English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Ryan tuarascáil lena réitítear an bealach le haghaidh téamh ceantair a leathnú chuig tithe agus gnólachtaí Éireannacha faoin mbliain 2030

Inniu, sheol Eamon Ryan, an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, an Tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair ag saoráid Aisghabhála Fuinnimh Bhaile Átha Cliath ar an Rinn, Baile Átha Cliath.

Is féidir le téamh ceantair ról lárnach a imirt in éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus in astaíochtaí a laghdú in Éirinn. Is féidir leis na líonraí sin teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite a úsáid chun an earnáil teasa a dhícharbónú, is féidir leo solúbthacht a chur le foinsí teasa, agus is féidir leo cabhrú le hoiriúnú d’athruithe sa tírdhreach eacnamaíoch agus beartais. Tá téamh ceantair freagrach as sciar an-bheag d’earnáil téimh na hÉireann faoi láthair. Meastar gur i bhfad faoi bhun 1% atá an figiúr, agus é ar cheann amháin de na sciartha is ísle de théamh ceantair san Eoraip.

Tá an méid is féidir leis an téamh ceantair rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide na hÉireann á aithint le fada. Tá sé sin bunaithe ar fhionnachtana an Staidéir Náisiúnta Teasa, 2022, ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, inar aimsíodh go bhféadfaí téamh ceantair ó theas inathnuaite a úsáid chun freastal ar 54% den éileamh teasa in Éirinn.

Chun an acmhainneacht sin a chomhlíonadh, bunaíodh Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair chun forbairt an bheartais téimh ceantair a chomhordú. Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 moltaí na tuarascála ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair a chur chun feidhme agus suas le 2.7 TWh de théamh ceantair a sholáthar faoin mbliain 2030. D’oscail an tAire an chéad líonra téimh ceantair riamh in Éirinn i dTamhlacht i mí Aibreáin i mbliana. Agus leas á bhaint as dramhtheas ó Ionad Sonraí Amazon, soláthraítear leis an tionscadal sin teas ísealcharbóin d’fhoirgnimh phoiblí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus d’Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois, agus é beartaithe teas a sholáthar do 133 árasán inacmhainne faoin mbliain 2025 freisin.

Ag labhairt dó ag saoráid Aisghabhála Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, dúirt an tAire Ryan:

"Ní mór dúinn ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú go mór agus aistriú chuig roghanna eile ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe – go háirithe chun ár bhfoirgnimh a théamh. Tá ról lárnach le himirt ag téamh ceantair ina leith sin, agus tá lúcháir orm bheith in ann an tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair a sheoladh anseo ar an bPoll Beag.

"Is tionscadal an-chorraitheach é Tionscadal Téimh Ceantair Bhaile Átha Cliath, a bheidh faoi stiúir ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus tá acmhainneacht aige freisin cabhrú go mór linn ár n-uaillmhianta téimh ceantair a bhaint amach. Leis an tionscadal, gabhfar an dramhtheas a ghinfear ag saoráid Aisghabhála Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, ar teas é a shreabhann isteach i gCuan Bhaile Átha Cliath faoi láthair, agus díreofar an sreabhadh fuinnimh sin i dtreo na cathrach chun uisce te a phíobú chuig tithe agus gnólachtaí i limistéir an Phoill Bhig, na Rinne agus na nDugthailte agus chuig limistéar Seoirseach stairiúil Bhaile Átha Cliath.

"Tá na tairbhí a bhaineann le dramhfhuinneamh ón ionad sonraí i dTamhlacht a úsáid le haghaidh teasa á bhfeiceáil againn cheana féin. Agus, tríd an tuarascáil seo, is féidir linn an rud céanna a dhéanamh ar fud na tíre anois, agus sinn ag téamh ár gcuid tithe agus foirgneamh ar shlí níos inbhuanaithe agus ag déanamh áiteanna níos teo, níos sláintiúla agus níos cost-éifeachtúla díobh."

Is í an Tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair 2023 an toradh ar an obair a rinne an Grúpa Stiúrtha thar na 18 mí seo a chuaigh thart. Úsáideadh na moltaí ón nGrúpa Stiúrtha mar bhunchloch le haghaidh téamh ceantair a fhorbairt in Éirinn.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Téamh ceantair

Sainmhínítear 'téamh ceantair' nó 'fuarú ceantair' mar a leanas sa Treoir athmhúnlaithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite a foilsíodh sa bhliain 2018: "dáileadh fuinnimh theirmigh mar ghal, mar uisce te nó mar leachtanna fuaraithe, as foinsí láraithe nó díláraithe táirgthe trí ghréasán chuig foirgnimh nó suíomhanna éagsúla chun críocha téamh nó fuarú a chur ar fáil do spás nó do phróiseas".

Is féidir le téamh ceantair an teas dícharbónaithe a sholáthar a theastaíonn chun sciar suntasach de spriocanna teasa inathnuaite na hÉireann a chomhlíonadh. Tugadh aitheantas sa bheartas náisiúnta in Éirinn don mhéid is féidir leis an téamh ceantair rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide na hÉireann. Tá sé sin bunaithe ar fhionnachtana an Staidéir Náisiúnta Teasa, 2022, ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, inar aimsíodh go bhféadfaí téamh ceantair ó theas inathnuaite a úsáid chun freastal ar 54% den éileamh teasa in Éirinn.

Athdhearbhaíodh sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 an rannchuidiú suntasach is féidir le téamh ceantair a dhéanamh maidir leis an leibhéal fuinnimh inathnuaite a mhéadú san earnáil teasa agus maidir le hastaíochtaí a laghdú. Cuirtear arís eile leis an ngealltanas sin sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, lena n-áirítear suas le 2.7 TWh de théamh ceantair a sholáthar faoin mbliain 2030.

An Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair

Measadh gur ghá Grúpa Stiúrtha ildisciplíneach um Théamh Ceantair a bhunú chun a chinntiú go mbainfí leas as an acmhainneacht atá ag téamh ceantair maidir le spriocanna dícharbónaithe na hÉireann a bhaint amach.

Bunaíodh an District Heating Steering Group Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair sa bhliain 2022 chun breithniú a dhéanamh ar théamh ceantair a fhorbairt in Éirinn agus ar an gcreat rialála a theastaíonn chun tomhaltóirí a chosaint. Scrúdaigh an Grúpa Stiúrtha saincheisteanna a bhaineann leis na struchtúir a theastaíonn chun an earnáil Téimh Ceantair a fhorbairt in Éirinn. Dhírigh an Grúpa Stiúrtha ar na príomhréimsí a theastaíonn le haghaidh téamh ceantair a fhorbairt, is iad sin: rialáil; pleanáil; cistiú; agus taighde. Tá aon mholadh déag uileghabhálacha ann sa tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha, lena n-áirítear an gá atá ann leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • gníomhaithe poiblí, gníomhaithe príobháideacha agus gníomhaithe fóntais a chumasú téamh ceantair a fhorbairt in Éirinn
  • córas rialála a fhorbairt le haghaidh téamh ceantair, ar córas é lena gcinntítear go gcosnaítear tomhaltóirí agus go bhfuil an earnáil téimh ceantair beoga
  • comhlachtaí poiblí a chumasú nascadh le líonraí téimh ceantair, agus sainordú a thabhairt dóibh déanamh amhlaidh
  • Ionad Sármhaitheasa um théamh ceantair a bhunú laistigh d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, rud a thacódh le gach soláthraí téamh ceantair a fhorbairt
  • tacaíocht airgeadais a thabhairt chun cabhrú le téamh ceantair a chur i bhfeidhm in Éirinn

Tá an Grúpa Stiúrtha faoi chathaoirleacht ag Rúnaí Cúnta ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus cuimsíonn sé saineolas ó na heagraíochtaí seo a leanas: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI); an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU); Gníomhaireacht Bainistíochta Fuinnimh Chathair Bhaile Átha Cliath; Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath; Comhairle Contae Átha Cliath Theas; Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh; agus Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta.