Soláthraíonn an tAire Ryan infheistíocht €1.159 billiún i mBuiséad 2024, an infheistíocht is mó riamh, chun tacú le teaghlaigh, le pobail agus le todhchaí aeráidneodrach
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá an leithdháileadh Buiséid is airde riamh ar an Roinn mar fhianaise ar an tiomantas atá ag an rialtas Éire atá aeráidneodrach, atá inbhuanaithe agus atá nasctha ón taobh digiteach de a bhaint amach
- Trí cinn de chreidmheasanna fuinnimh €150, lena dtabharfar €450 do bhreis agus dhá mhilliún teaghlach i dtreo billí fuinnimh an geimhreadh seo
- An cistiú is mó riamh d’iarfheistiú agus do ghrianphainéil fhótavoltacha
- €348 milliún don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda; cuirfear leathanbhanda ardluais ar fáil do leath na dtithe uile i gceantar tuaithe na hÉireann faoi dheireadh na bliana 2024
D’áirithigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, €1.159 billiún i mBuiséad 2024 chun tacú le teaghlaigh agus pobail freastal ar chostais fuinnimh agus chun leanúint ar aghaidh an tráth céanna ar an gconair i dtreo todhchaí ísealcharbóin atá nasctha ón taobh digiteach de.
Creidmheasanna Leictreachais
Cuirfear trí cinn de Chreidmheasanna Leictreachais €150 i bhfeidhm i leith billí leictreachais baile; ceann amháin roimh Nollaig agus na cinn eile sna timthriallta billeála i mí Eanáir/i mí Feabhra agus i mí an Mhárta/i mí Aibreáin. Tá luach iomlán an bhirt seo cothrom le beagán os cionn €1 billiún, agus cisteofar go páirteach é leis an €167 milliún a cruinníodh go dtí seo ó na bearta a tugadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar na brabúis amhantair a ghnóthaigh roinnt cuideachtaí breoslaí iontaise agus gineadóirí leictreachais.
Uasghráduithe fuinnimh tí – iarfheistiú agus grianphainéil fhótavoltacha
Áirítear le Buiséad 2024 cistiú €380 milliún, an figiúr is airde riamh, d’uasghráduithe fuinnimh cónaithe agus pobail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, lena n-áirítear an Scéim Grianphainéal Fótavoltach – tá an méid sin cothrom le méadú €24 mhilliún ar an gcistiú a soláthraíodh an bhliain seo caite agus fágann sé go mbeidh an méid is mó cistiúcháin riamh ar fáil chun tithe a dhéanamh níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí agus chun an costas a bhaineann le hiad a théamh a laghdú. Forlíonfar an cistiú sin le cistiú breise ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, a úsáidfear chun tacú leis an gclár uasghráduithe fuinnimh a sheolfar an bhliain seo chugainn do theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. A bhuí leis an gcinneadh a rinne an rialtas i mí na Bealtaine i mbliana ráta 0% de CBL a chur i bhfeidhm ina leith, cuireadh borradh faoi shuiteáil grianphainéal baile ar fud na tíre, agus táthar ag súil leis go bhfaighidh 21,000 teaghlach tacaíocht sa bhliain 2023.
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
Ar mhaithe le nascacht dhigiteach na hÉireann a threisiú don todhchaí, cuireadh €348 milliún i leataobh i mBuiséad 2024 chun leanúint leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur i bhfeidhm go mear, agus seirbhísí leathanbhanda ardluais á soláthar do 100,000 ceann eile de thithe agus de ghnólachtaí in Éirinn an bhliain seo chugainn. Tá sé sin cothrom le méadú €136 mhilliún/64% ar an bhfigiúr don bhliain seo caite.
Aistriú Cóir
Tá an rialtas seo tiomanta dá chinntiú nach bhfágfar aon earnáil den tsochaí ná den phobal ar leataobh sa ghluaiseacht i dtreo todhchaí ísealcharbóin. Ar an gcúis sin, áirithíodh €45 mhilliún chun Aistriú Cóir a chinntiú sna contaetha sin sa Lár Tíre a ndéanfaidh an deireadh le baint móna an difear is mó dóibh.
Ag labhairt dó faoi Bhuiséad 2024, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Is eol don rialtas gurb airde go fóill na billí fuinnimh atá le híoc ag daoine ná iad sin a bhí le híoc acu roimh an ionradh ar an Úcráin, fiú amháin tar éis na laghduithe a thug na cuideachtaí cumhachta isteach le déanaí. Sin an fáth a bhfuil áthas orm gur féidir leis an Roinn seo soláthar a dhéanamh do thrí Chreidmheas Leictreachais an athuair i mbliana. Is féidir leis na Creidmheasanna sin, agus le sraith beart spriocdhírithe leasa shóisialaigh, cabhrú lena chinntiú gur féidir tacú le teaghlaigh, go háirithe iad sin a bhfuil an gá is mó acu le cabhair, a mbillí a íoc thar an ngeimhreadh atá le teacht. Is ionann an teachtaireacht i mbliana agus an ceann a cuireadh in iúl an bhliain seo caite; níor cheart d’aon duine déanamh gan teas ná solas an geimhreadh seo. Tá tacaíochtaí ar fáil, agus molaimid go láidir do dhaoine fanacht te agus folláin agus leanúint le dul i dteagmháil lena gcuideachtaí fuinnimh.
"Fáiltím freisin roimh an gcistiú leanúnach méadaithe le haghaidh an plean is uaillmhianaí um iarfheistiú tí san Eoraip a chur i bhfeidhm. Bunaithe ar ár bhfeidhmíocht reatha, táthar ag súil leis go sáróimid an sprioc a leagadh síos don bhliain seo, is é sin tacú le 37,000 uasghrádú fuinnimh tí. A bhuí leis an gcistiú suntasach breise, is dóigh go leanfaimid leis an bhfigiúr sin a mhéadú an bhliain seo chugainn, agus sinn ag díriú go fóill ar theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. Sa chéad leath den bhliain 2023, tháinig méadú ollmhór 231% ar shuiteáil grianphainéal i gcomparáid leis an bhfigiúr don bhliain seo caite, ag teacht sna sála ar an gcinneadh ón rialtas deireadh a chur le CBL ar ghrianphainéil. Trí Bhuiséad 2024, leanfar leis an réabhlóid dín gréine a bhrú chun cinn."
Dúirt Ossian Smith, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:
"Fáiltím roimh an méadú suntasach i gcistiú don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda faoi Bhuiséad 2024, rud trína dtabharfar an t-aistriú digiteach chuig gach cúinne d’Éirinn. Is airde i bhfad an glacadh leis an bPlean ná mar a réamh-mheasamar ar dtús, agus tá rochtain ag beagnach 200,000 ceann de theaghlaigh agus de ghnólachtaí ar leathanbhanda lánsnáithín anois. Mar gheall ar an gcistiú breise faoin mBuiséad seo, beidh leathanbhanda lánsnáithín ar fáil do bhreis agus leath na dtithe tuaithe uile faoi dheireadh na bliana seo chugainn.
"Infheisteofar beagnach €110 milliún i gcláir atá ceaptha chun leanúint leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach freisin, agus táim ag tnúth le Scéim nua Aisíoca Éarlaise a thabhairt isteach do channaí alúmanaim agus do bhuidéil phlaisteacha i mí Feabhra."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Leithdháileadh €1.159 billiún ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i mBuiséad 2024.
Áirítear iad seo a leanas le príomh-leithdháiltí Bhuiséad 2024:
An bunathrú fuinnimh, lena n-áirítear iarfheistiú: €492.4 milliún
- Leithdháileadh €380 milliún le haghaidh scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh cónaithe agus pobail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, lena n-áirítear an Scéim Grianphainéal Fótavoltach, chun leanúint le móiminteam a chothú maidir leis an bPlean Náisiúnta Iarfheistithe a sholáthar. Ba le hioncam ón gCáin Charbóin a cistíodh an leithdháileadh sin ar fad
- Úsáidfear an liúntas faoi Bhuiséad 2024 chun tacú le raon scéimeanna éagsúla a leathnú, lena n-áirítear an Scéim um Thithe Níos Teo, lena soláthraítear uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh saor in aisce do theaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh
- Úsáidfear an t-airgead seo freisin chun tacú leis an Scéim Grianphainéal Fótavoltach, lena soláthraítear réitigh bhuana i ndáil le slándáil, inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht fuinnimh. Féadfaidh iarratasóirí chuig an Scéim sin leas a bhaint freisin as an taraif Ráthaíochta Onnmhairí Glana chun íocaíochtaí a fháil as an leictreachas in-athnuaite barrachais a onnmhairíonn siad chuig an eangach
- Trí acmhainn a fhorbairt ar fud na Roinne agus ar fud na ngníomhaireachtaí Stáit, tacófar le 17 GW de ghiniúint leictreachais gaoithe ar talamh agus gréine agus le 5 GW de ghiniúint leictreachais gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030
Gníomhú ar son na haeráide agus ceannaireacht comhshaoil: €149.7 milliún
- Leis an gcistiú seo, cinnteofar go mbeimid in ann ár gceangaltais maidir le gníomhú ar son na haeráide a chomhlíonadh. Beidh taighde aeráide agus forbairt teicneolaíochtaí nua ina gcuid lárnach dár spriocanna a bhaint amach, mar atá laghdú 51% in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050
- Beidh forbairt acmhainne ar fud na Roinne agus a gníomhaireachtaí mar bhonn agus thaca freisin ag cur chun feidhme na nUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála
- Leithdháileadh €45 mhilliún ar thionscadail atá ceadaithe le haghaidh cistí náisiúnta agus an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a fháil ar fud mhór-réigiún an Láir Tíre, lena n-áirítear Gaillimh thoir, Cill Dara, Laois, an Longfort, Tiobraid Árann thuaidh, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus an Iarmhí. Leis an gcistiú seo, tacófar le Clár an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a sholáthar ar chostas €169 milliún in Éirinn
- Leithdháileadh €26.5 milliún mar chuid den uaillmhian atá againn an cistiú a thugann Éire do thíortha i mbéal forbartha a mhéadú faoi dhó faoin mbliain 2025 chun cabhrú leo dul i ngleic leis an athrú aeráide
Ár gcomhshaol a chosaint agus an geilleagar ciorclach a fhás: €109.4 milliún
- Acmhainní breise a sholáthar don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun tacú léi na feidhmeanna ríthábhachtacha ceadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin atá aici a chomhlíonadh, i measc nithe eile
- Leanúint leis an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach a chur i bhfeidhm, le tacaíocht ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, agus Scéim nua Aisíoca Éarlaise a thabhairt isteach do channaí alúmanaim agus do bhuidéil phlaisteacha i mí Feabhra 2024. Cuirfear ar aghaidh sa bhliain 2024 freisin scéim chomhthreomhar le haghaidh scairdeáin phoiblí uisce óil saor in aisce a sholáthar i ngach limistéar Údaráis Áitiúil
- Speicis uisceacha a chaomhnú agus a chosaint trí Iascach Intíre Éireann, lena n-áirítear iascach salmainide uathúil a cheannach
- Raon leathan beart um chosaint an chomhshaoil agus um fheasacht ar an gcomhshaol, lena n-áirítear bearta trí thionscnaimh bhainistíochta dramhaíola agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ó Údaráis Áitiúla
- Infheistíocht chun tacú leis an ról atá ag amhábhair san aistriú chuig geilleagar ciorclach.
- Leithdháileadh €20 milliún chun iarláithreáin líonta talún a leigheas
Nascacht agus cumarsáid den chéad scoth a sholáthar: €407.7 milliún
- Le cistiú €348 milliún, cuirfear cur i bhfeidhm an líonra leathanbhanda ardluais ar aghaidh an bhliain seo chugainn faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Cuirfear leathanbhanda snáithín ar fáil do 100,000 áitreabh eile sa bhliain 2024 (rachaidh an líonra tharstu)
- Infheisteofar €10.7 milliún sa Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2024