Tá €57 milliún i maoiniú fógartha ag an Aire Ryan do 83 agus tionscadal fuinnimh pobail agus baile
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, cé na 83 thionscadal fuinnimh pobail agus baile a gheobhaidh €57 milliún i maoiniú deontais faoin Scéim Deontais Fuinnimh Pobail.
I mbliana, tabharfar na deontais, atá á riar ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, do thionscadail a thacaíonn le 2,105 teach agus 536 tionscadal gnó. I measc na bhfaighteoirí, tá tionscadail san earnáil phoiblí, áiseanna spóirt, foirgnimh phobail agus gnólachtaí pobail. Leis an infheistíocht shuntasach seo ón rialtas, tacaítear le tionscadail a dhéanfaidh fuinneamh a spáráil a mbeadh luach €156 milliún, nó 25,000, MWh air, gach bliain.
Agus é ag labhairt le linn an fhógra, dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:
"I bPlean Gníomhaithe an Rialtais ar son na hAeráide, aithnítear an ról lárnach a bhíonn ag an bpobal chun ár gcuid spriocanna maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach. Leis an infheistíocht seo, soláthrófar uasghráduithe fuinnimh do bhreis agus 2,000 teach agus foirgneamh pobail agus tráchtála ar fud na tíre. Bainfidh na pobail a n-éireoidh leo tairbhe as foirgnimh atá níos teo agus níos sláintiúla, billí fuinnimh níos ísle agus rátaí laghdaithe astaíochtaí díobhálacha CO2. Beidh buntáistí suntasacha fostaíochta mar gheall ar na tionscadail freisin go háitiúil agus go náisiúnta."
Chuir an Dr Ciaran Byrne, Stiúrthóir ar Infheistiú Náisiúnta in Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann leis an méid sin:
"Tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ag obair leis na céadta pobal fuinnimh ar fud na tíre, ag tabhairt eolais agus na acmhainní dóibh chun a mbealach uaillmhianach ísealcharbóin féin a phleanáil. Is mór an tacaíocht a thugann deontais atá á maoiniú ag an Rialtas do na pobail seo, atá réidh le hinfheistíocht a dhéanamh i réitigh fuinnimh inbhuanaithe chun freastal ar a gcuid riachtanas. Is féidir éachtaí eile ar nós éachtaí na bpobal seo a bhaint amach, rud a mheallfadh tuilleadh saoránach i dtreo aistriú fuinnimh ghlain na hÉireann."
Faoin Scéim Deontais Fuinnimh Pobail, tugann pobail grúpaí d'fhoirgnimh le chéile a bhfuil an clár céanna aisfheistithe i gceist leo chun feabhas a chur ar chúrsaí fuinnimh i measc an phobail - ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtúla ó thaobh costais de ná mar a bheadh indéanta murach sin. Ní mór do gach tionscadal a dhéanann iarratas ar mhaoiniú tairbhe pobail a bhaineann leis an tionscadal agus cur chuige trasearnála a chur leis an tionscadal.
Réimse na bhfeabhsúchán
Faoin gclár, tá maoiniú ar fáil le haghaidh réimse feabhsúchán a dhéantar d'fhoirgnimh atá ann cheana chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun suiteáil teicneolaíochtaí in-athnuaite a éascú. Ar na feabhsúcháin seo, tá suiteáil inslithe, córais teaschaidéil, fuinneoga/dorais nua, grianteicneolaíocht fótavoltach, soilsiú atá tíosach ar fhuinneamh, agus monatóirí fuinnimh, mar aon le neart uasghráduithe fuinnimh eile.
Tá faighteoirí an mhaonithe faoin Scéim Deontais Fuinnimh Pobail scaipthe ar fud na tíre.
Buntáistí do na pobail
Chun buntáistí an chláir a fheiceáil, thug an tAire Ryan cuairt ar cheann de na tionscadail a roghnaíodh mar chuid den Scéim Deontais Fuinnimh Pobail anuraidh, chun faighteoirí rathúla na bliana seo a cheiliúradh.
Faoin chlár na bliana 2020, tugadh maoiniú nach mór €23,000 d'Ionad Pobail Chúirt Chill Chrónáin agus d'Ionad Pobail Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Úsáideadh an maoiniú chun insliú balla cuasach agus áiléir a shuiteáil, mar aon le han-chuid uasghráduithe ar fhuinneoga, dorais agus soilsiú. Bhí uasghrádú teaschaidéil san áireamh sna mórshaothair. Díreach faoi bhun €46,000 an costas iomlán a bhí ar an tionscadal.
Agus í ag labhairt ar bhuntáistí na Scéime Deontais Fuinnimh Pobail de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, dúirt Marianne Ward-O’Leary Maughan, cathaoirleach ar Choiste Comharchumainn Áitiuil, agus atá páirteach go gníomhach in Ionad Pobail Chuairt agus Phlás Chill Chrónáin:
"Tá beocht nua curtha in Ionad Pobail Chúirt agus Phlás Chill Chrónáin de bharr chlár na bPobal. Leis an uasghrádú ar an gcóras teasa beimid in ann é a úsáid i rith an gheimhridh ar fad agus beimid in ann é a úsáid le haghaidh clubanna iarscoile. Tá an t-ionad i gcroílár an phobail, is áis iontach í agus bainfimid go léir tairbhe as an uasghrádú.
"Bhí an coiste comharchumainn áitiúil go mór ar son na saothar uasghrádaithe fuinnimh a bhí ag teastáil go géar ón eastát agus ón ionad; bhí ríméad orainn gur roghnaíodh Cill Chrónáin mar chuid de scéim Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Nuair a bhí na saothair á gcur i gcrích, bhí an coiste i dteagmháil leis an gconraitheoir agus leis na baill thacaithe eile san eastát ionas le go rachadh gach rud go breá.
"Gabhaimid ár mbuíochas leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann as an deontas a chlúdaigh 50% de na costais, agus le Co-operative Housing Ireland a thug 41.5% de na costais, agus fuarthas an fuílleach ó SSE Airtricity."
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Tá an Scéim Deontais Fuinnimh Pobail á maoiniú ag an Rialtas, agus tagann an scéim le réimse roghanna deontais eile de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, a bhaineann le huasghrádú fuinnimh, mar shampla:
- Seirbhís a chlúdaíonn gach rud d'úinéirí tí a bhfuil réiteach iomlán uathu i dtaobh uasghrádú fuinnimh tí
- Deontais aonair le haghaidh uasgrádaithe fuinnimh d'úinéirí tí atá ag iarraidh uasghráduithe aonair a dhéanamh agus atá ag iarraidh a n-uasghrádú fuinnimh tí a bhainistiú
- Uasghráduithe atá saor in aisce d'úinéirí tí cáilithe atá ag fáil íocaíochtaí leasa áirithe