English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Táthar ag glacadh le hiarratais le haghaidh Scéim Deontas Nuálaíochta an Gheilleagair Chiorclaigh

  • Dréacht-Straitéis Náisiúnta d’Éirinn d’fhonn aistriú a dhéanamh go Geilleagar Ciorclach arna fhoilsiú
  • Tá Clár Geilleagair Chiorclaigh úr, a thógfaidh áit an Chláir Náisiúnta um Chosc Dramhaíola, tar éis a fhoilsithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Tá an rialtas tar éis dréachtstraitéis náisiúnta a fhoilsiú maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh Éire aistriú a dhéanamh go Geilleagar Ciorclach agus táthar ag iarraidh ar ghnólachtaí, pobail agus saoránaigh a gcuid barúlacha a léiriú trí chomhairliúchán poiblí.

Arsa an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:

“Tá an Geilleagar Ciorclach bunaithe ar ‘níos mó a dhéanamh le níos lú’ nó ár gcuid pobal, ár dtithe agus ár ngeilleagar a chothú ach níos lú acmhainní ábhair a úsáid. Tógann an múnla seo ar chomhroinnt, athúsáid agus athcheapadh ábhair le freastal ar ár gcuid riachtanas agus tógann áit an mhúnla ‘tóg, déan, faigh réitithe de’ atá ann i láthair na huaire. Tá straitéis uile-Rialtais á forbairt anois againn lena chinntiú go ndéanann Éire aistriú go Geilleagar Ciorclach agus go mbainfear sochar as na deiseanna a thagann le geilleagar ciorclach. Ar na deiseanna seo, bheadh dramhaíl a laghdú, ár lorg carbóin a mhaolú, tacú leis an bhforbairt gheilleagrach ar bhonn áitiúil agus réigiúnach, múnlaí úra gnó a fhorbairt agus deiseanna fostaíochta a chruthú d’oibrithe oilte.”

Tá leagtha amach sa dréacht-Straitéis an rud is geilleagar ciorclach ann, an fáth ar gá d’Éirinn geilleagar ciorclach a bhaint amach agus mar a fhorbrófar an beartas náisiúnta le tacú leis an sprioc sin.

Tá 5 chroí-chuspóir ann:

  • Creat beartais náisiúnta a sholáthar chun tacú le haistriú na hÉireann i dtreo geilleagar ciorclach
  • Tacú le bearta agus iad a chur i bhfeidhm, d’fhonn bearna chiorclachta na hÉireann a laghdú go suntasach, i ndearbhthéarmaí, agus i gcomparáid le Ballstáit eile de chuid an AE, le go mbeidh ráta na hÉireann os cionn meánráta an AE faoi 2030.
  • Feasacht le haird teaghlach, gnólachtaí agus saoránach a tharraingt ar an ngeilleagar ciorclach agus mar a d’fhéadfadh sé a saol a fheabhsú
  • Infheistíocht mhéadaithe sa gheilleagar ciorclach a chothú agus a chur chun cinn d’fhonn fás geilleagrach agus fostaíocht inbhuanaithe, a bheidh cothrom ar bhonn réigiúnach, a sholáthar
  • Na bacainní geilleagracha, rialachais agus sóisialta atá idir Éire agus an t-aistriú go geilleagar níos ciorclaí a shainaithint agus dul i ngleic leo

Tiocfaidh, leis an straitéis deiridh, comhartha tábhachtach beartais don chóras agus do na margaí trí chéile go bhfuil Éire tiomanta don aistriú go ciorclacht. Gheall an rialtas go soláthrófaí an straitéis seo faoin bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach .

Beidh iarracht ón tsochaí ar fad ag teastáil le haghaidh an aistrithe seo againn i dtreo geilleagar ciorclach. Chun cuidiú le pobail an t-aistriú go geilleagar ciorclach a dhéanamh, tá an rialtas tar éis Scéim Deontas Nuálaíochta Geilleagair Chiorclaigh (SDNGC) úr a sheoladh. Is é is aidhm leis an scéim deontas ná tacú leis an nuálaíocht agus le tionscadail geilleagair chiorclaigh a mbeadh fiontair shóisialta, eagraíochtaí deonacha agus pobail agus gnólachtaí ag a mbeadh níos lú ná 50 fostaí ag gabháil dóibh. Is í an tsuim iomlán a bheidh ar fáil faoi SDNGC le haghaidh ghairm 2021 ná €250,000. Is é €50,000 an deontas uasta 1 bhliana a bheidh ar fáil agus luíonn an réimse táscach maoinithe le haghaidh tionscadal idir €10,000 - €50,000.

D’fhéadfaí iarratais ar mhaoiniú a dhíriú ar na réimsí téamacha a bhaineann le tosaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh in Éirinn: plaistigh, dramhaíl tógála agus scartála, dramhbhia agus acmhainní & amhábhair (trealamh leictreach agus leictreonach, teicstílí, troscán). Ar roinnt samplaí de na cineálacha (chun críche léiriúcháin) tograí a bhféadfaí breithniú a dhéanamh orthu le haghaidh maoinithe, bheadh na nithe a leanas:

  • Táirgí nó pacáistiú a athdhearadh d’fhonn plaisteach in-athchúrsáilte a chur isteach in áit plaisteach neamh-in-athchúrsáilte nó plaisteach in-athchúrsáilte a chur isteach in áit plaisteach nuashaothraithe.
  • Táirgí a athdhearadh d’fhonn an athchúrsáil a éascú nuair a bheadh a ré caite
  • Táirgí tógála ciorclacha (táirgí a bhféadfaí iad a athúsáid nó a mbeadh ré úsáidte níos faide ag baint leo)
  • Scartáil roghnaitheach nó ghlas le go bhféadfaí ábhair ghuaiseacha a dhiúscairt agus chun athúsáid agus athchúrsáil a éascú.
  • Réitigh nuálacha coiscthe dramhaíola a chur chun cinn sna hearnálacha táirgthe agus próiseála bia.
  • Idirghabhálacha teicniúla agus iompraíochta a chur i bhfeidhm d’fhonn laghdú a dhéanamh ar dhamhbhia i suíomhanna tráchtála
  • Méid na substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí a laghdú
  • Cur le haisghabháil amhábhar criticiúil liostaithe

I gcomhréir leis na bearta atá molta sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola, inniu, tá Clár Geilleagair Chiorclaigh úr na hÉireann, a bheidh faoi stiúir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) á 8sheoladh freisin. Cuireann an clár úr seo le cúig bliana déag de cheannaireacht ón GCC i dtaca le cosc dramhaíola lena n-áirítear feachtas coiscthe dramhbhia na hÉireann, a bhfuil dea-chlú air, agus forbairt na treorach náisiúnta ar thopaicí tosaíochta amhail Bainistiú Dhramhaíl Tógála agus Soláthar Poiblí Glas. Trína cuid oibre sa réimse seo, tacaíonn an GCC freisin leis an Dublin Rediscovery Centre mar Lárionad Náisiúnta don Gheilleagar Ciorclach; agus le Circuleire - Ardán Náisiúnta na Déantúsaíochta Ciorclaí.

Beidh Clár Geilleagair Chiorclaigh úr na GCC ina cheann feadhna ar aistriú na hÉireann i dtreo geilleagar ciorclach i measc gnólachtaí, úinéirí tí agus na hearnála poiblí. Tá sé bunaithe ar ord na réiteach dramhaíola inar tugadh tús áite don Chosc Dramhaíola, agus ansin: Athúsáid; Athchóiriú agus Athchúrsáil.

Díreofar gníomhaíochtaí laistigh den chlár ar na hearnálacha is mó a úsáideann acmhainní agus inarb airde an acmhainneacht ó thaobh na ciorclachta de. Tríd an gclár, soláthróidh an GCC léargais agus sonraí le tacú le beartas náisiúnta geilleagair chiorclaigh agus le feachtais chun iompraíocht a athrú. Ar na samplaí luatha den chur chuige seo, beidh forbairt na dtreochlár spriocbhunaithe le haghaidh Dramhbhia agus Plaisteach d’fhonn na gníomhartha earnála atá ag teastáil chun aistriú náisiúnta go ciorclacht a bhaint amach a chur i bhfriotal. Ar a bharr sin, leanfar de agus forbrófar an múnla rathúil d’obair chomhpháirtíochta, mar a mbeidh comhoibriú úr ann chun cultúr athúsáidte agus athchóirithe na hÉireann a fhás.

Is iad cuspóirí an chláir:

  • Ceannasaíocht a sholáthar d’fhonn comhsheasmhacht a fheabhsú i dtaca le forbairt agus rialáil an gheilleagair chiorclaigh in Éirinn
  • Clár iomaíoch de thacaíochtaí a chothú chun an geilleagar ciorclach a thiomáint trí dheontais nuálaíochta agus síolmhaoiniú a sholáthar do thionscnaimh a mbeadh ábharthacht náisiúnta ag baint leo.
  • Gníomhartha a chur i bhfeidhm lena gcuirfear le bonn eolais agus fianaise d’fhonn forbairt an gheilleagair chiorclaigh a threorú in Éirinn, agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na ciorclachta.
  • Deis na fiontraíochta a réadú trí bheith ag tacú le múnlaí nua gnó; éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn; agus luach ábhar a choimeád trí úsáid fheabhsaithe na n-ábhar tánaisteach/athchúrsáilte

Beidh an comhairliúchán poiblí ar an gClár oscailte go dtí 17:30, an 11 Meitheamh 2021.

Ag labhairt di ag seoladh an chláir inniu, arsa Laura Burke, Stiúrthóir na GCC:

“Tacaíonn Clár Geilleagair Chiorclaigh na GCC le straitéis an rialtais agus aistreoidh sé uaillmhianta ciorclacha náisiúnta isteach i ngníomhaíochtaí laethúla na n-ionad oibre agus na dtithe ar fud na hÉireann.

Le geilleagar atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus sochaí athléimneach a chruthú, beidh gá le bunathrú leitheadach i ngach earnáil. Beidh an clár úr seo ag obair le ceannairí gnó, le heiseamláirí san earnáil phoiblí agus leis an bpobal chun ár meon i leith an tomhaltais a athrú agus chun deiseanna úra a fhorbairt le freastal ar riachtanais tomhaltóirí agus le dramhaíl agus astaíochtaí carbóin a laghdú. Táimid ag dúil le barúlacha ár gcuid páirtithe leasmhara a chloisteáil i dtaca le cuspóirí agus tosaíochtaí an chláir.”

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Comhairliúchán Poiblí ar dhréachtstraitéis an Gheilleagair Chiorclaigh

Beidh an comhairliúchán poiblí ar an dréacht-Straitéis Geilleagair Chiorclaigh oscailte go dtí 17:30, an 11 Meitheamh 2021.

Beidh tionchar dearfach timpeallachta, eacnamaíochta agus sóisialta ag cur i bhfeidhm an gheilleagair chiorclaigh agus beifear in ann, ach creat beartais ciorclach dea-dheartha a bheith ann, sochair chomhchoiteanna a shainaithint le go n-eascróidh feabhsuithe comhshaoil as deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha chomh maith, agus a mhalairt. Ar fud na hEorpa, tá tíortha ag glacadh le cleachtais geilleagair chiorclaigh agus tá an tAontas Eorpach ag gabháil go gníomhach dá straitéis i dtaca le ‘Chomhaontú Glas don Eoraip’ a bhfuil an geilleagar ciorclach lárnach ann. I mí an Mhárta 2020, sheol an tAE an dara Plean Gníomhaíochta Geilleagair Chiorclaigh aige. Ag leibhéal náisiúnta, tá an chéad Straitéis Geilleagair Chiorclaigh Uile-Rialtais á réiteach ag Éirinn d’fhonn comhsheasmhacht beartais a chinntiú ar fud na hearnála poiblí agus chun breac-chuntas a thabhairt ar chur chuige foriomlán an Rialtais i leith an gheilleagair chiorclaigh do pháirtithe leasmhara agus don phobal.

Is tionscadal fadtéarmach é na cuspóirí seo go léir a bhaint amach agus, ar ghlacadh léi, déanfar athbhreithniú agus nuashonrú rialta ar an Straitéis lena chinntiú go gcomhlíonfar na cuspóirí. Táthar ag dúil le go gcuimseofar sna leaganacha todhchaí den Straitéis, de réir mar a fhorbrófar an creat beartais náisiúnta, bearta agus spriocanna geilleagair chiorclaigh níos mionsonraithe.

Go dtí pointe, tá gníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh coitianta cheana: is samplaí simplí iad cupa in-athúsáidte a úsáid le haghaidh caife beir leat, rudaí a dheonú do shiopa carthanachta, nó péire bróg a dheisiú in áit iad a chaitheamh amach, de shlite inar féidir ré táirge a shíneadh trí athúsáid nó athchóiriú.

Is ionann an t-athmhonarú agus sampla níos speisialaithe den gheilleagar ciorclach nó is próiseas tionsclaíoch é ina mbaintear táirgí as a chéile lena nglanadh agus a ndeisiú, agus ansin iad a chur le chéile arís mar a bheadh cinn nua ann, le gur féidir iad a úsáid arís. Is cleachtas seanbhunaithe é an t-athmhonarú i roinnt tionscal lena n-áirítear earnáil na ngluaisteán agus earnáil na heitlíochta. Ní gá gur buarthaí comhshaoil a spreagann an t-athmhonarú nó déantar é mar gheall ar luach ard na gcomhbhall athmhonaraithe agus mar gur fearr timthriallta cothabhála lena mbaineann athmhonarú sceidealaithe ná na comhbhaill a bheith ag teip sula n-athnuaitear iad.

Tá gá, áfach, le cur chuige níos uaillmhianaí claochlaithí i leith an táirgthe agus an tomhaltais d’fhonn geilleagar ciorclach córasach a bhaint amach, geilleagar ina n-íoslaghdaítear ar dhramhaíl agus ar ídiú acmhainní ar bhonn réamhshocraithe, ina gcaomhnaíonn dearadh maith luach an táirge chomh fada agus is féidir agus, nuair a thiocfadh táirge go deireadh a ré, ina bhféadfaí a chuid comhbhall a athúsáid go héasca arís agus arís eile chun táirgí úsáideacha eile a chruthú.

Scéim Deontas Nuálaíochta an Gheilleagair Chiorclaigh

Is féidir sonraí iomlána ar an bpróiseas iarratais le haghaidh SDNGC a fháil ar gov.ie agus glacfar le hiarratais go dtí an 28 Bealtaine 2021.