Sheachain an earnáil phoiblí caiteachas measta €2.5 billiún ar fhuinneamh ó bhí an bhliain 2009 ann
- Foilsithe: 27 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tháinig méadú 32.5% ar éifeachtúlacht fuinnimh comhlachtaí poiblí agus Ranna Rialtais ó bhí an bhliain 2009 ann
Sheachain comhlachtaí poiblí caiteachas measta €2.5 billiún ar fhuinneamh ó bhí an bhliain 2009 ann, mar a léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil maidir le Dícharbónú agus Feidhmíocht Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEarnála Poiblí don bhliain 2022. I gcomhar le chéile, d’éirigh leis na 345 chomhlacht phoiblí agus na 3,015 scoil a thug tuairisc a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú faoi 32.5% ó bhonnlíne na bliana 2009. Tá sé sin cothrom le méadú 1% ar an bhfigiúr don bhliain roimhe.
Leagtar amach freisin sa tuarascáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) go raibh astaíochtaí gás ceaptha teasa nach astaíochtaí leictreachais iad sa bhliain 2022 3.9% faoi bhun na bonnlíne (an meán don tréimhse 2016-2018) agus go raibh an méid iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain 2022 17.3% faoi bhun na bonnlíne céanna.
Cé go léirítear sna figiúirí sin go bhfuil an earnáil phoiblí ag bogadh sa treo ceart, is gá di bogadh i bhfad níos gasta chun go mbeidh sí ar an gconair a theastaíonn chun na spriocanna náisiúnta agus spriocanna an Aontais Eorpaigh don bhliain 2030 a chomhlíonadh i ndáil le héifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú na hearnála poiblí.
Le treoracha nua ón Aontas Eorpach, cuirtear ceanglais bhreise ar chomhlachtaí poiblí don bhliain 2030, mar gheall ar an ról atá ag an earnáil phoiblí maidir le ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla. De réir Threoir 2023/1791 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ar treoir nua í, ní mór don earnáil phoiblí dearbhlaghdú tomhaltais fuinnimh 1.9% a bhaint amach gach bliain (i gcomparáid le bonnlíne na bliana 2021). Tá sé sin cothrom le laghdú os cionn 15% ar thomhaltas sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2030, agus beidh sé dúshlánach é a bhaint amach de réir mar a fhásann seirbhísí poiblí ar aon dul le méaduithe ar an daonra. Fágann an fás suntasach faoin daonra agus an leathnú mór ar an earnáil phoiblí le deich mbliana anuas nach raibh aon laghdú suntasach ann, i ndearbhthéarmaí, ar thomhaltas fuinnimh san earnáil phoiblí sa tréimhse sin.
Mar thoradh ar an sprioc nua dearbhlaghdaithe bhliantúil don earnáil phoiblí, tabharfar spreagadh breise do chomhlachtaí poiblí dlús a chur le gníomhartha laghdú fuinnimh agus úsáid fuinnimh a dhíchúpláil arís eile ó ghníomhaíocht. Is féidir cás-staidéir ar chomhlachtaí poiblí ar éirigh leo an "feachtas Úsáid Níos Lú do chomhlachtaí poiblí" a chur chun feidhme an bhliain seo caite a fháil ar shuíomh gréasáin SEAI, agus tugtar dea-shamplaí iontu de na bearta praiticiúla is féidir le comhlachtaí poiblí a dhéanamh láithreach chun a dtomhaltas fuinnimh a laghdú.
Agus foilsiú na tuarascála á fhógairt aige inniu, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Léirítear sa tuarascáil atá á foilsiú inniu ar Úsáid Fuinnimh na hEarnála Poiblí sa bhliain 2022 gur bhain earnáil phoiblí na hÉireann cuid mhór amach ó thaobh feidhmíocht fuinnimh de. Léirítear inti freisin, áfach, go bhfuil dúshláin bhreise roimh an earnáil de réir mar a fhéachann sí le ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus le spriocanna gníomhaithe ar son na haeráide agus spriocanna fuinnimh a chomhlíonadh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ní mór do chomhlachtaí poiblí tomhaltas fuinnimh a laghdú agus ní mór dóibh dlús a chur le luas an iarfheistithe agus an athchóirithe. Beidh ar gach comhlacht poiblí iarracht chomhbheartaithe a dhéanamh chun spriocanna nua níos dúshlánaí a bhaint amach."
Dúirt Declan Meally, Stiúrthóir um Ghnó, um an Earnáil Phoiblí agus um an Iompar ag SEAI:
"Beidh sé ríthábhachtach cur leis na coigiltí suntasacha a rinneadh cheana féin má tá an earnáil phoiblí chun a spriocanna aeráide don bhliain 2030 a chomhlíonadh agus chun an bealach a réiteach le haghaidh aeráidneodracht a bhaint amach sa bhliain 2050. Bíonn SEAI ag obair i gcomhpháirt leis na heagraíochtaí agus na ranna uile ar fud na hearnála poiblí chun cabhrú leo a n-uaillmhianta aeráide a ghnóthú. Tá an Clár Treo-Aimsitheora ina thionscnamh tábhachtach a bhfuil ról lárnach imeartha aige maidir lena thaispeáint conas is féidir leis an earnáil phoiblí an choigilt shuntasach sin a bhaint amach. Ó seoladh sa bhliain 2017 é, cuireadh níos mó ná €200 milliún ar fáil do thionscadail earnála poiblí leis an gClár Treo-Aimsitheora. Leanfaidh SEAI le hobair i gcomhar leis an rialtas chun na bearnaí reatha a dhúnadh agus chun dlús a chur leis an soláthar ar mhaithe leis na spriocanna a bhaint amach. Tá tacaíochtaí níos fearr ar fáil do chomhlachtaí poiblí anois trí Chlár SEAI um Chomhpháirtíocht leis an Earnáil Phoiblí, ar tacaíochtaí iad lena gcabhraítear le heagraíochtaí móra airgead a choigilt, feabhas a chur ar an gcomhshaol, agus spriocanna náisiúnta coigilte fuinnimh a chomhlíonadh."
Tá cóip den Tuarascáil Bhliantúil 2023 maidir le Feidhmíocht Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEarnála Poiblí sa bhliain 2022 ar fáil ar shuíomh gréasáin SEAI.
Nótaí don Eagarthóir
Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)
Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) údarás fuinnimh náisiúnta na hÉireann a infheistíonn i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus a sholáthraíonn réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Oibríonn SEAI i gcomhar leis an Rialtas, le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail chun é sin a bhaint amach trí shaineolas, trí chistiú, trí chláir oideachais, trí chomhairle beartais, trí thaighde, agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
An Tuarascáil Bhliantúil 2023 maidir le Dícharbónú agus Feidhmíocht Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEarnála Poiblí
Tá sé seo ar an deichiú tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh comhlachtaí poiblí in Éirinn. Tá an tuarascáil bunaithe ar cheangaltais náisiúnta na hÉireann, agus ar na ceangaltais a leag an tAontas Eorpach ar Éirinn, agus ar mhórspriocanna athrú aeráide. Ceanglaíonn an tAire ar chomhlachtaí poiblí sonraí bliantúla fuinnimh a thuairisciú d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Soláthraítear le córas faireacháin agus tuairiscithe SEAI taifead tábhachtach ar fheidhmíocht na hearnála poiblí sa bhliain 2022. Tá an córas faireacháin agus tuairiscithe in úsáid ag thart ar 99% de na comhlachtaí poiblí uile, agus é in úsáid ag formhór na scoileanna freisin.
Éifeachtúlacht Fuinnimh na hEarnála Poiblí
Mhéadaigh an earnáil phoiblí a héifeachtúlacht fuinnimh faoi 1% sa bhliain 2022, rud a fhágann gur bhain sí feabhas 32.5% san iomlán amach ó bhí an bhliain 2009 ann. Tugtar san fhigiúr sin aird ar athruithe i leibhéal gníomhaíochta na hearnála. Mar sin, cuirtear méaduithe i ngníomhaíocht a raibh tionchar acu ar thomhaltas fuinnimh san áireamh agus feidhmíocht fuinnimh á cinneadh.
I ndearbhthéarmaí, ní raibh tomhaltas fuinnimh san earnáil phoiblí sa bhliain 2022 ach 0.2% níos ísle ná é sin sa bhliain 2013. B’amhlaidh a tháinig laghdú 1% ar thomhaltas sa bhliain 2022, ach tháinig sé sin sna sála ar mhéadú 3% sa bhliain 2021, rud a d’fhéadfaí a chur ar síos go páirteach ar a laghad don mhéadú ar thomhaltas tar éis roinnt srianta a bhain le paindéim COVID-19 a mhaolú.
Tá sé mar sprioc ag an earnáil phoiblí a hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 51% faoin mbliain 2030, i gcomparáid le bonnlíne na tréimhse 2016-2018. Chun na spriocanna sin a chomhlíonadh, beidh ar threoraithe na punainne réadmhaoine náisiúnta (is iad sin, na húdaráis phoiblí sin a bhfuil mórphunanna réadmhaoine acu, eadhon an Roinn Oideachais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údaráis Áitiúla) dlús a chur láithreach le gníomhartha chun tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú.
Is gá do chomhlachtaí poiblí an méid fuinnimh a úsáideann siad chun a seirbhísí a sholáthar a laghdú diaidh ar ndiaidh. Tugann sé sin deis do chomhlachtaí poiblí cur chuige um dhearadh éifeachtúlachta fuinnimh a ghlacadh, an riachtanas seirbhíse poiblí a athbhreithniú, agus infheistiú i mbealaí inar féidir leo níos lú fuinnimh, agus fuinneamh níos glaine, a úsáid chun an tseirbhís a sholáthar.
Tá an bhliain 2030 ina cloch mhíle ar an mbealach i dtreo na bliana 2050, ar bliain í faoina bhfuil an tAontas Eorpach ag iarraidh a bheith aeráidneodrach. Tá pleanáil fhadtéarmach agus soláthar fadtéarmach ag teastáil chun ár gcuspóirí aeráide agus fuinnimh a bhaint amach.
Rogha de na tionscadail a tuairiscíodh do SEAI sa bhliain 2022
An Bord Farraige Atlantach Thuaidh – Biúró Réigiúnach Fuinnimh
Shainaithin cúig údarás áitiúla atá lonnaithe i Réigiún an Bhoird Farraige Atlantaigh Thuaidh an easpa acmhainní a bheith ar cheann amháin de na bacainní ar na spriocanna a bhaint amach. Sainaithníodh saineolas tiomnaithe, bainistíocht struchtúrtha fuinnimh agus straitéis leanúnach infheistíochta a bheith ina bpríomhriachtanais. Le Clár Treo-Aimsitheora SEAI, soláthraíodh cistiú 50% i dtreo Biúró réigiúnach Fuinnimh a bhunú, agus Comhairle Contae Mhaigh Eo ag gníomhú mar phríomhúdarás áitiúil ina leith. Ceapadh Bainisteoir Réigiúnach agus cúigear Oifigeach Fuinnimh (duine amháin in aghaidh an údaráis áitiúil) chun obair i gcomhar le Foireann Fuinnimh gach údaráis áitiúil. Díríodh ar dtús ar thomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí a anailísiú i ngach údarás áitiúil, ar anailís a chur i gcrích ar an mBearna go dtí an Sprioc, agus ar Chlár Deiseanna agus píblíne tionscadal a fhorbairt do gach údarás áitiúil. Tá sé beartaithe 15 iarfheistiú a dhéanamh ar fhoirgnimh údaráis áitiúil sa bhliain 2024 dá bharr sin, ar obair í lena ngabhann buiséad measta €6.7 milliún agus coigiltí ríofa carbóin atá cothrom le 844 tCO2 (cion iomlán dé-ocsaíde carbóin) in aghaidh na bliana. Forbróidh an Biúró ina aonad cur chun feidhme tionscadal, ar aonad é a sholáthróidh na tionscadail sin agus tionscadail shuntasacha eile dícharbónaithe.
Uasghrádú soilsithe a bhí faoi bhainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí ag Dún Uí Choileáin
Iardhún míleata a tógadh ar dtús sa bhliain 1702 is ea Dún Uí Choileáin, áit a bhfuil taispeántais na nEalaíon Maisiúil agus Staire de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann lonnaithe anois. Cuireadh uasghrádú fairsing soilsithe i gcrích i mí an Mhárta 2022, tráth a cuireadh feistis ardéifeachtúlachta LED in ionad breis agus 800 feisteas ar fud an mhúsaeim. Mar gheall ar chineál na dtaispeántas, rinne Oifig na nOibreacha Poiblí agus conraitheoirí idirchaidreamh dlúth le coimeádaithe an mhúsaeim chun leibhéil agus rialuithe optamacha soilsithe a dhearadh, a shonrú agus a shuiteáil le haghaidh aeistéitice agus le haghaidh chaomhnú na ndéantán araon. Mar aon le seirbhís bhreisithe, bhain an tionscadal coigilt de thart ar 225,000 kWh (cileavatuair) in aghaidh na bliana amach.
Iarfheistiú Teaschaidéil Chóras Téimh Ceantair an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield
Is le Córas Téimh Ceantair an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Belfield, a sholáthraítear téamh do 11 fhoirgneamh ar an gcampas. Uasghrádaíodh an córas le himeacht ama ó chóras lenar úsáideadh móin, ina chóras lenar úsáideadh ola ansin agus, ar deireadh, ina chóras gásadhainte Cumhachta agus Teasa in Éineacht. Tá coire bithmhaise 900 kW agus dhá choire ghásadhainte comhdhlúthúcháin in Ionad Fuinnimh an champais freisin. Áirítear le straitéis dícharbónaithe UCD éileamh teirmeach a laghdú trí fhoirgnimh a iarfheistiú agus fuinneamh teirmeach a dhícharbónú ar bhonn céimnithe ar shiúl ó bhreosla iontaise. Ba é a bhí i gceist leis an tionscadal seo de chuid an Chláir Treo-Aimsitheora ná teaschaidéal foinse aeir hidreacarbóin dhá chéim 1 MW a chomhtháthú isteach san Ionad Fuinnimh. Is é an teaschaidéal an príomhghléasra anois, agus an choire bithmhaise agus cumhacht agus teas in éineacht á n-úsáid ina dhiaidh sin. Ní úsáidtear na coirí gáis ach chun tacú leis an mbuaicéileamh ar theas amháin. Táthar ag súil leis go mbainfear coigiltí fuinnimh atá cothrom le breis agus 5,530,000 kWh in aghaidh na bliana amach mar thoradh ar an tionscadal seo, agus thart ar 800 tCO2 á seachaint in aghaidh na bliana.