English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tagann an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla i bhfeidhm

  • Táthar ag díriú ar sholáthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a chinntiú

Tháinig Rialachán nua ón Aontas Eorpach, mar atá an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, i bhfeidhm in Éirinn inniu. A bhuí leis an nGníomh, cinnteofar go mbeidh rochtain ag an Aontas Eorpach ar sholáthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil, rud lena gcumasófar don Eoraip a cuspóirí aeráide agus digiteacha don bhliain 2030 a chomhlíonadh.

Bíonn amhábhair chriticiúla ríthábhachtach don Eoraip ón taobh eacnamaíoch de, cé go mbíonn siad ríleochaileach i leith cur isteach ar an soláthar ag an am céanna. Tá méadú as cuimse le teacht ar éileamh an Aontais Eorpaigh ar Amhábhair Chriticiúla amhail litiam, copar agus cóbalt, de réir mar a aistríonn an tAontas Eorpach chuig córais fuinnimh ghlain ar gá dlús a chur le táirgeadh ceallraí, grianphainéal, buanmhaighnéad agus teicneolaíochtaí glasa eile ag an Aontas Eorpach ina leith.

Sa lá atá inniu ann, tá an Eoraip ag brath go mór ar allmhairí, ar allmhairí iad a thagann as tríú tír amháin ina lán cásanna, agus bhí spleáchais straitéiseacha an Aontais Eorpaigh le feiceáil go soiléir i ngéarchéimeanna a thit amach le déanaí. Murach gníomhaíocht chomhpháirteach thráthúil, margadh aonair a bhíonn ag feidhmiú go maith, athléimneacht agus iomaíochas, is i mbaol a bheidh na hiarrachtaí atá ar bun ag tionscail Eorpacha agus ag an Aontas Eorpach a chuspóirí aeráide agus digiteacha a chomhlíonadh.

Freagairt chuimsitheach do na dúshláin sin is ea an Gníomh. Ag tógáil dó ar neart an mhargaidh aonair, cinnteofar leis an Rialachán go mbeidh an tAontas Eorpach in ann brath ar shlabhraí luacha a bheidh láidir, athléimneach agus inbhuanaithe le haghaidh amhábhair chriticiúla. Leis an Rialachán, neartófar gach céim den slabhra luacha amhábhar criticiúil Eorpach, éagsúlófar allmhairí an Aontais Eorpaigh chun spleáchais straitéiseacha a laghdú, feabhsófar acmhainn an Aontais Eorpaigh chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí go gcuirfí isteach ar an soláthar amhábhar criticiúil agus chun na rioscaí sin a mhaolú, agus feabhsófar ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht.

Tugtar breac-chuntas sa Rialachán ar 34 Amhábhar Chriticiúla a n-iarrfar leis ar na Ballstáit próisis a achtú ina leith chun cabhrú le tionscadail Amhábhar Criticiúil a chumasú. Aithníonn an Coimisiún, áfach, nach mór díriú sonrach a leagan ar na hamhábhair sin a úsáidtear i dteicneolaíochtaí straitéiseacha agus shainaithin sé fothacar de 17 n-ábhar a meastar gur Amhábhair Straitéiseacha iad. Leagtar amach sa Ghníomh na tagarmharcanna seo a leanas feadh an tslabhra luacha amhábhar straitéiseach:

  • 10% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais Eorpaigh le haghaidh eastóscadh
  • 40% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais Eorpaigh le haghaidh próiseáil
  • 25% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais Eorpaigh le haghaidh athchúrsáil
  • Ní cúis le níos mó ná 65% de thomhaltas bliantúil an Aontais Eorpaigh i dtaca le hamhábhar straitéiseach den sórt sin aon tríú tír

Ainmniú 'Tionscadal Straitéiseach'

Bainfidh na tionscadail sin a dtabharfar ainmniú ‘Tionscadal Straitéiseach’ dóibh leas as nósanna imeachta ceadúcháin a bheidh níos cuíchóirithe agus níos éifeachtúla agus as rochtain éascaithe ar chainéil mhaoiniúcháin. Beidh freagracht ar gach Ballstát as údarás amháin nó níos mó a ainmniú mar Phointí Teagmhála Aonair, a mbeidh freagracht orthu as an bpróiseas deonaithe ceadanna a chomhordú le haghaidh tionscadail amhábhar criticiúil agus tionscadail amhábhar straitéiseach araon. A luaithe a bheidh an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla curtha chun feidhme, tá sé beartaithe ag Éirinn dhá Phointe Teagmhála Aonair a bheith aici – Pointe Teagmhála Aonair amháin a dhéileálfaidh le heastóscadh agus Pointe Teagmhála Aonair amháin a dhéileálfaidh le próiseáil agus le hathchúrsáil.

Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, deimhnítear Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha le tríú tíortha mar ghníomh bunriachtanach chun an soláthar amhábhar criticiúil don Aontas Eorpach a áirithiú agus athdhearbhaítear an rún chun líonra comhpháirtíochtaí amhábhar straitéiseach an Aontais Eorpaigh a leathnú. Tá na comhpháirtíochtaí ag díriú ar chomhoibriú a dhéanamh chun slabhraí luacha inbhuanaithe amhábhar, taighde agus nuálaíochtaí a chomhtháthú agus chun ardchaighdeáin agus ardchleachtais chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a chur chun cinn.

Díriú ar chleachtais atá freagrach ón taobh sóisialta de agus ó thaobh an chomhshaoil de

Tacaíonn Éire le cuspóir an Rialacháin maidir leis an slabhra luacha amhábhar criticiúil a neartú ar gach leibhéal, agus fáiltíonn sí roimh na príomhfhorálacha ar dá mbarr a fheabhsófar eolas, éifeachtúlacht agus comhar maidir le hamhábhair chriticiúla a eastóscadh, a phróiseáil agus a athchúrsáil. Tá oidhreacht gheolaíoch den chéad scoth ag Éirinn, is mórtháirgeoir agus mórscagaire amhábhar criticiúil í agus tá beartas agus nósanna imeachta ceadúcháin nua-aimseartha aici maidir le heastóscadh, le mianadóireacht agus le hathchúrsáil.

Chomh maith leis sin, fáiltíonn Éire roimh an díriú a leagtar sa Ghníomh ar chleachtais atá freagrach ón taobh sóisialta de agus ó thaobh an chomhshaoil de. Is cuid bhunriachtanach í sin de chuspóirí Chomhaontú Glas an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, d’iomaíochas Eorpach a chothú agus de chomhsheasmhacht leis an Ráiteas Beartais ó Éirinn ar Thaiscéalaíocht Mianraí agus Mianadóireacht (Amhábhair Chriticiúla don Aistriú chuig Geilleagar Ciorclach) a chinntiú.

Tá an Rialachán ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is féidir go mbeidh oifigeach sinsearach ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar fáil le haghaidh teagmháil leis na meáin ar an topaic seo.