Sreanga Príobháideacha. Tríd an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú, cuirtear gníomh tábhachtach faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 i gcrích. Tá foilsiú an chomhairliúcháin ar an gcéad chéim i dtreo beartas deiridh a fhorbairt freisin.

Is féidir mionsonraí iomlána faoin gcomhairliúchán a fháil ar shuíomh gréasáin na roinne.

Is é 5.30pm Dé hAoine an 13 Deireadh Fómhair 2023 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Tá Sreanga Príobháideacha á gcur chun cinn ag daoine laistigh den tionscal leictreachais le roinnt blianta anuas. Cuireadh gníomhaíocht i leith Sreanga Príobháideacha ar áireamh sna Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide a foilsíodh le déanaí freisin. Tríd an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú, cuirtear gníomh EL/23/15 den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 i gcrích. Tá foilsiú an chomhairliúcháin ar cheann amháin de na chéad chéimeanna i dtreo beartas deiridh a fhorbairt maidir le Sreanga Príobháideacha freisin.

Ar leibhéal bunúsach, is é atá i gceist le Sreanga Príobháideacha ná a gcáblaí leictreachais féin a bheith á gcur ar siúl ag daoine aonair príobháideacha nó gnóthais phríobháideacha chun leictreachas a aistriú. I bhformhór na gcásanna, is é a bheidh i gceist le Sreanga Príobháideacha ná talamh nó réadmhaoin nach le húinéir an chábla nó le hoibritheoir an chábla é/í a thrasnú, bíodh an talamh sin faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht phoiblí. Roimhe seo, ba ar an eangach leictreachais náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit a aistríodh leictreachas ó ghiniúint sheachtrach chuig láithreáin éilimh (tithe, monarchana, agus araile).

Téarma ceannoscailte uileghabhálach nach mbaineann gach duine an bhrí chéanna as is ea Sreanga Príobháideacha. Chun críche an chomhairliúcháin seo, mar sin, d’fhéach an Roinn le cineálacha Sreang Príobháideach a aicmiú agus sainmhínithe oibre a leithdháileadh orthu. Aicmíodh Sreanga Príobháideacha a bheith ina 'Líne Phríobháideach' nó ina 'Líonra Príobháideach'.

Chun críche an chomhairliúcháin seo, tá roinnt saintréithe comhchosúla ag 'Línte Príobháideacha' agus ag 'Líonraí Príobháideacha' araon:

  • Ní bhaineann siad ach le bonneagar leictreachais
  • Tá siad faoi úinéireacht phríobháideach agus déantar iad a oibriú agus a chothabháil go príobháideach, i.e., níl aon smacht ag BSL, ag aon fhochuideachta de BSL ná ag EirGrid orthu
  • Is féidir giniúint leictreachais le haghaidh féinsoláthair nó giniúint leictreachais lena dhíol nó lena dháileadh ar aghaidh a bheith i gceist leo
  • Ní úsáidtear leo an eangach leictreachais náisiúnta chun leictreachas a aistriú
  • Is féidir leo a bheith ar bun ar leibhéal Tarchurtha nó ar leibhéal Dáileacháin

Is é is 'Líne Phríobháideach' ann ná líne leictreachais agus bonneagar gaolmhar atá faoi úinéireacht phríobháideach, a úsáidtear chun leictreachas a sholáthar, agus lena nasctar láithreán giniúna aonair le húsáideoir éilimh aonair.

Is é is 'Líonra Príobháideach' ann ná córas leictreachais atá faoi úinéireacht phríobháideach, ina bhfuil cáblaí gaolmhara agus bonneagar gaolmhar, a úsáidtear chun leictreachas a iompar agus a sholáthar, agus:

  • Lena nasctar láithreán giniúna aonair le roinnt úsáideoirí éilimh
  • Lena nasctar roinnt láithreán giniúna le húsáideoir éilimh aonair
  • Lena nasctar roinnt láithreán giniúna le roinnt úsáideoirí éilimh
  • Ina bhfuil leaganacha éagsúla de na nithe thuas a bhfuil níos mó ná dhá ghnóthas i gceist leo

Dá gceadófaí iad, b’ionann Sreanga Príobháideacha agus athrú mór sa bheartas leictreachais sa Stát. Mar sin, d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh do gach saoránach agus ollchóiriú a dhéanamh freisin ar ghnéithe den earnáil leictreachais atá i bhfeidhm ó thamaillín tar éis bhunú an Stáit.