English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Smyth comhairliúchán poiblí ar fheistí vápála indiúscartha

Sheol Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht speisialta as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, comhairliúchán poiblí inniu a chabhróidh le heolas a dhéanamh do fhreagairt na hÉireann d’fheistí vápála indiúscartha.

Is é is feistí vápála indiúscartha ann ná toitíní leictreonacha nach bhfuil in-athluchtaithe. Cuimsíonn táirgí vápála comhpháirteanna leictreonacha, lena n-áirítear ceallra, agus is gá iad a dhiúscairt ar bhealach sábháilte nuair a thagann siad chun bheith ina ndramhaíl. Cuimsíonn siad meascán casta ábhar, a bhféadfadh roinnt díobh a bheith guaiseach, agus ní féidir iad a athchúrsáil go réidh. Faoi mar atá amhlaidh i gcás leictreonaic nua-aimseartha eile, cuimsíonn siad freisin ábhair annamha chostasacha is féidir a athúsáid mar chuid den gheilleagar ciorclach.

Is cúis le roinnt dúshlán dár gcóras bailithe dramhaíola agus athchúrsála dramhaíola reatha iad feistí vápála indiúscartha. Mar shampla:

  • i gcás go bhfuil ceallraí ian litiam ann i bhfeistí dramhaíola, is féidir leo a bheith ina riosca do shláinte agus sábháilteacht oibrithe bailithe dramhaíola agus daoine eile. Nuair atá siad damáistithe, gearrchiorcadta nó róthéite, is féidir leis na ceallraí sin dul trí thine
  • tá sé diomailteach úsáid a bhaint as amhábhair chriticiúla agus as plaisteach i dtáirge indiúscartha
  • tá tionchar diúltach ag na feistí sin ar an gcomhshaol, go háirithe i gcás nach ndiúscraítear iad ar bhealach freagrach

Áirítear leis na roghanna féideartha beartais:

  • toirmeasc ar fheistí vápála indiúscartha a dhéanamh, a dhíol, a dháileadh nó a shaorthairiscint faoi alt 28(4)(i) den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996
  • córas éarlaise agus aisíoca a bhunú le haghaidh feistí vápála indiúscartha.
  • gan aon athrú reachtach a dhéanamh ach feabhas a chur ar an scéim freagrachta táirgeora chun a chinntiú gur cláraithe leis an Producer Register Limited atá na táirgeoirí uile atá ag cur feistí ar an margadh, a chinntiú gur leordhóthanach atá forfheidhmiú na gceanglas maidir le Freagracht Leathnaithe Táirgeora, feabhas a chur ar an oideachas agus an fheasacht ar fheistí a thabhairt ar ais isteach sna scéimeanna bailithe dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus ceallraí le haghaidh athchúrsáil fhreagrach

Ag labhairt dó faoi sheoladh an chomhairliúcháin, dúirt an tAire Smyth:

"Cabhróidh an comhairliúchán a seoladh inniu leis an rialtas léargas a ghnóthú ar thuairimí daoine ar fheistí vápála indiúscartha. Trí iarraidh ar dhaoine a dtuairimí a chur in iúl dúinn, ba mhaith linn eolas a dhéanamh do fhreagairt an rialtais do tháirgí vápála indiúscartha agus an fhreagairt sin a neartú. Chun cabhrú le hÉirinn aistriú chuig geilleagar ciorclach, táim meáite ar fhorbairt ár bhfreagartha comhshaoil a stiúradh. Táim i bhfách go mór leis an gcinneadh ón Aire Sláinte go dtabharfaí dlí nua isteach lena srianfaí díol agus fógraíocht aon táirgí a úsáidtear chun nicitín a ionanálú."

Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt le haghaidh aighneachtaí anois ar feadh tréimhse ocht seachtaine go dtí an 27 Iúil 2023. Téigh chuig suíomh gréasáin na roinne chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Ní ba luaithe an tseachtain seo, chomhaontaigh an Chomh-Aireacht le reachtaíocht a thabhairt isteach lena gcuirfí toirmeasc ar thoitíní leictreonacha a dhíol le daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Féach suíomh gréasáin na Roinne Sláinte le haghaidh tuilleadh mionsonraí.

An Geilleagar Ciorclach – Cúlra

Beidh dea-thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ag gabháil le geilleagar ciorclach a sholáthar. Is féidir le creat beartais dea-dheartha um an ngeilleagar ciorclach na tairbhí comhpháirteacha a shainaithint chun go soláthraítear deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta le feabhsuithe comhshaoil, agus go soláthraítear feabhsuithe comhshaoil le deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta. Tá tíortha ar fud na hEorpa ag aistriú i dtreo cleachtais gheilleagair chiorclaigh agus ag glacadh na gcleachtas sin. Tá an tAontas Eorpach ag saothrú straitéis ‘an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’ uaidh. Cuid dhílis den straitéis sin is ea an geilleagar ciorclach. I mí an Mhárta 2020, sheol an tAontas Eorpach an Dara Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach uaidh. Ar an leibhéal náisiúnta, d’fhoilsigh Éire an chéad Straitéis uile-rialtais don Gheilleagar Ciorclach uaithi i mí na Nollag 2021 chun comhleanúnachas beartais a chinntiú ar fud na hearnála poiblí agus chun breac-chuntas a thabhairt do gheallsealbhóirí agus don phobal ar an gcur chuige foriomlán a ghlacann an rialtas i leith an gheilleagair chiorclaigh.

Téann an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach, 2022, níos faide fós tríd an gcur chuige beartais sin a aistriú ina cheanglas reachtúil. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca reachtúil riachtanach ag gníomhartha éagsúla lena neartófar forfheidhmiú dramhaíola i ndáil le dumpáil mhídhleathach agus le bruscar a chaitheamh, amhail trína chumasú gur féidir úsáid a chomhlíonann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a bhaint as TCI agus teicneolaíochtaí eile i ngníomhartha forfheidhmiúcháin. Is é an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach an creat beartais náisiúnta le haghaidh aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. Leis an Acht seo, déantar an Straitéis sin, agus an gealltanas go ndéanfaí aistriú chuig geilleagar ciorclach, a chur ar bhonn reachtúil soiléir. Cuirfear an Clár Náisiúnta don Gheilleagar Ciorclach (a n-oibríonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil é) ar an mbonn reachtúil céanna.

Ní smaoineamh nua é an geilleagar ciorclach. Déanta na fírinne, is rudaí coitianta iad a lán gníomhaíochtaí ciorclacha. Chun na tairbhí iomlána a bhaint amach, áfach, teastaíonn níos mó ná gníomhaíocht ar leibhéal an duine aonair. Teastaíonn an meascán ceart idir beartais rialtais, rialáil rialtais, samhlacha nua gnó agus córais nua táirgthe freisin. Teastaíonn oideachas agus feasacht freisin.

Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.