Téann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus an Garda Síochána i bpáirt le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) chun feasacht a mhéadú ar chibirsceamálacha
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2023
- Seolann an tAire Stáit Ossian Smyth feachtas feasachta poiblí le haghaidh Mhí Eorpach na Cibearshlándála, a bheidh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair
Rinne Ossian Smyth, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Soláthar Poiblí, ríomh-Rialtas, Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach; agus Juhan Lepassaar, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), feachtas feasachta poiblí a sheoladh inniu le haghaidh Mhí Eorpach na Cibearshlándála, a bheidh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair.
Leagtar díriú san fheachtas ar na bearta dearfacha is féidir leis an bpobal a dhéanamh chun iad a chosaint ar chalaoisí innealtóireachta sóisialta.
Tá iarrachtaí innealtóireachta sóisialta á ndéanamh ag coirpigh trí fhioscaireacht (ríomhphoist chalaoiseacha), trí smioscaireacht (teachtaireachtaí téacs calaoiseacha) agus trí ghlaoscaireacht (glaonna teileafóin calaoiseacha). Tá an feachtas á chur chun cinn i gcomhpháirt ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus ag Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána agus úsáidfidh sé fógraí sna meáin shóisialta agus ar an raidió chun feasacht a mhéadú ar na bearta is féidir a dhéanamh chun gníomhú in aghaidh na ngníomhaíochtaí calaoiseacha sin.
Déantar fioscaireacht (agus smioscaireacht agus glaoscaireacht) chun airgead a ghoid nó chun rochtain a fháil ar fhaisnéis íogair le haghaidh gníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanamh ina dhiaidh sin. Tá sé mar aidhm le gníomhaíochtaí den sórt sin dallamullóg a chur ar dhaoine aonair agus cur as dóibh ó thaobh an airgeadais de nó ó thaobh na mothúchán de nó ó thaobh an airgeadais agus na mothúchán araon de. Tá sé mar aidhm leis na modhanna a úsáidtear in ionsaithe den sórt sin dul i gcion ar íospartaigh ó thaobh na síceolaíochta de agus áitiú orthu trí chleasaíocht faisnéis phearsanta íogair a thabhairt.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Smyth:
"Is é atá in innealtóireacht shóisialta a úsáid trí fhioscaireacht agus trí ionsaithe eile den sórt sin chun spriocdhíriú ar fhaisnéis phearsanta daoine aonair ná cineál millteanach cibirionsaithe ar dócha gur tháinig a lán daoine dínn air tráth éigin.
"Tá sé tábhachtach go gcuimhneoimis ar roinnt ama a thabhairt dúinn féin ar ríomhphost amhrasach nó téacs amhrasach a fháil. Déanfaidh ionsaithe iarracht braistint bhréagach práinne a chruthú – níl aon ghá againn le freagra a thabhairt laistigh d’amscála bréagach den sórt sin.
"Is é is Mí Eorpach na Cibearshlándála ann ná dóigh iontach chun feasacht a mhéadú ar a thábhachtaí atá sé go dtabharfaimis am agus spás dúinn féin ar chomhfhreagras den sórt sin a fháil agus chun sinn féin a chosaint ar na hionsaithe calaoiseacha sin."
Mar an gcéanna, dúirt an tUas Lepassaarr:
"Ceann de na naisc is laige sa chibearshlándáil is ea daoine. Trína mhíniú conas a oibríonn innealtóireacht shóisialta dáiríre, cruthaítear feasacht ar ghaistí féideartha."
Mar chuid den seoladh, cuireadh plé painéil ar siúl ar ghlac saineolaithe ar an gcibearshlándáil páirt ann. Ina measc sin bhí an tUas Lepassaar, Richard Browne (Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála), Laura Heuvinck (urlabhraí ENISA) agus Florian Pennings (Stiúrthóir um Beartas Cibearshlándála Eorpach, Microsoft).
Ag labhairt dó faoi na bagairtí atá ar Éirinn de dheasca cibirionsaithe, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:
"Is cuma cé acu a bhaineann sé le gníomhaíochtaí spiaireachta a bheith á ndéanamh ag gníomhaithe mailíseacha Stáit a bhfuil ardteicneolaíocht acu nó a bhaineann sé le haiceálaithe coiriúla íseal-leibhéil atá ag iarraidh scéiméireacht a dhéanamh ar dhaoine, is minic is é a bhíonn sa chéad chéim in ionsaí ná gaiste simplí fioscaireachta lena n-iarrfar ar dhuine trí chleasaíocht bogearraí mailíseacha de chineál éigin a íoslódáil. Más féidir é sin a chosc ó thús, beimid uile níos sábháilte."
Príomhthéamaí
Déanann an chibearshlándáil difear do gach duine dínn agus is féidir leis an innealtóireacht shóisialta, a bhfuil mar aidhm léi áitiú ar an sprioc faisnéis shonrach a nochtadh nó gníomh sonrach a dhéanamh ar chúiseanna neamhdhlisteanacha, spriocdhíriú ar dhuine ar bith, beag beann ar aois nó gairm an duine. Baineann ríthábhacht le cumhachtú maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an tsábháilteacht ar líne. Tá ag formhór mór na ndaoine aonair an t-eolas chun a ngníomhaíochtaí ar líne a dhéanamh go sábháilte agus go slán. Dá ainneoin sin, bíonn na gníomhaithe atá ag iarraidh spriocdhíriú orthu ag éirí níos sciliúla i gcásanna a chruthú lena spreagtar braistint bhréagach práinne i measc na ndaoine sin a bhfuil siad ag spriocdhíriú orthu.
Ina lán cásanna, gabhann teorainneacha ama saorga le teachtaireachtaí nó le glaonna gutháin: "mura n-íocann tú do ríomhdhola in am, tabharfar os comhair na cúirte thú". Is é an toradh atá ar an mbrú a thagann as an teicníc sin ná go ngníomhaíonn daoine aonair ar bhealach neamhghnách. Dá réir sin, is é atá i gceist leis an bhfeachtas i mbliana ná am a thógáil agus an cheist seo a leanas a chur ort féin: "an fíortheagmháil í seo?"
Is í an dóigh is fusa ar féidir le calaoiseoirí faisnéis phearsanta duine éigin a fháil ná ón duine aonair go díreach. Is í an dóigh is fearr ar féidir leat tú féin a chosaint ná gan an fhaisnéis sin a thabhairt, is cuma cé chomh hinchreidte agus atá an iarraidh. Ní dhéanann cibearchoirpigh aon idirdhealú. Mar sin féin, is bearta réamhghníomhacha is féidir a dhéanamh chun gníomhú in aghaidh a n-iarrachtaí iad aird a thabhairt ar mhionsonraí agus smaoineamh roimh chliceáil chun freagra a thabhairt.
Mar an gcéanna, is féidir le daoine fíordheimhniú ilfhachtóra, pasfhocail shlána agus cúltacaíochtaí a úsáid agus gléasanna a nuashonrú chun smacht a bheith acu ar a sábháilteacht féin ar líne agus iad féin a chosaint ar ionsaithe féideartha.
Leideanna chun tú féin a chosaint ar smioscaireacht:
1. Ná freagair
2. Moilligh – go háirithe más iarraidh phráinneach í
3. Ná cliceáil ar naisc choíche mura n-aithníonn tú an seoltóir
4. Má tá amhras ort, cuir glao ar do bhanc nó ar d’fhoras airgeadais
Leideanna chun tú féin a chosaint ar innealtóireacht shóisialta:
1. Bí airdeallach ar thairiscintí tarraingteacha
2. Ná géill do bhrúnna ama
3. Ná tabhair faisnéis airgeadais choíche
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is é an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála aonad oibríochtúil an rialtais le haghaidh slándáil líonra agus faisnéise agus gníomhaíonn sé mar phointe teagmhála lárnach i gcás teagmhas cibearshlándála rialtais nó náisiúnta a dhéanann difear don Stát. Freastalaíonn sé ar eagraíochtaí ó Rialtas na hÉireann agus ar líon mór soláthraithe Bonneagair Chriticiúil Náisiúnta ó phríomhearnálacha amhail an earnáil fuinnimh, an earnáil iompair agus an earnáil sláinte.
Is féidir le daoine den phobal teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála freisin má tá siad den tuairim gur tháinig siad ar theagmhas cibearshlándála a bhféadfadh go mbeadh tionchar náisiúnta aige. Maidir le daoine den phobal nó le gnólachtaí ar íospartaigh na cibearchoireachta iad, áfach, ba cheart dóibh na teagmhais sin a thuairisciú don Gharda Síochána i gcás go ndearnadh difear dóibh ina n-aonar.
Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána
Tá freagracht ar Bhiúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána as imscrúdú a dhéanamh ar chibearchoireanna suntasacha casta lena spriocdhírítear ar ríomhchórais, is cuma cé acu atá na ríomhchórais sin faoi úinéireacht cuideachta nó faoi úinéireacht phríobháideach. Is é an Biúró an príomhtheagmhálaí le lárionaid idirnáisiúnta agus Eorpacha forfheidhmithe dlí um chibearchoireacht agus bhunaigh sé comhpháirtíochtaí láidre leis an lucht léinn agus leis an earnáil teicneolaíochta.
Tá freagracht ar an mBiúró as seirbhís ríomhfhóiréinsice a sholáthar do gach imscrúdú coiriúil, agus oibríonn sé i ndlúthchomhar leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála i gcás gur soláthraí Bonneagair Chriticiúil Náisiúnta é sprioc an ionsaithe chun na páirtithe atá freagrach as an gcibirionsaí agus na modhanna a úsáideadh lena linn a shainaithint.
I dteannta na bpríomhról sin, cuireann an Biúró comhairle cibearchoisc ar an earnáil chorparáideach agus ar an earnáil phoiblí faoi bhagairtí ar líne agus faoi shábháilteacht ar líne. Aon daoine nó aon chuideachtaí atá den tuairim gur íospartaigh aon chibearchoire iad, ba cheart dóibh í a thuairisciú dá stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána.
Mí Eorpach na Cibearshlándála
Comhordaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) Mí Eorpach na Cibearshlándála, a chuirtear ar siúl gach bliain le linn mhí Dheireadh Fómhair. Is féidir an phreaseisiúint ó ENISA le haghaidh Mhí Eorpach na Cibearshlándála a aimsiú anseo ar [external-link https://www.enisa.europa.eu/news | shuíomh gréasáin na gníomhaireachta.] Is é an leathanach tiomnaithe don mhí ná: www.cybersecuritymonth.eu.
Faigheann an feachtas tacaíocht ar fud na hEorpa ó Bhallstáit, a eagraíonn lear gníomhaíochtaí amhail comhdhálacha, ceardlanna agus seimineáir Ghréasáin. Chomh maith leis sin, scaipeann siad ábhar cuí múscailte feasachta agus dea-chleachtais chun cibearshlándáil agus cibearshláinteachas a chur chun cinn. Le linn mhí Dheireadh Fómhair, comhroinnfidh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána inneachar ó ENISA.