English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Teas ó áiteanna faoi bhun ár gcos: Is féidir le fuinneamh geoiteirmeach earnáil teasa na hÉireann a dhícharbónú agus slándáil fuinnimh a mhéadú

Tá an chéad Chruinniú Mullaigh Náisiúnta um Fhuinneamh Geoiteirmeach á chur ar siúl inniu in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Gráinseach Ghormáin.

Chuaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun an acmhainn gheoiteirmeach faoi bhun lár cathrach Bhaile Átha Cliath a fhiosrú. Sa bhliain 2021, tomhaiseadh teocht 38°C i dtollpholl taiscéalaíoch ag doimhneacht a bhí cothrom le 1 km faoi bhun an dromchla. Ós rud é gur cheart go méadódh an teocht go seasmhach de réir mar a rachfaí níos doimhne, tugtar le fios sa toradh sin gur féidir go mbeidh an fuinneamh a theastaíonn le haghaidh téamh ceantair, arb ionann é agus teocht idir 80°C agus 90°C, a aimsiú trí dhruileáil go doimhneacht idir 2 km agus 3 km faoi bhun an dromchla.

Is mian le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath an chéad tionscadal in Éirinn a reáchtáil le haghaidh téamh ceantair geoiteirmeach domhain a thaispeáint, agus táthar ag súil leis go soláthrófar leis sin ceachtanna luachmhara le haghaidh tionscal geoiteirmeach dúchasach a fhorbairt a todhchaí.

Ag labhairt dó ag an gCruinniú Mullaigh Náisiúnta um Fhuinneamh Geoiteirmeach, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Is iad na príomhnithe atá ag brú na spéise méadaithe seo i bhfuinneamh geoiteirmeach chun cinn ná an éigeandáil aeráide, an gá le carbón a bhaint dár gcórais fuinnimh – go háirithe ár n-earnáil teasa – agus saincheist chriticiúil na slándála fuinnimh, rud atá ag teacht chun solais de dheasca an chogaidh san Úcráin. Is féidir le fuinneamh geoiteirmeach a bheith ina chabhair maidir leis an dá ghné sin toisc gur foinse fuinnimh é atá íseal ar charbón, barainneach agus áitiúil. Ós acmhainn inathnuaite é, tá sé ag teacht leis an ngeilleagar ciorclach freisin. Is é atá san ócáid seo ná deis iontach do dhaoine ó earnálacha difriúla in Éirinn a bhfuil spéis acu i ndlús a chur le forbairt an fhuinnimh gheoiteirmigh in Éirinn teacht le chéile agus na chéad chéimeanna eile a phleanáil."

Is é is fuinneamh geoiteirmeach ann ná fuinneamh a stóráiltear i riocht teasa sa Domhan. Tá raon leathan teicneolaíochtaí geoiteirmeacha ar fáil ar féidir leo leas a bhaint as an teas sin ó dhoimhneacht idir dornán méadar faoi bhun an dromchla go doimhneacht atá roinnt ciliméadar faoi bhun an dromchla. Is féidir fuinneamh geoiteirmeach a úsáid le haghaidh téamh agus fuarú, agus comhlánaíonn sé téamh ceantair nó teicneolaíocht gréasáin téimh go foirfe. Tá córais gheoiteirmeacha á n-úsáid agus á bhforbairt ag a lán cathracha san Eoraip, lena n-áirítear roinnt cathracha a bhfuil a ndálaí geolaíocha cosúil leo sin in Éirinn. Téitear Páras, München agus Milano go páirteach le fuinneamh geoiteirmeach, agus d’fhógair a lán Ballstát den Aontas Eorpach spriocanna geoiteirmeacha uaillmhianacha do na deich mbliana romhainn agus ina ndiaidh. Meastar go bhféadfadh gréasáin gheoiteirmeacha téimh ceantair teas a sholáthar do 25% de dhaonra na hEorpa.

Is é is fuinneamh geoiteirmeach ann ná fuinneamh a stóráiltear i riocht teasa sa Domhan. Tá raon leathan teicneolaíochtaí geoiteirmeacha ar fáil ar féidir leo leas a bhaint as an teas sin ó dhoimhneacht idir dornán méadar faoi bhun an dromchla go doimhneacht atá roinnt ciliméadar faoi bhun an dromchla. Is féidir fuinneamh geoiteirmeach a úsáid le haghaidh téamh agus fuarú, agus comhlánaíonn sé téamh ceantair nó teicneolaíocht gréasáin téimh go foirfe. Tá córais gheoiteirmeacha á n-úsáid agus á bhforbairt ag a lán cathracha san Eoraip, lena n-áirítear roinnt cathracha a bhfuil a ndálaí geolaíocha cosúil leo sin in Éirinn. Téitear Páras, München agus Milano go páirteach le fuinneamh geoiteirmeach, agus d’fhógair a lán Ballstát den Aontas Eorpach spriocanna geoiteirmeacha uaillmhianacha do na deich mbliana romhainn agus ina ndiaidh. Meastar go bhféadfadh gréasáin gheoiteirmeacha téimh ceantair teas a sholáthar do 25% de dhaonra na hEorpa.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann

Is é Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann an lárionad náisiúnta Domhaneolaíochta. Tá freagracht uirthi as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Táirgeann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus gníomhaíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: An Assessment of Geothermal Energy for District Heating in Ireland'.

Fuinneamh geoiteirmeach

Sainmhínítear fuinneamh geoiteirmeach mar fhuinneamh atá i riocht teasa a stóráiltear faoi bhun dhromchla an Domhain. Is féidir an teas sin a aimsiú in aice an dromchla (teas ceaptha ón nGrian) agus go domhain faoi thalamh (teas ó chroí an Domhain). Is féidir é a úsáid le haghaidh raon leathan feidhmeanna, lena n-áirítear téamh (agus fuarú) spáis, an tionsclaíocht, an talmhaíocht, agus an ghiniúint leictreachais, fiú.

An Rannán Beartais Geo-eolaíochta

Tá obair á déanamh ag an Rannán Beartais Geo-eolaíochta sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi láthair chun ráiteas beartais a thabhairt chun críche le haghaidh fuinneamh geoiteirmeach, rud a dtiocfaidh reachtaíocht nua don earnáil sa bhliain 2023 sna sála air. Sa ráiteas beartais, tabharfar breac-chuntas ar an gcur chuige roghnaithe atá le glacadh chun creat rialála a fhorbairt, leagfar béim ar an ngá le teagmháil fhiúntach leis an bpobal, agus measfar straitéis chun forbairt inbhuanaithe acmhainní geoiteirmeacha na hÉireann a chur chun cinn le leas gach duine. Féach freisin an doiciméad seo a foilsíodh sa bhliain 2020: 'Geothermal Energy in Ireland: A roadmap for a policy and regulatory framework'.

Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Tá campais i lár cathrach Bhaile Átha Cliath, i mBaile Bhlainséir agus i dTamhlacht ag Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, tá sí ag baint leas as mórphlean forbartha bonneagair chun infheistíocht is fiú breis agus €500 milliún a dhéanamh i saoráidí úrscothacha teicneolaíocht-chumasaithe nua chun feabhas a chur ar eispéireas na mac léinn.

Ós ceannaire i ndisciplíní STEM í, tacaíonn Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath leis an gcohórt is mó mac léinn gnó, meán, ealaíon cócaireachta, ealaíon cruthaitheach agus taibh-ealaíon freisin. Tá dúspéis ag Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Ós í an soláthraí oideachais pháirtaimseartha is mó í, rannchuidíonn sí go mór le saol eacnamaíoch na hÉireann, agus forbairt acmhainne don todhchaí á cumasú aici. Féach suíomh gréasáin Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun tuilleadh faisnéise a fháil.