English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an chéad cheann de thrí chreidmheas leictreachais €200 le feiceáil ar bhillí ón 1 Samhain i leith

Ón lá amárach (an Mháirt an 1 Samhain) i leith, íocfar an chéad cheann de thrí chreidmheas leictreachais €200 (CBL san áireamh) go díreach le breis agus 2.2 milliún cuntas leictreachais baile, lena n-áirítear custaiméirí íoctha bille agus custaiméirí 'íoctar mar a úsáidtear' araon.

Beidh an líne chreidmheasa le feiceáil ar bhillí ó thús mhí na Samhna agus mí na Nollag i leith, ag brath ar sholáthraí leictreachais agus timthriall billeála an teaghlaigh. Is creidmheas uathoibríoch é an creidmheas; ní gá do dhaoine iarratas a dhéanamh air.

Íocfar an dara híocaíocht agus an tríú híocaíocht i mí Eanáir/mí Feabhra agus i mí an Mhárta/mí Aibreáin.

Léirítear in anailís ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais gurbh é an toradh a bhí ar chur i bhfeidhm an chéad chreidmheasa leictreachais ón rialtas i mí Aibreáin/mí na Bealtaine i mbliana ná laghdú sa líon custaiméirí leictreachais baile a bhí ag titim i riaráistí. Meastar go mbeadh an pacáiste iomlán €600 i gcreidmheasanna fuinnimh, a thosóidh amárach, cothrom le thart ar 25% den bhille bliantúil measta le haghaidh leictreachais don ghnáth-theaghlach.

Ag labhairt dó faoin mbeart tacaíochta sin, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Is eol dúinn ón taighde gur riachtanach atá an cineál seo tacaíochta airgeadais agus go bhfuil sé ina chabhair. Tá an ghéarchéim fuinnimh agus an costas méadaitheach maireachtála ag déanamh difear do gach duine in Éirinn. Is maith is eol don rialtas na deacrachtaí atá roimh dhaoine, go háirithe daoine scothaosta, daoine atá ar ísealioncam, teaghlaigh óga, cíosaithe agus a lán daoine eile.

"Cuireadh pacáiste tacaíochtaí ab fhiú €2.4 billiún chun feidhme ní ba luaithe i mbliana agus cuireadh pacáiste beart aonuaire ab fhiú €2.5 billiún ar áireamh i mBuiséad 2023. Ní féidir linn daoine a chosaint go hiomlán ar thionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léirítear san anailís, áfach, go gcabhróidh an teaglaim de bhearta uilíocha agus de bhearta spriocdhírithe a tugadh isteach leis an mBuiséad le teaghlaigh a chosaint, go háirithe na teaghlaigh sin atá sa bhaol is mó go bhfulaingeoidh siad bochtaineacht fuinnimh. Leanfaimid ar aghaidh ag déanamh dlúthfhaireachán ar an staid de réir mar a théimid isteach sa gheimhreadh.

"Is mian liom a chur in iúl go soiléir go bhfuil cur chuige comhordaithe uile-rialtais i leith na géarchéime costais maireachtála á ghlacadh agus go bhfuil an cur chuige sin ina chuid bhunriachtanach de dhul i ngleic leis an tsaincheist. Soláthraíonn an feachtas trasrialtais ‘Úsáid Níos Lú’ faisnéis shoiléir faoi na tacaíochtaí agus an chomhairle ar fad atá á gcur ar fáil do gach duine – ón rialtas agus ó eagraíochtaí amhail MABS agus ALONE. Tá daoine á spreagadh againn freisin airgead a choigilt trí fhuinneamh a úsáid ar shlí éifeachtúil, nuair is sábháilte déanamh amhlaidh. Ba mhaith linn go bhfanfadh gach duine te agus folláin an geimhreadh seo."

(Is ionann €200 gan CBL a áireamh agus €183.49, arb í an tsuim a fheicfidh tomhaltóirí mar mhír líne creidmheasa ar a mbillí í. Gheobhaidh gach sealbhóir cuntais leictreachais baile an tsuim ina bhfuil CBL ar áireamh, is é sin, €200. Is ionann €600 gan CBL a áireamh agus €550.47.)

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Agus úsáid á baint as an Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN), ar uimhir uathúil í, cuirfear na híocaíochtaí do shochar gach cuntais leictreachais baile, lena n-áirítear cuntais custaiméirí 'íoctar mar a úsáidtear'.

Formhaoirseacht ar an scéim

Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an Scéim Sochar Éigeandála Costais Leictreachais. Tá an scéim á hoibriú ag an Oibritheoir Córais Dáilte (Líonraí BSL) agus ag soláthraithe leictreachais. Cuirfidh Líonraí BSL na cistí ar aghaidh chuig na soláthraithe fuinnimh. Cuirfidh na soláthraithe fuinnimh an creidmheas do shochar na gcuntas leictreachais baile dá réir sin.

Beidh mír líne creidmheasa le feiceáil ar bhillí ar gach ócáid, á léiriú mar shuim €200 (gan CBL a áireamh), agus 'Creidmheas Leictreachais an Rialtais' nó leagan giorraithe den teideal sin a bheith á léiriú mar aitheantóir.

Treoir do thionóntaí – i gcásanna nach é an tionónta sealbhóir an chuntais leictreachais baile

Tá sé mar aidhm leis an gcreidmheas ranníocaíocht lena mbillí leictreachais a sholáthar do gach sealbhóir cuntais leictreachais baile. I roinnt cásanna, déanann tionóntaí i gcóiríocht ar cíos íocaíocht lena dtiarna talún as a leictreachas (agus níl cuntas leictreachais baile faoina n-ainm féin acu). Táthar ag súil leis sna cásanna sin go gcuirfidh tiarnaí talún an creidmheas ar aghaidh chuig a dtionóntaí. Chuaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhpháirt leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe chun a chinntiú go gcuirfí é sin in iúl do dhaoine ar fud na hearnála cíosa, idir thiarnaí talún agus thionóntaí. Ba cheart do na daoine sin a úsáideann leictreachas, agus a íocann as sa deireadh (bíodh sé ina mbillí leictreachais nó mar chuid dá n-íocaíochtaí cíosa), a bheith ar na daoine a bhaineann tairbhe as an Scéim.

I gcás go dtiocfaidh díospóid chun cinn, moltar do thionóntaí agus do thiarnaí talún féachaint leis an ní a réiteach le chéile ar an gcéad dul síos trí línte cumarsáide a choinneáil ar oscailt. I gcás nach féidir an díospóid a réiteach idir na páirtithe, is féidir go dtarchuirfear an ní chuig an tseirbhís idirghabhála saor in aisce a reáchtálann an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe í, áit a gcabhraíonn idirghabhálaí neamhspleách leis an dá pháirtí teacht ar réiteach a théann chun tairbhe don dá pháirtí. De rogha air sin, is féidir leis na páirtithe iarratas a dhéanamh ar bhreithiúnas chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, áit a ndéanann breithneoir neamhspleách cinneadh ar bhonn na fianaise atá bainteach leis an gcás.

Ba cheart do thionóntaí agus do thiarnaí talún aird a thabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha atá ar leathanach Scéim Sochar Éigeandála Costais Leictreachais II ar an gcéad dul síos. Má tá tuilleadh faisnéise ag teastáil maidir le díospóid a tharchur le haghaidh idirghabhála nó breithiúnais, is féidir í a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe.

Custaiméirí atá ag úsáid méadair réamhíoctha chruatain

Cuirfear gach creidmheas leictreachais €200 leis an méadar thar thrí cinn leithleacha de bhreisithe creidmheasa nó de dhíolacháin do chustaiméirí atá ag úsáid méadair réamhíoctha chruatain. Tá teorainn creidmheasa €300 ag na méadair sin, agus d’fhéadfadh an creidmheas rialtais an méadar a chur os cionn na teorann sin. Mar réiteach, miondealófar gach creidmheas ina thrí chreidmheas bheaga dar luach €90, €90 agus €20 a mbeidh an custaiméir in ann iad a fhuascailt thar dhornán laethanta trí íocaíocht €10 a dhéanamh i dtaca lena mbille leictreachais. Molfar do chustaiméirí gan ach €10 a íoc ar gach ócáid chun a gcreidmheas a fháil agus molfar dóibh lá amháin a fhágáil idir gach íocaíocht.

An 1ú díol Creidmheas €10 (ceannachán custaiméara) Cuirtear creidmheas rialtais €90 leis an dearbhán breisithe creidmheasa go huathoibríoch
An 2ú díol Creidmheas €10 (ceannachán custaiméara) Cuirtear creidmheas rialtais €90 leis an dearbhán breisithe creidmheasa go huathoibríoch
An 3ú díol Creidmheas €10 (ceannachán custaiméara) Cuirtear creidmheas rialtais €20 leis an dearbhán breisithe creidmheasa go huathoibríoch

An feachtas náisiúnta 'Úsáid Níos Lú'

Leis an bhfeachtas trasrialtais faisnéise poiblí 'Úsáid Níos Lú', gríosaítear sealbhóirí tí agus gnólachtaí a chinntiú go mbíonn siad ag baint leas as na tacaíochtaí atá i bhfeidhm chun cabhrú linn go léir teacht slán as an ngeimhreadh seo. Tá an rialtas ag iarraidh ar dhaoine coinneáil te agus folláin an geimhreadh seo agus a bheith ar an eolas go mbeidh cabhair ar fáil dóibh má bhíonn sí ag teastáil uathu thar na seachtainí agus na míonna atá romhainn.

Nuair is sábháilte agus is féidir déanamh amhlaidh, táthar ag iarraidh ar dhaoine cur amú fuinnimh a laghdú. Má úsáideann teaghlaigh agus gnólachtaí níos lú fuinnimh, cabhrófar leo airgead a shábháil.

Is iad an Coimisiún um Rialáil Fóntais, MABS (an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid), ALONE agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann na príomh-chomhpháirtithe a bhfuil baint acu leis an bhfeachtas.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na cineálacha cabhrach agus tacaíochta a bheidh ar fáil an geimhreadh seo a léamh ar leathanach an fheachtais 'Úsáid Níos Lú'.