English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá araidí donna le tabhairt isteach do gach teaghlach in Éirinn

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, reachtaíocht nua a shíniú arb é an toradh a bheidh uirthi go dtabharfaidh a mbailitheoir dramhaíola araid dhonn le haghaidh dramhaíl bhia agus dramhaíl éadrom ghairdín do gach teaghlach sa Stát.

Leis na hathruithe sin, tabharfar rochtain do gach teaghlach ar sheirbhís bailithe dramhaíola chun a ndramhaíl a leithscaradh, an méid dramhaíola a sheolfar chuig ionaid líonta talún a íoslaghdú agus dramhaíl a athúsáid trí bhearta amhail athchúrsáil, múiríniú agus díleá anaeróbach, rud a rannchuideoidh go dearfach lenár rátaí athchúrsála náisiúnta a mhéadú.

Ag fáiltiú dó roimh na rialacháin, dúirt an tAire Ryan:

"Léiríodh i staidéar a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí* gurbh é a bhí i 21% de na hábhair sna haraidí dramhaíola iarmharaí teaghlaigh ná dramhaíl bhia agus dramhaíl ghairdín a d’fhéadfaí a chur isteach san araid dhonn ina áit, rud a chabhródh le costais don sealbhóir tí a laghdú agus a chinnteodh go seolfaí níos lú dramhaíola cruthaithe astaíochtaí chuig ár n-ionaid líonta talún. An bónas breise a bhaineann leis an araid dhonn is ea gur féidir an dramhaíl orgánach a úsáid freisin chun múirín a dhéanamh, rud is féidir a úsáid dá réir chun cabhrú lenár gcuid bailte agus cathracha a ghlasú go nádúrtha.

"Ní féidir linn leanúint d’ábhair a dhéanamh, a úsáid agus a chaitheamh amach. Más rud é go n-aistrímid chuig geilleagar ciorclach agus go ndéanaimid ábhair a athúsáid agus a athchúrsáil a oiread agus is féidir, beimid in ann úsáid ábhar agus dramhaíl ábhar a laghdú agus úsáid níos fearr a bhaint as ábhair nuair is féidir.

"Tá an araid dhonn ina cuid de raon gníomhartha nua atá á ndéanamh ag an Rialtas chun daoine agus gnólachtaí a dhreasú chun a gcuid dramhaíola a laghdú agus a athchúrsáil, amhail plaistigh bhoga a cheadú san araid athchúrsála teaghlaigh, Scéim Aisíoca Éarlaise a sheoladh i mí Feabhra 2024 le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim, agus leithscaradh éigeantach a thabhairt isteach le haghaidh dramhaíl tráchtála."

Tá spriocanna dúshlánacha roimh Éirinn faoi Chreat-treoir Dramhaíola an Aontais Eorpaigh i ndáil le 55% de dhramhaíl sholadach chathrach a athchúrsáil faoin mbliain 2025, 60% di a athchúrsáil faoin mbliain 2030 agus 65% di a athchúrsáil faoin mbliain 2035. D’ainneoin na n-iarrachtaí suntasacha atá déanta ag a lán teaghlach chun a gcuid dramhaíola a bhainistiú ar bhealach níos fearr, níl ach athrú beag bídeach tagtha ar ár ráta athchúrsála dramhaíola soladaí cathrach le blianta beaga anuas. Bhí sé chomh híseal le 41% sa bhliain 2021.

Ag obair dóibh thar ceann na 31 údarás áitiúil, tá tús curtha ag na hOifigí Pleanála Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnacha cheana féin le feachtas meán chun cabhrú le feasacht a mhéadú ar na hathruithe, agus leanfar den obair sin sa bhliain nua. Chomh maith leis sin, foinse ríluachmhar comhairle agus leideanna do theaghlaigh maidir le conas is féidir dramhaíl a bhainistiú ar bhealach níos inbhuanaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi mhúiríniú baile, is ea MyWaste.ie.

Is féidir Staidéar Tréithrithe Dramhaíola na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a aimsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi staitisticí dramhaíola cathrach na hÉireann a aimsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

Is féidir Staidéar Tréithrithe Dramhaíola na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a aimsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi staitisticí dramhaíola cathrach na hÉireann a aimsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Leis an reachtaíocht nua, comhlíontar na gealltanais a tugadh sa bheartas náisiúnta dramhaíola uainn, dar teideal Item was unpublished or removedar gealltanais iad atá ag teacht freisin leis an gceanglas seo sa Chreat-treoir Dramhaíola: "faoin 31 Nollaig 2023 agus faoi réir Airteagal 10(2) agus (3), déanfar bithdhramhaíl [dramhaíl bhia nó dramhaíl ghairdín] a leithscaradh agus a athchúrsáil ag an bhfoinse, nó baileofar í ar leithligh agus ní mheascfar í le cineálacha eile dramhaíola".

Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dramhaíl Bia Teaghlaigh agus Bithdhramhaíl) (Leasú), 2023

Tiocfaidh Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dramhaíl Bia Teaghlaigh agus Bithdhramhaíl) (Leasú), 2023, in éifeacht an 31 Nollaig 2023. Leis na rialacháin sin, ceanglófar ar na bailitheoirí dramhaíola uile araid dramhaíola iarmharaí, araid earraí measctha tirime in-athchúrsáilte agus “araid dhonn” le haghaidh a ndramhaíola bia agus a ndramhaíola éadroime gairdín a sholáthar dá gcustaiméirí.

Tugtar roinnt ceanglas nua isteach leis na rialacháin. Ina measc sin:

  • cuirfear oibleagáid ar bhailitheoirí dramhaíola seirbhís bailithe dramhaíola bia a sholáthar dá gcustaiméirí teaghlaigh uile ón 1 Eanáir 2024 i leith, beag beann ar a suíomh, gan oileáin amach ón gcósta a áireamh
  • cuirfear oibleagáid ar bhailitheoirí dramhaíola taifid a choinneáil de chustaiméirí nach bhfuil ag baint leas as seirbhís bailithe dramhaíola bia agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don údarás áitiúil lena mbaineann arna iarraidh sin
  • cuirfear oibleagáid ar gach teaghlach a ndramhaíl bhia a leithscaradh, agus a iarraidh go mbaileodh bailitheoir údaraithe an dramhaíl bhia, an dramhaíl bhia a mhúiríniú nó an dramhaíl bhia a thabhairt chuig saoráid údaraithe
  • ceanglófar ar theaghlaigh nach bhfuil ag baint leas as seirbhís dramhaíola bia fógra a thabhairt dá mbailitheoir i scríbhinn ina thaobh sin, mar aon le mionsonraí a thabhairt don bhailitheoir faoi conas a bhainisteoidh siad a ndramhaíl bhia
  • ceanglófar ar bhailitheoirí dramhaíola seirbhís bailithe dramhaíola gairdín a sholáthar dá gcustaiméirí teaghlaigh ar bhonn míosúil ar a laghad idir mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair gach bliain, arna iarraidh sin, agus a gcustaiméirí a chur ar an eolas faoin bhfáil ar an tseirbhís sin
  • cuirfear oibleagáid ar gach teaghlach a ndramhaíl ghairdín a leithscaradh, agus a iarraidh go mbaileodh bailitheoir údaraithe an dramhaíl ghairdín, an dramhaíl ghairdín a mhúiríniú sa bhaile nó an dramhaíl ghairdín a thabhairt chuig saoráid údaraithe

Beidh sé faoi chuideachtaí fós cinneadh tráchtála a dhéanamh ar cé acu a sholáthróidh siad bailiúcháin leithleacha dramhaíola bia agus dramhaíola gairdín nó a bhaileoidh siad ábhair mheasctha.

Faisnéis chúlra faoin ngeilleagar ciorclach

Beidh dea-thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ag gabháil le geilleagar ciorclach a sholáthar. Tá tíortha ar fud na hEorpa ag aistriú i dtreo cleachtais gheilleagair chiorclaigh agus ag glacadh na gcleachtas sin. Tá an tAontas Eorpach ag saothrú straitéis ‘an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’ uaidh. Cuid dhílis den straitéis sin is ea an geilleagar ciorclach. I mí an Mhárta 2020, sheol an tAontas Eorpach an Dara Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach uaidh.

Ar an leibhéal náisiúnta, d’fhoilsigh Éire an chéad Straitéis uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach uaithi i mí na Nollag 2021 chun comhleanúnachas beartais a chinntiú ar fud na hearnála poiblí agus chun breac-chuntas a thabhairt do gheallsealbhóirí agus don phobal ar an gcur chuige foriomlán a ghlacann an Rialtas i leith an gheilleagair chiorclaigh.

Téann an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach, 2022, níos faide fós tríd an gcur chuige beartais sin a aistriú ina cheanglas reachtúil. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca reachtúil riachtanach ag gníomhartha éagsúla lena neartófar forfheidhmiú dramhaíola i ndáil le dumpáil mhídhleathach agus le bruscar a chaitheamh, mar shampla trína chumasú gur féidir úsáid a chomhlíonann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a bhaint as TCI agus teicneolaíochtaí eile i ngníomhartha forfheidhmiúcháin. Is é an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach an creat beartais náisiúnta le haghaidh aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. Leis an Acht seo, déantar an Straitéis sin, agus an gealltanas go ndéanfaí aistriú chuig geilleagar ciorclach, a chur ar bhonn reachtúil soiléir. Cuirfear an Clár Náisiúnta don Gheilleagar Ciorclach (a n-oibríonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil é) ar an mbonn reachtúil céanna.

Ní smaoineamh nua é an geilleagar ciorclach. Déanta na fírinne, is rudaí coitianta iad a lán gníomhaíochtaí ciorclacha. Chun na tairbhí iomlána a bhaint amach, áfach, teastaíonn níos mó ná gníomhaíocht ar leibhéal an duine aonair. Teastaíonn an meascán ceart idir beartais Rialtais, rialáil Rialtais, samhlacha nua gnó agus córais nua táirgthe freisin. Teastaíonn oideachas agus feasacht freisin.

Faigh tuilleadh faisnéise faoin nGeilleagar Ciorclach Item was unpublished or removed