English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Soláthraíonn an tAire Ryan €3 mhilliún, beagnach, chun tacú le gníomhú ar son na haeráide i gCorcaigh, sa Chlár, i gCiarraí agus i Luimneach

  • Cistiú iomlán is fiú €12 mhilliún d’Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide chun cabhrú leis an bhfreagairt áitiúil do dhúshláin aeráide a neartú

Chuaigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, isteach i gcomhaontú nua chun €2.9 milliún a sholáthar chun tacú leis an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide i réigiún an deiscirt sna sé bliana romhainn.

Comhordaíonn Oifig Réigiúnach an Bhoird Farraige Atlantaigh Theas um Ghníomhú ar son na hAeráide soláthar an ghníomhaithe ar son na haeráide i gContae an Chláir, i gContae Chorcaí, i gCathair Chorcaí, i gContae Chiarraí agus i gContae Luimnigh. Tá €12 mhilliún san iomlán á leithdháileadh ar na ceithre Oifig Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na hÉireann don tréimhse 2023-2029.

Is iad Comhairle Contae an Chláir, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Chill Dara (ag obair di i gcomhpháirt le Comhairle Contae Chill Chainnigh) agus Comhairle Contae Mhaigh Eo na príomhúdaráis áitiúla le haghaidh na gceithre Oifig Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na hÉireann. Tá Oifig Réigiúnach an Bhoird Farraige Atlantaigh Theas um Ghníomhú ar son na hAeráide á bainistiú ag Comhairle Contae Chorcaí.

Bunaíodh na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide sa bhliain 2018 chun tacú leis an rialtas áitiúil freagairt agus oiriúnú don athrú aeráide. Comhordaíonn siad an beartas náisiúnta agus áitiúil aeráide agus an obair náisiúnta agus áitiúil aeráide chun a chinntiú go bhfuil cur chuige níos comhtháite ann i leith freagairt don ghéarchéim aeráide ar an leibhéal réigiúnach.

Is é atá sna hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ná oifig tacaíochta d’údaráis áitiúla agus oibríonn siad mar sheirbhís chomhroinnte ar fud na hearnála rialtais áitiúil. Oibríonn gach oifig, atá faoi stiúir ag Comhordaitheoir Oifige Réigiúnaí um Ghníomhú ar son na hAeráide, i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla ina réigiún chun treoir agus eolas a thabhairt dóibh de réir mar a stiúrann siad bunathruithe chun feabhais agus gníomhú intomhaiste ar son na haeráide ar fud ár gcathracha agus ár gcontaetha i réimsí amhail an t-iompar, an bhithéagsúlacht, agus creimeadh cósta a chosc.

Cabhraíonn siad leis na húdaráis áitiúla beartais aeráide agus athrú iompraíochta a sholáthar laistigh dá n-eagraíocht féin agus saoránaigh, gnólachtaí agus comharsanachtaí a chumhachtú chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar thionchair an athraithe aeráide agus glacadh leis an ngá le gníomhú ar son na haeráide.

D’fháiltigh an tAire Ryan roimh an idirchaidreamh leantach leis na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide agus leis na húdaráis áitiúla:

"Thar na cúig bliana atá imithe thart, d’imir na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ról ríthábhachtach i gcabhrú le húdaráis áitiúla freagairt do dhúshláin aeráide, go háirithe maidir le hoiriúnú, agus tá siad ina n-acmhainn a bhfuil an-mheas uirthi do na húdaráis áitiúla ina réigiún. Oibreoidh an Roinn i ndlúthchomhar leis na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide thar na blianta atá le teacht chun a chinntiú go leanfaidh an obair de thacú le gníomhartha ar son na haeráide a sholáthar ar an leibhéal áitiúil.

"Bíonn an aeráid ag athrú ar dhóigh a bhfuil níos tapa agus níos dothuartha ná mar is féidir linn cur suas léi. Is féidir linn na tionchair a fheiceáil ar gach taobh dínn – tuilte, tonnta teasa agus triomaigh ina measc. Bagairt thromchúiseach ar Éirinn agus ar a muintir is ea an t-athrú aeráide. Is gá dúinn labhairt faoi na fadhbanna sin agus obair le chéile chun ullmhú do na hathruithe atá ag teacht. Trí ghníomhú áitiúil a dhéanamh ar son na haeráide agus trí oibriú leis an rialtas áitiúil, tá Éire níos fearr á cruthú againn. Éire a bhfuil deiseanna nua aici. Éire atá athléimneach, áit a n-oibrímid le chéile chun ár gcuid eolais, cruthaitheachta agus nuálaíochta a úsáid chun réitigh aeráide a shainaithint. Tá cleachtadh maith againn ar an athrú – is féidir linn oiriúnú agus dul faoi bhláth. Is féidir le pobail, leis an rialtas áitiúil agus leis an lucht déanta beartas obair le chéile chun na deiseanna a ghabhann le gníomhú ar son na haeráide a réadú."

Ag fáiltiú dó roimh an gcomhaontú nua, dúirt John McLaughlin, Cathaoirleach an Choiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, Iompar, Geilleagar Ciorclach agus Líonraí de chuid an Chumainn Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach:

"Tá na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ag imirt ról ríthábhachtach i dtacú leis an earnáil rialtais áitiúil de réir mar a fhéachaimid le gníomhú ar son na haeráide a stiúradh agus a sholáthar ar fud na hÉireann. Ó uair a mbunaithe i leith, tá na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ag soláthar cúnamh straitéiseach suntasach do gach ceann den 31 údarás áitiúil, rud atá ag cur ar a gcumas gníomhú ar son na haeráide a bhrú chun cinn ina n-oibríochtaí féin, ina gcontaetha féin, ina gcathracha féin agus ina bpobail féin. Ós rud é go bhfuil an comhaontú nua i bhfeidhm anois, táimid ag súil le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar an obair ríthábhachtach seo."

Féach suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun tuilleadh faisnéise a fháil.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide

Sa bhliain 2018, bunaíodh ceithre Oifig Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide mar sheirbhís chomhroinnte údaráis áitiúil mar aitheantas don ghá le hacmhainn a fhorbairt laistigh den earnáil rialtais áitiúil chun freagairt agus oiriúnú don athrú aeráide. Imríonn na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ról tábhachtach maidir lena chinntiú go sainaithnítear saincheisteanna aeráide trasearnála agus go dtugtar aghaidh orthu sin. Dearadh struchtúr réigiúnach de chuid na nOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide chun a chinntiú go bhfuil saintréithe agus rioscaí aeráide atá cosúil le chéile ag na húdaráis áitiúla.

Réigiún an Ghníomhaithe ar son na hAeráide Príomhúdarás Áitiúil Limistéir Feidhme an Údaráis Áitiúil
An Bord Farraige Atlantach Thuaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo Dún na nGall, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Maigh Eo, Sligeach (cúig údarás áitiúla)
An Bord Farraige Atlantach Theas Comhairle Contae Chorcaí An Clár, Contae Chorcaí, Cathair Chorcaí, Ciarraí, Luimneach (cúig údarás áitiúla)
Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas (ceithre údarás áitiúla)
Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre Comhairle Contae Chill Dara (ag obair di i gcomhpháirt le Comhairle Contae Chill Chainnigh) Ceatharlach, an Cabhán, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Liatroim, an Longfort, Lú, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann, Port Láirge, an Iarmhí, Loch Garman, Cill Mhantáin (17 n-údarás áitiúla)

Faoin gcomhaontú, soláthróidh gach príomhúdarás áitiúil saoráidí tiomnaithe agus cuí, tacaíocht teicneolaíochta faisnéise, tacaíocht acmhainní daonna, tacaíocht bainistíochta airgeadais agus aon tacaíocht eile atá riachtanach do na ceithre oifig réigiúnacha.

Chun cumraíocht chuí na nOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide a chinntiú chun seirbhís éifeachtach a sholáthar, déanfar athbhreithniú ar na hOifigí sin sna míonna deiridh den bhliain 2024. Tá sé beartaithe go n-áireofar leis an athbhreithniú réimsí amhail cuspóirí straitéiseacha, rialachas, limistéir feidhme agus réimsí tosaíochta a thiocfaidh as Pleananna Gnímh Údaráis Áitiúil don Aeráid.

Tá comhaontú leithleach i bhfeidhm idir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Comhairle Contae Chill Dara chun an Clár Oiliúna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a sholáthar.

Plean Gnímh Údaráis Áitiúil don Aeráid

Mar atá leagtha amach san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil Plean Gnímh Údaráis Áitiúil don Aeráid a ullmhú ina sonraítear na bearta maolaithe agus na bearta oiriúnaithe atá le glacadh.

Tá 12 mhí ón dáta ar a bhfaightear iarraidh ón Aire ag údaráis áitiúla chun a bplean aonair a chur i gcrích. Is é an toradh a bheidh ar na pleananna ná go n-aistreoidh gach údarás áitiúil an beartas náisiúnta aeráide go gníomhach de réir imthosca áitiúla, le linn bearta fianaisebhunaithe a luathú agus tús áite a thabhairt dóibh. Cabhróidh sé sin le baint amach ár spriocanna aeráide ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an phobail.

Mar chuid dá phlean áitiúil don aeráid, tá freagracht ar gach údarás áitiúil ar leith as crios dícharbónaithe a bhunú laistigh dá limistéar údaráis áitiúil. Tá sé beartaithe go ndíreofar ar chriosanna dícharbónaithe i mbearta éagsúla i leith maolú aeráide, i leith oiriúnú don aeráid agus i leith bithéagsúlachta. Cabhróidh na criosanna sin le húdaráis áitiúla sainaithint a dhéanamh ar thionscadail a rannchuideoidh leis an gcuspóir náisiúnta aeráide a bhaint amach.

Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA)

Forbraíodh na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an comhaontú nua i gcomhpháirt leis an gCumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA), atá ar an ‘nguth ionadaíoch’ don lucht bainistíochta rialtais áitiúil agus a chabhraíonn le húdaráis áitiúla seirbhísí comhroinnte a bhainistiú.

Ón mbliain 2018 i leith, tá na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ag stiúradh tionscadail éagsúla chun tacú le gníomhú údaráis áitiúil ar son na haeráide. Áirítear leo sin, mar shampla:

Suiteáil ealaíne Línte na Farraige

Chomhoibrigh Oifig Réigiúnach Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide leis an gclár Éire Ildánach, le húdaráis áitiúla, le healaíontóirí, le hOllscoil Mhá Nuad, le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus le daoine eile ar thionscadal Línte na Farraige. Tá sé comhdhéanta de shoilsithe grianchumhachtaithe a chuimsíonn línte cothrománacha LED chun leibhéil farraige agus borrthaí stoirme sa todhchaí a léiriú. Nochtar leis na suiteálacha sin na rioscaí a bhaineann le farraigí a bhíonn ag ardú agus le borrthaí stoirme agus taispeántar leo gur gá an líne a ísliú agus oiriúnú chun ár n-imeallbhoird a chosaint.

Seoladh an tionscadal i nGaillimh i mí Mheán Fómhair 2022. Suíodh soilse ag an bPóirse Spáinneach, ag Ard Bia ag Cé Nimmo agus feadh Imchuach an Chladaigh. Suiteáladh an tionscadal ag Cuan Loch Garman i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus ag Túr Martello sa Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, i mí Feabhra 2023. Forbraíodh sraith uirlisí rannpháirtíochta. Áiríodh leo sin suíomh Gréasáin idirghníomhach, taispeántas amuigh faoin spéir, spásanna taispeántais músaeim, cláir faisnéise agus clár for-rochtana scoileanna. Tá sé ar cheann amháin de 15 thionscadal a gcistíonn an ciste Éire Ildánach um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide é.

Feachtas Feasachta ar Dhumhcha

Tá Oifig Réigiúnach an Bhoird Farraige Atlantaigh Thuaidh um Ghníomhú ar son na hAeráide ag stiúradh feachtas feasachta ar dhumhcha le trí bliana anuas. Ag obair di i gcomhpháirt le Leave No Trace Ireland, le hOllscoil na Gaillimhe, agus le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, tá an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide ag forbairt foireann uirlisí, ceardlann oideachasúil agus treoirláithreáin chun cur leis an eolas agus na scileanna atá ag pobail chósta chun gníomhaíocht dhearfach a dhéanamh maidir le conas is fearr is féidir tránna agus dumhcha a bhreisiú chun an cósta a chosaint. Tá an comhaontú comhpháirtíochta i bhfeidhm agus tá obair ag dul ar aghaidh. Bunaíodh grúpa comhairleach atá comhdhéanta de dhaoine den phobal áitiúil, de chomhlachtaí reachtúla agus de bhaill foirne comhpháirtithe éagsúla.

Aip an Chláir Tionchar Aimsire (WIRE)

Sa bhliain 2021, sainaithníodh sna straitéisí oiriúnaithe ó na húdaráis áitiúla gur gá sonraí a bhailiú agus a eagrú ar thionchair na dteagmhas aimsire ar an leibhéal áitiúil chun bonn eolais a chur faoi phleanáil i leith oiriúnú don aeráid. D’fhorbair na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide Aip an Chláir Tionchar Aimsire (WIRE) agus fuarthas tacaíocht ina leith ó Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí. Leis an gcóras, soláthraítear uirlis atá bunaithe ar chóras faisnéise geografaí chun cabhrú le húdaráis áitiúla taifeadadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar thionchair na dteagmhas aimsire agus na dtreochtaí aimsire ina limistéar. Tá an aip dírithe ar bhaill foirne údaráis áitiúil atá ag freagairt do na teagmhais sin mar chuid d’fhoirne práinnfhreagartha. Cuireadh an córas chun feidhme go príomha i réigiún an Bhoird Farraige Atlantaigh Thuaidh agus tá sé ar fáil lena úsáid laistigh de gach údarás áitiúil.

Straitéis um Oiriúnú don Aeráid le haghaidh Bóithre Réigiúnacha agus Áitiúla

Sa bhliain 2019, thionscain na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide tionscadal chun treoir a sholáthar do na húdaráis áitiúla chun feabhas a chur ar athléimneacht na 96,000 km de bhóithre réigiúnacha agus áitiúla ó thaobh na haeráide de i gcomhar leis an Roinn Iompair, agus le cistiú ón Roinn Iompair. Is féidir le dálaí adhaimsire amhail teochtaí arda, teochtaí ísle agus taoide tuile tionchar damáisteach a bheith acu ar ár mbóithre agus ar an mbonneagar uisce agus teileachumarsáide ar fad atá istigh iontu. Foilsíodh an straitéis i mí Aibreáin 2023 agus leagadh amach inti conas is féidir bóithre ríthábhachtacha ar fud na hÉireann a chosaint agus a threisiú chun go mbeidh siad in ann tionchar an athraithe aeráide a sheasamh. Sa straitéis, sainaithnítear agus léarscáilítear na limistéir is mó atá soghabhálach i leith tionchair a bhaineann leis an aeráid.

Seachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide

D’oibrigh Oifig Réigiúnach Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide i gcomhar le ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath agus le Codema, gníomhaireacht fuinnimh Bhaile Átha Cliath, chun Seachtain náisiúnta Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide a eagrú sna blianta 2021 agus 2022. Is í fhís Sheachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide ná a thaispeáint do shaoránaigh cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag Baile Átha Cliath ar ghníomhú ar son na haeráide, mar aon le ról ceannaireachta na gceithre údarás áitiúla, ag obair dóibh i gcomhar le comhpháirtithe eile, a thaispeáint. Féachann Seachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide le gníomhú ar son na haeráide a réadú trína thaispeáint do shaoránaigh cén chuma atá ar ghníomhú ar son na haeráide. Taispeánann sí freisin an dul chun cinn atá á dhéanamh ar na Pleananna Gnímh don Athrú Aeráide ó cheithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath a chur chun feidhme.