English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionscadal Fuinnimh Geoiteirmeach an AE faoi stiúir na hÉireann chun a chur ar chumas FBManna acmhainn a fhorbairt chun oibriú ar thionscadail gheoiteirmeacha Ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Sheol Geo-eolaíocht Éireann Céim a dó den tionscadal Fuinneamh Geoiteirmeach na hEorpa a thugann le chéile naoi mbraisle forbartha gnó ó ocht dtír san Eoraip atá dírithe ar fhuinneamh geoiteirmeach.

Tá an chéim seo de thionscadal Fuinnimh Gheoiteirmigh na hEorpa tógtha ar rath na chéad chéime a bhí ar siúl ó 2018 go 2020. Ba é cuspóir na chéad chéime an tionscadal margaí fuinnimh tríú tíre a iniúchadh agus deiseanna a aithint chun scileanna agus saineolas Eorpach a úsáid i réimse fhuinnimh gheoiteirmigh dhomhain. Díreofar sa dara céim ar scileanna agus saineolas cuideachtaí beaga agus meánmhéide na hEorpa a thabhairt chuig na spriocmhargaí a aithníodh sa chéad chéim den tionscadal. Ina theannta sin, cuideoidh an dara céim le naisc ghnó a fhorbairt idir fiontair bheaga agus mheánmhéide na hEorpa agus a gcomhghleacaithe i margaí fuinnimh geoiteirmeacha forbartha nó atá ag teacht chun cinn ar fud na cruinne.

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD: mmm mmm

“Fáiltím roimh sheoladh thionscadal Fuinnimh Gheoiteirmigh na hEorpa. Tá an-chuid saineolais ag fiontair bheaga agus mheánmhéide na hÉireann agus ag a gcomhghleacaithe Eorpacha ar féidir é a roinnt le cliaint atá ag iarraidh a gcuid riachtanas teasa, fuaraithe agus leictreachais a dhícharbónú.”

Is foinse fuinnimh slán, costéifeachtach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de é fuinneamh geoiteirmeach a bhfuil an-tóir air ar fud an domhain. Úsáidtear fearais gheoiteirmeacha go coitianta ar fud na cruinne chun tithe agus gnóthais a théamh agus a fhuarú, agus tá feidhmeanna tionsclaíocha agus talmhaíochta acu chomh maith. Trí pháirt a ghlacadh i dtionscadal Fuinnimh Gheoiteirmigh na hEorpa, beidh fiontair bheaga agus mheánmhéide na hÉireann in ann cur lena gcumas oibriú ar thionscadail fuinnimh gheoiteirmeacha. Beidh an taithí a gheobhaidh ballchuideachtaí Geo-eolaíochta Éireann trí oibriú le comhpháirtithe Eorpacha i margaí fuinnimh forbartha tríú tíre riachtanach nuair a thiocfaidh an t-am chun bonneagar fuinnimh gheoiteirmigh a fhorbairt in Éirinn.

Nascann tionscadal Fuinnimh Gheoiteirmigh na hEorpa fios gnó, teicneolaíochtaí agus taithí na hEorpa maidir le geo-fhuinneamh, agus leagtar béim ar thairiscint seirbhíse cuideachtaí beaga agus meánmhéide i réimse an fhuinnimh gheoiteirmigh dhomhain. Faoi láthair déanann Fuinneamh Geoiteirmeach na hEorpa ionadaíocht ar níos mó ná 600 ball, lena n-áirítear 300 fiontar beag agus meánmhéide ó 23 tír san AE, agus cuimsíonn sé an slabhra iomlán luacha seirbhísí geoiteirmeacha doimhne.

Tá Geo-eolaíocht Éireann (GI) ag déanamh comhordaithe ar thionscadail Fuinneamh Geoiteirmeach na hEorpa agus is iad seo a leanas na rannpháirtithe: Geo-eolaíocht Éireann, Pole Avenia (An Fhrainc), GeoDeep (An Fhrainc), Geo Energy Celle (An Ghearmáin), Comhairle Fuinnimh Gheoiteirmigh na hEorpa (an Bheilg), Consorzio per lo Sviluppo delle Aree Geotermiche (an Iodáil), Braisle Eolaíochtaí Feidhmeacha na Cruinne (An Ungáir), Plataforma Tecnológica y de Innovación Española en Geotermia (an Spáinn), agus Jeotermal Elektrik Santral Yatırımcıları Derneği (an Tuirc). Tá an tionscadal maoinithe ag an gCoimisiún Eorpach tríd an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (EASME) trína COS-CLUSINT-2019-3-01: Clár Braislí ag Gluaiseacht go hIdirnáisiúnta.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

  • Is cnuasach gnó ina bhfuil 41 gnóthas í Geo-eolaíocht Éireann, a sholáthraíonn saineolas comhtháite i bhforbairt fuinnimh, uisce, mianraí, agus cúrsaí comhshaoil agus bonneagair do chliaint i mbreis agus 75 tír, laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach. Is clár de chuid Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann é agus tacaíonn Fiontraíocht Éireann (gníomhaireacht easpórtála na hÉireann) agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha leis freisin.
  • Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann an eagraíocht Náisiúnta Domhaneolaíochta agus is rannán í den Roinn Comhshaoil, Gníomhaíochta Aeráide agus Cumarsáide. Tá siad freagrach as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a chur ar fáil, agus as sonraí a fháil chuige sin. mmm mmm Táirgeann an Suirbhé raon táirgí lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair shonraí agus feidhmíonn sé mar ionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné a bhaineann le geolaíocht na hÉireann.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann nó Geo-eolaíocht Éireann, féach ar www.gsi.iewww.geoscience.ie
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó chun tagairt a dhéanamh, téigh i dteagmháil le Stephen Walsh, Geo-eolaíocht Éireann, ag 00353 86 335 0783 nó Stephen.Walsh@gsi.ie