English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Torthaí sealadacha an chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite fógartha ag an Aire Ryan

Tá torthaí sealadacha an chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite fógartha ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son an hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D.

Dúirt an tAire Ryan:

“Mar an tAire um Ghníomhú ar son na hAeráide, tá lúcháir orm go bhfuil torthaí sealadacha an chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (STLI) ar fáil. Cé go bhfuil na torthaí seo go fóill le faomhadh ag an Rialtas, tugann céad cheant na Scéime ardán dúinn chun tionscadail ghaoithe ar an gcladach agus tionscadail ghréine de scála agus ar an gcostas is ísle a chur i bhfeidhm go mear, agus iad a thabhairt isteach in áit breoslaí iontaise ar an ngreille fuinnimh. Tá ár sprioc maidir le rannpháirtíocht tionscadail phobail bainte amach agus sáraithe againn. Tá tacaíocht á tabhairt do sheacht bpobal a gcumhacht féin a tháirgeadh, comhúinéireacht a ghlacadh ar réabhlóid fuinnimh na hÉireann, agus grúpaí eile a spreagadh le déanamh amhlaidh. Táim ag tnúth le go mbeidh sciar níos airde de thionscadail phobalbhunaithe fuinnimh in-athnuaite le feiceáil sa chéad cheant eile.

Tá na rátaí an-iomaíoch agus tá coigilteas suntasach i gceist leo le hais scéimeanna tacaíochta roimhe seo. Mar gheall ar an líon a fuarthas, táimid ag dul sa treo ceart chun an sprioc uaillmhianach 70% dár leictreachas theacht ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030 a bhaint amach, sprioc atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas agus sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Beidh sé seo ríthábhachtach maidir le hiarracht na hÉireann chun sprioc 32% an AE faoi 2030 a bhaint amach ina hiomláine maidir le fuinneamh in-athnuaite agus i dtaca leis an laghdú 7% in aghaidh na bliana ar astaíochtaí de gháis cheaptha teasa idir 2021 agus 2030.

Tríd na spriocanna seo a bhaint amach, tacófar le hinfheistíocht €1.4 billiún agus tuilleadh in Éirinn, agus tacófar leis an teacht aniar trí thuairim is 10,500 post foirgníochta agus 1,100 post buan breise a chruthú [1]. Mar chuid de Phlean Spreagthaigh mhí Iúil, chiondáil an Rialtas maoiniú faoi choinne printíseachtaí glasa, maoiniú a bheidh de dhíth chun tacú leis na hinfheistíochtaí thuasluaite agus chun conair a sholáthar don aistriú ó dhonn go glas ag cuid mhór pobal in Éirinn, go háirithe i Lár Tíre.

Go dtí seo, is é fuinneamh gaoithe ar an gcósta faoi stiúir forbróra an teicneolaíocht is éifeachtaí ó thaobh costais de in Éirinn. Beidh ról iontach tábhachtach, áfach, ag tionscadail ghréine agus ag tionscadail fuinnimh faoi úinéireacht phobail maidir lenár bpunann ghiniúna fuinnimh in-athnuaite a eagsúlú sa tréimhse suas go 2030.”

CRÍOCH


Nótaí d’eagarthóirí

  • Tá 2,237GWh as na tairiscintí 2,557GWh a cuireadh isteach aitheanta mar bhuaiteoirí sealadacha. Is ionann é sin agus coigilteas féideartha tuairim is 671kt CO2 in aghaidh na bliana (Foinse: Údarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann) ó thionscadail in-athnuaite de chuid chéim 1 den Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite. Is ionann é sin agus tuairim is 10% den mhéid atá de dhíth le spriocanna 2030 a bhaint amach.
  • Is ionann é seo agus tuairim is 479MW d’fhuinneamh gaoithe ar an gcósta agus 796MW d’fhuinneamh gréine.
  • Ba é €74.08 in aghaidh an MWh an meánphraghas tairisceana ualaithe sa cheant a bhain le teicneolaíocht atá neodrach ó thaobh carbóin de. Seo coigilteas suntasach i gcomparáid le scéimeanna roimhe seo. Murab ionann agus scéimeanna roimhe seo, beidh gineadóirí fuinnimh in-athnuaite de dhíth chun custaiméirí leictreachais a aisíoc nuair a bheidh praghsanna margaidh ard. Tá na praghsanna tairisceana seasta thar shaolré na tacaíochta freisin agus ní dhéanfar aon íocaíochtaí le linn praghastréimhsí diúltacha margaidh. Leis an meascán seo d’fhachtóirí, gheobhaidh custaiméirí leictreachais luach níos fearr ar airgead.
  • Roghchatagóir fuinnimh ghréine: Bhí roghchatagóir fuinnimh ghréine i gcéim 1 den Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite agus is 10% de thoilleadh an cheant atá luaite leis. Tuairim is 34% an sciar de thoilleadh foriomlán fuinnimh an cheant a raibh fuinneamh gréine i gceist leis. Bronnadh formhór an sciar sin i gcatagóir na teicneolaíochta a bhaineann le fuinneamh atá neodrach ó thaobh carboin de, agus bhí catagóir an fhuinnimh gréine an-iomaíoch.
  • An chatagóir phobail: bhí roghchatagóir 30Gwh do thionscadail phobail i gcéim 1 den Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite a bhain le tuairim is 1% de thoilleadh an cheant. Bhain 1.5% de thoilleadh iomlán rathúil an cheant le fuinneamh pobail agus aithníodh seacht dtionscadal mar bhuaiteoirí sealadacha. Ligfidh sé sin do phobail a dtionscadail fuinnimh in-athnuaite féin a fhorbairt agus an fuinneamh a dhíol ar ais leis an ngreille.
  • Rannpháirtíocht phobail: Aithnítear sa Chlár don Rialtas, Ár dTodhchaí Chomhroinnte, an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht pobal i dtionscadail fuinnimh. Áirítear sa chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite cistí éigeantacha leasa pobail do gach tionscadal agus catagóir shainiúil do thionscadail phobail. Cuirfear tuairim is €4.5 milliún in aghaidh na bliana ar fáil ón gciste leasa phobail faoin gcéad chéim den Scéim Tacaíochta do thionscnaimh phobail inbhuanaithe atá dírithe ar na pobail sin a chónaíonn gar do thionscadail i gcéim 1 den Scéim Tacaíochta. Sainítear polasaithe agus tacaíochtaí pobail breise sa Chúnamh Stáit, lena n-áirítear: tacaíocht airgeadais do thionscadail faoi stiúir phobail, cistí éigeantacha leasa phobail, deiseanna infheistíochta do phobail agus do shaoránaigh, agus catagóirí breise pobail do cheantanna de chuid na Scéime Tacaíochta sa todhchaí.
  • Tá minicíocht ceantanna de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite ag brath ar líne soláthair an tionscadail leictreachais in-athnuaite. Samhlaítear go mbeidh ceithre cheant ar a laghad ann idir 2020 agus 2025 chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Soláthróidh sé seo conairí d’fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite, tionscadail ghaoithe as an gcósta san áireamh, mar leagtar amach ann na hamlínte táscacha agus toillte le haghaidh ceantanna sa deich mbliana atá amach romhainn, agus tugann sé soiléireacht d’fhorbróirí maidir le cá huair is gá a dtionscadail a bheith réidh don cheant. Ligfidh sé dúinn anseo in Éirinn buntáiste a bhaint as teicneolaíochtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn.
  • Is féidir theacht ar shonraí iomlána na dtorthaí anseo.

[1] Foinse: https://prod-drupal-files.storage.googleapis.com/documents/resource/public/final-harnessing-our-potential-report-may-2020.pdfhttps://www.irena.org/publications/2017/Jun/Renewable-Energy-Benefits-Leveraging-Local-Capacity-for-Solar-PV