English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Smyth agus an tAire O’Brien an scéim um scairdeáin uisce óil phoiblí

  • Tá sé mar aidhm leis an scéim an úsáid a bhaintear as buidéil phlaisteacha a laghdú agus rochtain a thabhairt don phobal ar uisce óil

Rinne Ossian Smith, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, agus Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, scéim um scairdeáin uisce óil phoiblí a sheoladh inniu.

Tá sé mar aidhm leis an scéim an úsáid a bhaintear as buidéil phlaisteacha a laghdú agus rochtain fhorleathan a thabhairt don phobal ar uisce óil, mar a cheanglaítear leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le hUisce Óil. Cuirfear cistiú ab fhiú €2 mhilliún ón gCiste um an nGeilleagar Ciorclach ar fáil le haghaidh bonneagar uisce phoiblí a chur i bhfeidhm trí Uisce Éireann, trí Údaráis Áitiúla agus trí Chónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce. Ar dtús, díreofar sa scéim ar scairdeáin uisce óil a shuiteáil laistigh d’fhoirgnimh phoiblí. Mar chuid de chéimeanna ina dhiaidh sin den scéim, suiteálfar scairdeáin uisce óil i spásanna poiblí amuigh faoin spéir.

Cuirfear an scéim i bhfeidhm ina gcéimeanna thar na blianta beaga romhainn, ar dá barr a shuiteálfar breis agus 350 scairdeán uisce in áiteanna ar fud na tíre. I gCéim 1, a thosófar amach sa bhliain 2024, díreofar ar scairdeáin uisce óil a sholáthar laistigh d’fhoirgnimh phoiblí, amhail foirgnimh chontae nó leabharlanna ina bhfuil soláthar uisce príomhlíonra atá ann cheana. I gCéim 2, atá le tosú sa bhliain 2025, leathnófar an scéim chuig spásanna poiblí amuigh faoin spéir amhail ionaid phobail, linnte snámha, páirceanna, glasbhealaí agus tránna.

Dúirt an tAire Smyth:

"Tá scairdeáin uisce óil ina sócmhainn bhunúsach do phobail áitiúla. Is féidir le rochtain ar uisce óil phoiblí athrú a dhéanamh ar an dóigh a dtomhlaítear uisce nuair a bhíonn daoine amuigh chun dramhaíl a chosc agus chun tacú le geilleagar ciorclach.

"Tomhlaítear cúig mhilliún deoch, beagnach, ó choimeádáin aonúsáide in Éirinn gach lá. Is buidéil phlaisteacha uisce iad roinnt mhaith díobh sin. Is minic a fhágtar buidéil phlaisteacha mar bhruscar ar ár sráideanna, inár n-aibhneacha, ar ár dtránna agus inár mara. Beifear in ann é sin a sheachaint go réidh má thosaímid ar ár mbuidéil uisce in-athúsáidte a athlíonadh in ionad buidéil aonúsáide a cheannach."

Ag an seoladh, dúirt an tAire O’Brien:

"Tá go leor tairbhí ag baint le rochtain níos leithne ar uisce óil saor in aisce ar ardchaighdeán a chinntiú i spásanna poiblí. Tá sí áisiúil do na húsáideoirí, laghdaíonn sí an bruscar ó bhuidéil phlaisteacha agus cuireann sí le tairiscint na láithreach ar leith. Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil an scéim um scairdeáin uisce óil phoiblí á seoladh inniu, rud a thógann ar an treoirthionscadal de chuid na roinne seo ar thug Uisce Éireann agus Cónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce faoi. Cabhróidh fógra an lae inniu freisin lenár ngealltanais i gClár an Rialtais a chomhlíonadh, le feabhas a chur ar an rochtain ar uisce, rud is príomhcheanglas den Treoir athmhúnlaithe maidir le hUisce Óil, agus le hinbhuanaitheacht a chur chun cinn trí úsáid buidéal uisce in-athúsáidte a spreagadh, rud a laghdóidh an gá le buidéil phlaisteacha aonúsáide."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

  • Dar le Refill.ie, tomhlaítear 220,000 buidéal plaisteach aonúsáide uisce in Éirinn gach lá agus caitheann muintir na hÉireann breis agus €100 milliún ar bhuidéil phlaisteacha aonúsáide uisce gach bliain. Ní athchúrsáiltear dhá cheann as gach trí bhuidéal
  • Is dramhaíl í sin is féidir a sheachaint ina hiomláine, agus ba mhaith linn daoine a spreagadh chun í a chosc trí dhaoine a spreagadh chun ár mbonneagar uisce phoiblí a úsáid chun buidéil in-athúsáidte a athlíonadh agus iad ag gluaiseacht
  • Tá sé mar aidhm leis an scéim feabhas a chur ar ár mbonneagar uisce óil phoiblí chun an úsáid a bhaintear as buidéil phlaisteacha aonúsáide a laghdú agus chun rochtain shaor éasca a sholáthar ar uisce óil poiblí
  • Tá cistiú is fiú €2 mhilliún á chur ar fáil, trí Uisce Éireann agus tríd an earnáil rialtais áitiúil, chun scéim náisiúnta a sholáthar lena soláthrófar scairdeáin uisce óil phoiblí
  • Tagann seoladh na scéime seo sna sála ar roinnt beart a rinneadh le déanaí mar fhreagairt do ghealltanais i gClár an Rialtais. Áirítear leo sin:

o An Scéim Aisíoca Éarlaise a sheoladh le haghaidh coimeádáin dí aonúsáide. Anuas ar an líon buidéal plaisteach agus cannaí a athchúrsálfar a uasmhéadú, toradh eile a bheidh ar an Scéim Aisíoca Éarlaise is ea go laghdófar go mór an líon buidéal aonúsáide atá á bhfágáil mar bhruscar nó atá á seoladh chuig ionaid líonta talún agus lena loscadh

o D’fhorbair an Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil (LAPN) treoir don rialtas áitiúil agus do phobail lena dtacaítear le rochtain ar phointí athlíonta uisce saor in aisce. Thug LAPN cistiú d’Údaráis Áitiúla freisin le haghaidh scairdeáin uisce óil phoiblí a sholáthar

o Thug Uisce Éireann agus Cónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce, le cistiú ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, faoi roinnt treoirthionscadal le haghaidh stáisiúin athlíonta uisce óil a shuiteáil i bpobail áitiúla agus i ngrúpscéimeanna uisce

Tá an cistiú á sholáthar tríd an gCiste um an nGeilleagar Ciorclach, a mbainistíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide é. Tá an ciste sin comhdhéanta d’ioncam ó na tobhaigh ar líonadh talún, ar mhálaí plaisteacha agus ar aisghabháil dramhaíola.