English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Socraíonn an Rialtas ar mhéadú suntasach ar an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála

  • 20 post breise cruthaithe mar fhreagairt ar bhagairtí cibearshlándála

Tá áthas ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD agus ar an Aire Stáit le freagracht ar leith do Chumarsáid agus don Gheilleagar Ciorclach, Ossian Smyth, TD a fhógairt gur aontaigh an Rialtas ar mhéadú ar an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) ó 25 ball foirne go dtí 45 ball foirne sna chéad 18 mí, agus go 70 taobh istigh de 5 bliana. Meastar gur €2.5 milliún an méadú sa bhuiséad a bhaineann leis don LNCS le haghaidh 2022.

D’aontaigh an Rialtas inniu ar phacáiste suntasach de bhearta eile le cur le cumas an LNCS freagairt don bhagairt ó chibearchoirpigh atá ag fás. Sa phacáiste tá forbairt reachtaíochta le LNCS ar bhonn reachtúil le sraith de chumhachtaí foirmiúla agus sainordú dlíthiúil.

Sa phacáiste iomlán de bhearta a faomhadh tá na rudaí a leanas:

  • Go ndéanfar athfhógairt ar ról Stiúrthóir an LNCS ag tuarastal €184,000 (scála Leas-Runaí) chun teacht le scála agus tábhacht an róil agus chun iarrthóirí le taithí a mhealladh
  • Beidh an Stiúrthóir freagrach as an LNCS a fhorbairt agus a stiúradh, agus ag déanamh forbairt ar chumas oibríochta agus saineolas an LNCS agus ag tacú le forbairt an pholasaí agus an chreata reachtach a bhaineann le cibearshlándáil sa Stát
  • Ceanncheathrú singil don LNCS a thabharfaidh an t-infreastruchtúr agus an acmhainn slándála atá riachtanach. Beidh spás ann don LNCS taobh istigh de Cheanncheathrú nua na Roinne i dTor an Bhacaigh
  • Straitéis teicneolaíochta 5 bliana a fhorbairt don LNCS a scrúdaíonn a riachtanais inmheánacha, agus a chaidreamh leis an saol acadúil agus le saol na tionsclaíochta
  • Chomh maith le hearcú 20 ról lánaimseartha eile, cuirfidh an LNCS tús le clár oiliúna do chéimithe cibearshlándála in 2021, le ceithre chéimí ríomheolaíochta á n-earcú gach bliain ar chonarthaí a mhairfidh trí bliana.

Dúirt an tAire Ryan:

"Léiríonn an t-infheistiú seo athrú thar an ghnách i bhforbairt an Lárionaid Náisiúnta Cibearshláinte. Leis an méadú atáimid a fhógairt inniu beidh an eagraíocht in ann a cumas agus a hinniúlacht a fhorbairt níos mó le gur féidir córais TF agus ár bpríomhsheirbhísí a chosaint as seo amach.

"De bharr go bhfuil Éire ina príomhgheilleagar digiteach, tá sé ríthabhachtach go gcosnaítear cibearshlándáil TF an Rialtais agus infreastruchtúr náisiúnta an-tábhachtach. Tá ról tábhachtach ag an LNCS le faisnéis ar chibearbhagairtí a bhailiú agus leis an eolas sin a roinnt agus saintreoir a sholáthar. Tá an Rialtas tiomanta a chinntiú go bhfuil a oiread acmhainní agus is cuí ag an LNCS le cur ar a chumas a shainordú tábhachtach a chur i gcrích."

Dúirt an tAire Smyth:

"Tá an beart dearfach inniu atá déanta ag an Rialtas de bhrí go bhfuil méadú leanúnach ar líon na gcibeareachtraí le tamall de bhlianta, lena n-áirítear na himeachtaí a tharla ar na mallaibh a bhfuil éifeacht acu ar an FSS agus ar sholáthraithe eile cúraim sláinte go hidirnáisiúnta, chomh maith le Colonial Pipeline in SAM, agus níos cóngaraí don lá inniu, Kaseya.

"Tá an treocht sin le feiceáil ar fud an domhain, agus aithníonn mórán Rialtas agus eagraíochtaí fornáisiunta, amhail AE agus NA go bhfuil an chontúirt ann go mbeidh iarmhairtí uafásacha slándála, eacnamaíochta, sóisialta agus daonnúla ag an mbagairt atá le cibeareachtraí mailíseacha. Cé go gcaithfidh eagraíochtaí aonair bearta cuí a dhéanamh chun cosaint a thabhairt dóibh féin sa saol ar líne, cinnteoidh cinneadh an lae inniu go bhfuil an t-údarás cuí agus na hacmhainní cuí ag an LNCS le tacaíocht a thabhairt dóibh i rith an ama."

Tharla cinneadh an rialtais inniu de bharr moltaí a rinne an tAire Ryan nuair a fuair tríú páirtí neamhspleách Athbhreithniú Acmhainne an LNCS, a bhí ar siúl cheana féin sular tharla an cibearionsaí ar an FSS le déanaí.

Bhí an t-athbhreithniú acmhainne ar na bearta sa Straitéis Náisiúnta um Chibearshlándáil a foilsíodh go mall in 2019 inar leagadh amach réimse leathan de bhearta atá le déanamh le feabhas a chur ar shlándáil córas poiblí agus córas príobháideach sa Stát.

CRÍOCH


Nótaí chuig an eagarthóir

Is le Cinneadh an Rialtais i Mí Iúil 2011 a bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) le sainchúram leathan ar fud chibearshlándáil TFC an Rialtais agus ar infreastuchtúr náisiúnta ríthábhachtach.

Ar an bhfoireann LNCS tá sainbhaill foirne shároilte theicniúla shibhialta, le tacair scileanna i réimsí amhail ríomheolaíocht, innealtóireacht bogearraí, anailís ar bhogearraí mailíseacha, fóiréinsic theicneolaíocht an eolais, cripteagrafaíocht, forbairt bogearraí, agus comhlíonadh cibearshlándála, chomh maith le scileanna ginearálta cibearshlándála. Le tamall de bhlianta tá méadú measartha mór tagtha ar acmhainní a chuirtear ar fáil don LNCS. Méadaíodh leibhéil oibríochta foirne ó 7 ag deireadh 2016 go 25 ag tús 2021. Chomh maith le costais phárolla, tá €5.1 milliún de mhaoiniú ar fáil don LNCS i mbliana, i gcomparáid le €1.7 milliún in 2020.

Gníomhaíonn an LNCS mar lárionad teagmhála má tharlaíonn eachtra cibearshlándála sa rialtas nó ar fud na tíre a bhfuil tionchar aici ar an stát. Chomh maith leis sin comhordaíonn sé an fhreagairt d’eachtraí suntasacha agus tacaíonn sé leis an fhreagairt sin, agus an ról ceannais á ghlacadh ag an aonán a bhfuil tionchar ag an eachtra air. Is í an Fhoireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIT), a bhfuil creidiúint idirnáisiúnta aici, an fhoireann taobh istigh den LNCS atá i gceannas nuair a bhítear ag freagairt d’eachtraí cibearshlándála.

Tá roinnt an eolais ina gné an-tábhachtach d’obair an LNCS nó is foinse sainchomhairle agus saintreorach é agus is ionad imréitigh é le haghaidh eolais. Glacann an LNCS isteach sonraí eolais ar bhagairtí, treochtaí agus sonraí riosca, ó fhoinsí náisiúnta, domhanda agus áitiúla, déanann anailís orthu, agus cinntíonn go bhfaigheann na heagraíochtaí a bhfuil na sonraí sin de dhíth orthu iad, lena gcórais féin a chosaint, nó le cabhrú leo a róil reachtúla féin a chomhlíonadh. Tá cumarsáid rialta ag an LNCS le comhghleacaithe idirnáisiúnta agus gan amhras is rud dáthaobhach malairt an eolais.

Tugann an LNCS tacaíocht do chomhlachtaí poiblí, d’oibritheoirí seirbhísí riachtanacha agus do sholáthraithe seibhísí digiteacha freisin chun a seasamh cibearshlándála a fheabhsú agus a ndualgais a chomhlíonadh faoin Treoir Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise. Tá ról gníomhach ag LNCS le tacú leis na heagraíochtaí sin a mianach cibearshlándala a fhorbairt i rith an ama trí réimse tionscnamh, lena n-áirítear seimineáir agus ceardlanna a reáchtáil. Bhunaigh LNCS Fóram Sláinte TF Rialtais freisin le baill ó Ranna Rialtais, Rialtas Áitiuil agus gníomhaireachtaí tábhachtacha. Éascaíonn an Fóram roinnt an eolais ar dhea-chleachtais agus tá sé ag tacú le caighdeán bonnlíne slándála TFC a úsáidfidh gach eagraíocht Seirbhíse Poiblí. Chomh maith leis sin glacann an LNCS páirt i roinnt grúpaí oibre tras-Rialtais, ag déanamh maoirsiú ar thograí ar leith, lena n-áirítear Bord Stiúrtha an Togra um Athchóiriú Toghchánach agus an Mheitheal um Chibearoiliúint.

Oibríonn an LNCS i gcomhar leis na Fórsaí Cosanta, An Garda Síochána agus an Lárionad Náisiúnta um Anailís Slándála (LNAS) i Roinn an Taoisigh. Chomh maith leis sin oibríonn sé go dlúth leis an Oifig Pleanála Éigeandála (OPÉ) sa Roinn Cosanta agus as sin tá Bord Roinnte Bagairte ar a bhfuil speisialaithe príobháideacha sinsearacha cibhearshlándála, oibritheoirí infreastrúchtúir ríthábhachtacha, na Fórsaí Cosanta agus An Garda Síochána.

Oibríonn LNCS leis an Ionad Bairr Feabhais um Chibearshláinte (IBFCS) in Tallinn freisin. In 2019, chuir Éire iarratas isteach le bheith ina ball de IBFCS mar Rannpháirtí agus le saineolaí náisiúnta a chur chuig an Lárionad. Trí pháirt a ghlacadh sa Lárionad, tá rochtain ag Éirinn ar na teicneolaíocht is nua-aimseartha, ar eolas agus ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le cibearchosaint agus mianach. Ta ball d’Fhórsaí Cosanta na hÉireann tugtha ar iasacht don Lárionad ar théarma a mhairfidh 2 bhliain.