English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tús le Suirbhéireacht Tellus ar Eitilt in Éirinn Theas-Láir

Cuirfear tús sna laethanta beaga atá romhainn leis an gcéad chéim eile i Suirbhéireacht Tellus, clár náisiúnta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, i gcontaetha i ndeisceart agus i lár na hÉireann. Is clár é Tellus ina mbailítear sonraí geoiceimiceacha agus geoifisiceacha faoi charraigeacha, ithir agus uisce ar fud na hÉireann. Chun na sonraí geoifisiceacha a bhailiú, eitleoidh eitleán ísealeitilte a bhfuil na huirlisí is nua-aimseartha ann thar Chontaetha Laoise, Thiobraid Árann, Chill Chainnigh agus Phort Láirge agus thar áiteanna ar leith i gContaetha Uíbh Fhailí, Chorcaí, Cheatharlach agus Chill Dara idir Meán Fómhair agus deireadh na bliana, ach an aimsir a bheith fóirsteanach.

Táthar ag déanamh mapála ar fud na hÉireann mar chuid de chlár Shuirbhéireacht Tellus le naoi mbliana anuas agus tá sé á mhaoiniú faoi láthair faoi Tionscadal2040, Plean Náisiúnta Forbartha na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Is aidhm leis an gclár mapáil a bheith déanta ar 75% d’Éirinn faoi 2020 agus go mbeifear in ann buntáistí eacnamaíochta, comhshaoil agus talmhaíochta a bhaint as na sonraí a bhaileofar, ina measc: a bheith ag cur leis na hiarrachtaí atá idir lámha theacht ar thuiscint níos fearr ar an gcomhshaol áitiúil; bainistiú ithreach, agus na féidearthachtaí a bhaineann leis na hacmhainní nádúrtha atá sna contaetha thuasluaite. Déantar na sonraí a bhailítear le linn thionscadal Tellus a fhoilsiú agus a chur ar fáil saor in aisce do chách ar shuíomh gréasáin Tellus www.tellus.ie.

Dúirt an Dr James Hodgson, Geolaí Sinsearach agus Bainisteoir Tionscadail Tellus:

“Is tionscadal náisiúnta tábhachtach í Suirbhéireacht Tellus a thugann léargas luachmhar dúinn ar chomhdhéanamh geolaíochta na hÉireann. Cuidíonn na sonraí a bhailítear i Suirbhéireacht Tellus linn ár dtimpeallacht agus ár n-acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar dhóigh inbhuanaithe agus sláinte phoiblí a chosaint ag an am céanna. Tá lúcháir orm go bhfuil tús curtha le céim an cheantair theas-láir agus gabhaimid buíochas leis na pobail i gContaetha Laoise, Thiobraid Árann, Chill Chainnigh, Phort Láirge, Uíbh Fhailí, Chorcaí, Cheatharlach agus Chill Dara as a dtacaíocht le linn an tséasúir eitilte seo.”

Is eitleán bán dhá lián é eitleán na suirbhéireachta (mar atá le feiceáil sa phictiúr) agus tá sé le haithint go soiléir ar an ruball dearg, an stríoc dhubh agus an focal ‘SURVEY’, agus an uimhir cláraithe C-GSGF atá scríofa ar dhá thaobh an eitleáin.

Beidh eitleán na suirbhéireachta lonnaithe in aerfort Phort Láirge. Eitleoidh sé 60 méadar os cionn ceantair thuaithe – tuairim is ocht n-oiread chomh hard le teach dhá stór – agus 240 méadar os cionn ceantair uirbeacha sna míonna beaga atá romhainn, de réir mar atá faofa ag Údarás Eitlíochta na hÉireann.

Siocair go mbeidh an t-eitleán suirbhéireachta ag eitilt go híseal sa spéir, moltar do dhaoine atá imníoch faoi stoc íogair teagmháil a dhéanamh le Tellus ar an Líne Eolais Saorghlao 1800 45 55 65. Beidh foireann Tellus breá sásta eolas a thabhairt faoi na pleananna eitilte atá beartaithe.

CRÍOCH


Nótaí d’eagarthóirí

  • Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann(SGÉ) Gníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta na hÉireann. Tá an t-eagras freagrach as comhairle agus eolas geolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Déanann SGÉ réimse táirgí, ina measc mapaí, tuarascálacha agus bunachair shonraí. Bíonn sé ag feidhmiú mar lárionad faisnéise agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach réimse de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg de chuid na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil í SGÉ.
  • Is í Sander Geophysics Ltd. atá ag reáchtáil na suirbhéireachta ar eitilt ar son Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.
  • Bíonn réimse uirlisí ar bhord an eitleáin ar mhaithe le loingseoireacht agus chun airíonna geoifisiceacha an talaimh a thomhas.
  • Is iad seo a leanas na huirlisí geoifiseacha atá ar bhord an eitleáin: i) maighnéadaiméadar a thomhaiseann an t-éagsúlú i réimse maighnéadach an Domhain; ii) braiteoir gathanna gamma a thomhaiseann radaighníomhaíocht nádúrtha ithreach éadoimhne agus carraigeacha; iii) córas leictreamaighnéadach réimse minicíochta a thomhaiseann éagsúlú seoltachta idir ithreacha agus carraigeacha difriúla. Tá na huirlisí go léir sábháilte agus ní chuireann siad radaíocht ar bith amach.
  • Ar na huirlisí loingseoireachta atá ar bord tá: i) córas loingseoireachta satailíte; ii) airdemhéadar radair le hairde a thomhais; iii) físcheamara chun a thaifeadadh cá háit a n-eitlíonn an t-eitleán ar mhaithe le cáilíocht na sonraí – ní bheidh an t-ábhar físe in úsáid ar aon chúis eile seachas an ceann seo.