Tionscadail áitiúla sa Lár Tíre chun deontais is fiú €18 milliún san iomlán a fháil faoi chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
- Foilsithe: 26 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, d’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, na 15 thionscadal sa Lár Tíre a gheobhaidh dámhachtainí deontais is fiú €18 milliún san iomlán ó chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir.
I gcás gach ceann de na tionscadail a gheobhaidh cistiú, infheisteoidh siad i bpobail áitiúla ar mhaithe leis an bhfostaíocht a chruthú agus ar mhaithe le geilleagar áitiúil réigiún an Láir Tíre a éagsúlú. Áirítear leis na tionscadail moil nuálaíochta agus phobail, cláir oideachais agus oiliúna, tionscadail fuinnimh ghlais, agus tionscnaimh oidhreachta, i measc nithe eile.
Dámhadh cistiú deontais is fiú idir €200,000 agus €1 mhilliún do thrí thionscadal déag atá faoi stiúir ag údaráis áitiúla, nó a bhfuil baint láidir ag údaráis áitiúla leo, chun gníomhartha a chur i gcrích ar aon dul lena bPlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail sa Lár Tíre. Soláthróidh na tionscadail cheadaithe tairbhí suntasacha don réigiún, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- oiliúint agus uasoiliúint a chur ar phobail sa chríoch chun gur féidir leo páirt a ghlacadh sa gheilleagar ísealcharbóin
- sócmhainní áitiúla bonneagair agus oidhreachta a chaomhnú, a athchuspórú agus a athchóiriú lena n-úsáid mar spás fiontraíochta
- tacú le teicneolaíochtaí glasa, lena n-áirítear cleachtais fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh inbhuanaithe
Ceadaíodh dhá thionscadal shuaitheanta straitéiseacha eile lena gcistiú. Agus iad ag tacú leis na Pleananna Fiontraíochta Réigiúnacha a sholáthar, gheobhaidh na tionscadail sin níos mó ná €8 milliún san iomlán:
- I gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta na Sionainne agus le hOllscoil Luimnigh, soláthróidh Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan deiseanna oideachais agus oiliúna le haghaidh forbairt gheilleagrach agus inbhuanaitheacht comhshaoil réigiún an Láir Tíre
- Leithdháilfidh Údaráis Áitiúla an Láir Tíre (Laois, an Longfort, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí) acmhainní tiomnaithe chun uaillmhianta earnála a bhaint amach ar aon dul le cuspóirí Phlean Fiontraíochta Réigiúnach an réigiúin, lena n-áirítear conair an Láir Tíre i dtreo aistriú ina gheilleagar glan-nialasach, Clár Comhfhorbartha Áite Lár Tíre Éireann, agus Straitéis Réigiúnach Bia agus Dí Lár Tíre Éireann
Roghnaíodh na tionscadail trí phróiseas iomaíoch faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha a reáchtáladh faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, rud ar riar Pobal thar ceann na Roinne é agus a bhfuil mar aidhm leis tacú le cur chun feidhme straitéisí áitiúla agus réigiúnacha ó bhun aníos. Ba ghá do na tionscadail rathúla ailíniú dlúth a léiriú le Pleananna Fiontraíochta Réigiúnacha agus le Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail atá faoi stiúir ag údaráis agus pobail áitiúla.
Ag labhairt dó faoi na tionscadail a ceadaíodh lena gcistiú faoin scéim, dúirt an tAire Ryan:
"Tá sé ríthábhachtach go soláthrófaí do na pobail agus na hoibrithe a ndéanfaidh an t-aistriú chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de tacaíochtaí spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch an aistrithe.
"Na hathruithe is gá dúinn a dhéanamh, ní mór iad a bheith cóir, á chinntiú go bhfreastalaítear ar na riachtanais atá ag daoine agus ag an bpláinéad. Leis an scéim seo, cabhrófar le pobail ar fud an Láir Tíre na deiseanna agus na tairbhí a ghabhann leis an ngeilleagar glas a uasmhéadú trí thacú le cur chun feidhme straitéisí áitiúla agus réigiúnacha ó bhun aníos agus trí leas a bhaint as na straitéisí sin. Ar an tslí sin, cabhrófar le neart agus féiniúlacht eacnamaíoch nua a fhorbairt don réigiún, agus tacófar leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin an tráth céanna."
Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Gníomhach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:
"Fáiltím roimh an bhfógairt inniu maidir leis na tionscadail a gheobhaidh cistiú tríd an Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Is cloch mhíle shuntasach é seo do Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, toisc go bhfuil an scéim seo ar an gcéad cheann dá leithéid in Éirinn, a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige a ghlacann sí i leith straitéisí áitiúla agus réigiúnacha eacnamaíocha a chistiú, agus iad deartha chun údaráis agus pobail áitiúla a chur i gcroílár sholáthar an Chiste in Éirinn. Tarraingíonn na tionscadail roghnaithe seo an tseiftiúlacht agus na smaointe áitiúla a d’fhéadfadh tionchar buan a imirt ar mhór-réigiún an Láir Tíre. Gabhaimid buíochas freisin leis na hiarratasóirí uile as aighneacht a dhéanamh, inar léiríodh díograis chun an deis atá ann sa réigiún a thapú."
Dúirt an Comhairleoir Kate Feeney, Cathaoirleach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:
"Eachtra bhunathraitheach do Lár Tíre na hÉireann is ea roghnú na dtionscadal seo faoin Scéim Tacaíochta nuálach um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha a reáchtáladh faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Trí thacaíocht ón Aontas Eorpach a thabhairt go díreach chuig an leibhéal áitiúil, áit a bhfuil an gá is mó léi, cothóidh na tionscnaimh roghnaithe fás agus brúfaidh siad forbairt inbhuanaithe chun cinn do na pobail sa réigiún go ceann i bhfad."
Dúirt Anna Shakespeare, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Pobal:
"Tá lúcháir ar Pobal obair i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre ar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir chun tacú le cur chun feidhme na dtionscadal an-chorraitheach seo laistigh den lár tíre. Tá na tionscadail éagsúla seo mar fhianaise ar infheistíocht inbhraite i bpobail áitiúla a fhorbairt, i scileanna a chothú, san fhostaíocht a ghiniúint, agus i dtacú le héagsúlú eacnamaíoch réigiún an láir tíre de réir mar a aistríonn an réigiún ina gheilleagar ísealcharbóin. Aithníonn Pobal an luach a bhaineann leis an gciste seo agus tá bród orainn tacú leis. Táimid ag tnúth le hobair i gcomhar le gach eagraíocht geallsealbhóirí sa réigiún chun an scéim seo a reáchtáil go rathúil."
Tionscadail Roghnaithe
Ainm an Tionscadail | Príomheagraíocht | Contae | Méid Ceadaithe Cistiúcháin* |
Mol Nuálaíochta Cliste agus Comhoibrithe Chliste Bhaile Átha Luain | Comhairle Contae na hIarmhí, Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne | An Iarmhí | €1 mhilliún |
Mol Oiliúna, Uasoiliúna agus Pobail Bhealach an Doirín | Comhairle Contae Ros Comáin | Ros Comáin | €1 mhilliún |
An Oifig Forbartha Bithmheatáin | Comhairle Contae Thiobraid Árann, Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne agus Fondúireacht Bithgheilleagair na hÉireann | Tiobraid Árann | €993,011 |
Oiliúint i Laghdú Astaíochtaí Carbóin | Comhairle Contae Ros Comáin | Ros Comáin | €569,037 |
An tIonad Sármhaitheasa um an nGeilleagar Ciorclach | Comhairle Contae an Longfoirt | An Longfort | €200,860 |
Eolaíocht Ríomhaireachta i nGach Meánscoil i gCo. an Longfoirt | Comhairle Contae an Longfoirt | An Longfort | €841,290 |
Mol Comhoibrithe agus Ionad Fiontraíochta | Comhairle Contae na hIarmhí - Cionn Átha Gad | An Iarmhí | €1,000,000 |
Tionscadal FilmOffaly | Comhairle Contae Uíbh Fhailí | Uíbh Fhailí | €252,985 |
Forbairt Pháirc Fiontraíochta Náisiúnta Acomhal 17 | Comhairle Chontae Laoise | Laois | €1 mhilliún |
Ionad Sármhaitheasa Fuinnimh In-athnuaite Chill Chormaic | Cumann Forbartha Chill Chormaic | Uíbh Fhailí | €294,056 |
Pobal Nuálaíochta agus Forbartha Chluainín** | Future Cast | Ros Comáin | €793,970 |
Clár Réamhphrintíseachta | Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann | Tiobraid Árann | €999,791 |
Scéim Feirmeoireachta/Oidhreachta Cultúrtha Ráth Cruachan | Farming Rathcrogan Scheme Company | Ros Comáin | €886,634 |
Plean Fiontraíochta Réigiúnach an Láir Tíre: Conair le haghaidh Aistriú Cóir | Comhairle Chontae Laoise | Réigiúnach | €3,992,882 |
ReSHAPE - Regional Skills Horizon And Pathways to Employment | Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan | Réigiúnach | €4,154,602 |
- faoi réir comhaontú deontais
** Is é Pobal Nuálaíochta agus Forbartha Chluainín a sholáthróidh an tionscadal seo i gCo. Ros Comáin.
Tá an Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha á comhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir 2021-2027, rud lena dtacaítear leis na hoibrithe agus na pobail a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin an difear is diúltaí dóibh trí thacú le pobail inbhuanaithe athléimneacha a fhorbairt sa Lár Tíre.
Leis an gclár sin, dírítear ar ghníomhaíochtaí i gCríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, a chuimsíonn Contae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).
Soláthrófar na tionscadail rathúla suas go mí an Mhárta 2026.
Tá tuilleadh faisnéise faoin scéim ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Críoch incháilithe
Tá clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn spriocdhírithe ar mhór-réigiún an Láir Tíre, de réir mar a aistríonn sé ar shiúl ó bhaint móna le haghaidh úsáid fuinnimh. Tá críoch ainmnithe Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn sainithe mar Chontae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).
Eagraíochtaí incháilithe faoi Ghlao 1 den Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha
Áiríodh iad seo a leanas leis na heagraíochtaí a bhí incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin nglao seo den Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha:
- Údaráis Áitiúla laistigh de Chríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
- Cuideachtaí Forbartha Áitiúla
- Boird Oideachais agus Oiliúna
- institiúidí oideachais
- comhlachtaí poiblí eile
- eagraíochtaí pobail agus deonacha
- fiontair shóisialta
- carthanais
- eagraíochtaí neamhbhrabúis
An Scéim Deontas Pobail agus Fiontraíochta
An 28 Feabhra 2024, dúnadh an dara glao ar chistiú faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha, ar ghlao é a seoladh faoi Scéim Deontas Pobail agus Fiontraíochta Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Tugadh cuireadh do na heagraíochtaí seo a leanas iarratas a dhéanamh:
- Eagraíochtaí pobail agus deonacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúis
- Fiontair shóisialta
- Micreagraíochtaí agus eagraíochtaí beaga agus meánmhéide
Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar na hiarratais tionscadail a fuarthas faoi Scéim Deontas Pobail agus Fiontraíochta Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir.
Glaonna eile ar chistiú faoi chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Ó seoladh Clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir an bhliain seo caite, reáchtáladh roinnt iarrataí ar chistiú faoi na trí thosaíocht cláir. Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar na hiarratais a fuarthas. Is sna míonna atá le teacht a fhógrófar na hiarratasóirí rathúla ó na glaonna éagsúla.
Cuireadh cistiú i leataobh do roinnt réimsí infheistíochta cheana féin. Áirítear na hinfheistíochtaí seo a leanas leo sin:
- infheistíochtaí i dtionscnaimh thaispeána bithgheilleagair
- infheistíochtaí atá ceaptha chun tacú leis an turasóireacht athghiniúnach trí Fháilte Éireann, lena n-áirítear Gníomhachtóirí Turasóireachta a earcú i ngach ceann de na hocht nÚdarás Áitiúla sa Chríoch, clár Líonra Foghlama Turasóireachta a reáchtáil, agus deiseanna turasóireachta a fhorbairt trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le Gníomhaireachtaí Stáit agus le hÚdaráis Áitiúla
- infheistíochtaí i líonra conairí a fhorbairt agus i dtailte móna a athchóiriú
Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Agus é á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach, is é an cuspóir atá le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cúnamh a thabhairt do na críocha sin a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach an difear is mó dóibh. Is í an chríoch sin in Éirinn ná mór-réigiún an Láir Tíre, ar imir an t-aistriú ar shiúl ó tháirgeadh móna agus ó ghiniúint leictreachais ó mhóin tionchair dhíreacha air. Chun aistriú cóir a éascú i dtreo geilleagar ísealcharbóin sa Lár Tíre, bhunaigh an tAontas Eorpach agus Rialtas na hÉireann Clár Ciste um Aistriú Cóir dar luach €169 milliún don tréimhse 2021-2027.
Trí dheiseanna a sholáthar don fhostaíocht sa Chríoch, is féidir le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cabhrú le háit atá cuimsitheach, tarraingteach, sláintiúil agus inbhuanaithe chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air a chruthú.
Is iad seo a leanas na tosaíochtaí cláir atá ag Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir:
1. Fostaíocht a ghiniúint trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú
2. Tailte móna díghrádaithe a athchóiriú agus a athshlánú agus sócmhainní oidhreachta tionsclaíche a athghiniúint
3. Soghluaisteacht chliste agus inbhuanaithe áitiúil
Is é Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an tÚdarás Bainistíochta do Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn. Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear doiciméid an chláir agus naisc chuig faisnéis faoi ghlaonna cistiúcháin roimhe, faoi ghlaonna cistiúcháin atá ar oscailt faoi láthair agus faoi ghlaonna cistiúcháin amach anseo, ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.