Tosaíonn an Rialtas reachtaíocht nua chun tomhaltóirí a chumhachtú agus chun bosca uirlisí rialála ComReg a neartú
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Soláthraítear tuilleadh cosaintí agus modhanna sásaimh do thomhaltóirí leis an Acht um Rialáil Cumarsáide agus um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (Leasú), 2023
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus as an nGeilleagar Ciorclach, araon roimh thosach feidhme an Achta um Rialáil Cumarsáide agus um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (Leasú), 2023.
Leis an reachtaíocht, soláthraítear tuilleadh cosaintí agus modhanna sásaimh do chustaiméirí. Áirítear leo sin:
- tuilleadh cumhachtaí do ComReg chun oibleagáidí oibritheoirí a fhorfheidhmiú
- próiseas malartach breisithe réitigh díospóide a bhunú
- cumhachtaí nua do ComReg chun íoschaighdeáin cháilíochta seirbhíse a shocrú is caighdeáin nach foláir d’oibritheoirí a chinntiú dá dtomhaltóirí
- scéim cúitimh nua lena dtabharfar teidlíocht do thomhaltóirí le haghaidh cúiteamh a fháil as mainneachtainí sonracha um sheirbhís do chustaiméirí thar ceann a n-oibritheora
- "Cairt Custaiméirí" nua ina leagfar amach go soiléir na caighdeáin ar féidir le tomhaltóirí a bheith ag súil leo óna seirbhísí
- forálacha maidir le slándáil fheabhsaithe líonraí cumarsáide leictreonaí
Ag labhairt dó faoin bhforbairt seo, dúirt an tAire Ryan:
"Tá ríméad orm gur tosaithe ina iomláine anois atá an tAcht um Rialáil Cumarsáide agus um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (Leasú), 2023. Éiríonn leis an Acht tírdhreach rialála a bhunú is tírdhreach atá oiriúnach don ré dhigiteach agus ar féidir le hearnáil cumarsáide leictreonaí na hÉireann bláthú laistigh de."
I dteannta a chéile, is é an toradh atá ar an Acht seo agus ar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cód Cumarsáide Leictreonaí), 2022, a thosaítear inniu freisin, ná go dtrasuitear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach. Is é atá ansin ná leasú ar chreat rialála iomlán an Aontais Eorpaigh don earnáil teileachumarsáide.
Dúirt an tAire Smyth:
"Tá an earnáil cumarsáide ina comhpháirt ríthábhachtach dár sochaí nua-aimseartha, agus is fíre é sin le cúpla bliain anuas, ar lena linn atáimid ag brath uirthi níos mó ná mar a bhí amhlaidh am ar bith riamh. Maidir lena chinntiú go mbeidh na huirlisí ag ComReg chun an earnáil a rialáil go héifeachtach, ní hé amháin gur cuid dhílis í sin d’iomaíocht a éascú ach is cuid dhílis í freisin de chabhrú le tomhaltóirí an tseirbhís is fearr is féidir a fháil.”
Leis an reachtaíocht, neartófar bosca uirlisí rialála ComReg – ag cur ar a chumas gníomhú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Tugtar córas nua forfheidhmiúcháin shibhialta agus nós imeachta nuashonraithe forfheidhmiúcháin choiriúil don earnáil cumarsáide leictreonaí do ComReg léi, a fhágann gur comhlíonadh príomhghealltanas i gClár an Rialtais 2020.
Comhpháirt ríthábhachtach eile den Bhille is ea trasuíomh fhorálacha slándála an Chóid (Airteagail 40 agus 41). Leis na forálacha sin, tugtar sásra don Aire bearta slándála a shonrú le Rialachán, treoirlínte a bhaineann le slándáil líonraí a dhéanamh, agus bunús reachtach a thabhairt chun Bearta Slándála Cumarsáide Leictreonaí a fhorfheidhmiú.
Dúirt an tAire Smyth freisin:
"Tá an nascacht dhigiteach tar éis teacht chun bheith ina cuid ríthábhachtach de shaol gach duine dínn. Cinnteofar leis an mBille seo go mbeidh oibritheoirí líonraí cumarsáide leictreonaí agus oibritheoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag cur bearta diana slándála chun feidhme chun a líonraí a chosaint, agus na cumhachtaí cuí á dtabhairt do ComReg ag an am céanna chun forfheidhmiú ar an ardleibhéal slándála sin.”
Bhí áthas ar Robert Mourik, Cathaoirleach agus Coimisinéir ComReg, faoi thosach feidhme na reachtaíochta freisin. Dúirt sé:
"Fáiltíonn ComReg roimh thosach feidhme an Achta um Rialáil Cumarsáide agus um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Dhigiteach (Leasú), 2023, agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cód Cumarsáide Leictreonaí), 2022, mar gharsprioc thábhachtach i rialáil teileachumarsáide a fhorbairt in Éirinn. Leis an reachtaíocht sin, trasuifear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach agus cinnteofar go neartófar an creat rialála teileachumarsáide in Éirinn sa ré dhigiteach seo.
“Leis an bpacáiste reachtach seo, tugtar cumhachtaí rialála ComReg i gcomhréir leo sin atá ag rialálaithe Éireannacha eile agus le rialálaithe teileachumarsáide ar fud an Aontais Eorpaigh. Tabharfar do ComReg leis uirlisí rialála níos éifeachtaí chun a shainordú a chomhlíonadh. Fáiltíonn ComReg roimh thabhairt isteach an lín shuntasaigh beart nua cosanta tomhaltóirí sa reachtaíocht, ar bearta iad lena bhforáiltear d’íoschaighdeáin cháilíochta seirbhíse a bhunú, do scéim cúitimh nua lena dtabharfar teidlíocht do thomhaltóirí le haghaidh cúiteamh a fháil as mainneachtainí thar ceann oibritheoirí, agus do shásra malartach breisithe réitigh díospóide do thomhaltóirí. Rachaidh an reachtaíocht seo chun tairbhe do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí agus, sa deireadh, rachaidh sí chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí ina hiomláine. A luaithe a bheidh na hIonstraimí Reachtúla tacaíochta uile i bhfeidhm freisin, cuirfear ar chumas ComReg leis an bpacáiste reachtach an raon iomlán cumhachtaí nua dá bhforáiltear sa reachtaíocht a fhorfheidhmiú.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Cad a dhéantar leis an Acht um Rialáil Cumarsáide agus um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (Leasú), 2023
Leis an Acht um Rialáil Cumarsáide agus um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (Leasú), 2023, baintear amach na príomhchuspóirí seo a leanas:
- leis an Acht, ainmnítear ComReg mar údarás inniúil chun an Cód a fhorfheidhmiú agus trasuitear na gnéithe forfheidhmiúcháin den Treoir
- leis an Acht, soláthraítear do ComReg córas nua forfheidhmiúcháin shibhialta agus nós imeachta nuashonraithe fhorfheidhmiúcháin choiriúil don earnáil cumarsáide leictreonaí. Tabharfar leis na nósanna imeachta nua forfheidhmiúcháin sin éifeacht do na forálacha forfheidhmiúcháin den Chód, ach úsáidfear iad freisin chun reachtaíocht iomchuí eile cumarsáide a fhorfheidhmiú as seo amach. Tá córas nuashonraithe forfheidhmiúcháin a thabhairt do ComReg ar cheann amháin de na gealltanais i gClár an Rialtais 2020
- leis an Acht, trasuitear na forálacha slándála den Chód (Airteagail 40 agus 41) agus, ar an tslí sin, tugtar sásra don Aire bearta slándála a shonrú le Rialachán agus treoirlínte a bhaineann le slándáil líonraí a dhéanamh agus bunús reachtach a thabhairt chun na Bearta Slándála Cumarsáide Leictreonaí a fhorfheidhmiú
- foráiltear leis an Acht do phróiseas malartach breisithe réitigh díospóide do thomhaltóirí, do chumhacht nua do ComReg chun íoschaighdeáin cháilíochta seirbhíse a shocrú is caighdeáin nach mór d’oibritheoirí a chinntiú dá dtomhaltóirí, do scéim cúitimh nua lena dtabharfar teidlíocht do thomhaltóirí le haghaidh cúiteamh a fháil as teipeanna sonracha um sheirbhís do chustaiméirí thar ceann a n-oibritheora agus do “Chairt Custaiméirí” nua ina leagfar amach go soiléir na caighdeáin ar féidir le tomhaltóirí a bheith ag súil leo óna seirbhísí
- déantar leis an Acht roinnt leasuithe ar an Acht um Rialáil Cumarsáide, 2002, ar leasuithe iad lena nuashonraítear na cumhachtaí imscrúdaithe agus ionchúisimh atá ag ComReg
- déantar leis an Acht forálacha a bhaineann le slándáil líonraí cumarsáide leictreonaí, ar forálacha iad ina leagtar amach conas a dhéanfar measúnú riosca, ar aon dul le prionsabail Bhosca Uirlisí Slándála 5G an Aontais Eorpaigh. Leagtar amach sna forálacha sin freisin conas a shainaithneofar díoltóirí áirithe agus forálfar leo go bhféadfaidh an tAire fógraí a dhéanamh chun díoltóirí den sórt sin a shrianadh nó a thoirmeasc ar na líonraí ina n-iomláine nó ar chodanna sonracha de na líonraí
- leasaítear leis an Acht an tAcht um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach, 2003, chun comhaltas na Gníomhaireachta a laghdú ó cheithre dhuine dhéag go hochtar agus chun an líon ar córam é a laghdú ó sheisear go ceathrar
- leasaítear leis an Acht an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983, chun go bhféadfar €10 milliún in aghaidh na bliana a sholáthar don líonra postoifigí agus chun bunús dlí a sholáthar do chistiú arna dheonú ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit an Aontais Eorpaigh a thabhairt do An Post
- tosaíodh Codanna 10 agus 11 den Acht i mí an Mhárta, ar codanna iad lena bpléitear leis na leasuithe ar an Acht um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach, 2003, agus ar an Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983
Cad a dhéantar leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach
Is é atá sa Chód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach ná leasú ar chreat rialála iomlán an Aontais Eorpaigh don earnáil teileachumarsáide. Tá sé mar aidhm leis creat reachtach a fhorbairt atá oiriúnach don ré dhigiteach agus ar féidir leis an earnáil bláthú laistigh de.
Le Treoir 2018/1972, lena mbunaítear an Cód, aisghairtear an reachtaíocht roimhe seo lena rialaítear an réimse, mar atá Treoir an Chreata, Treoir an Údaraithe, Treoir na Rochtana agus an Treoir um Sheirbhís Uilíoch, agus tagann sí in ionad na reachtaíochta sin.
Rud ba shonraí fós, nuashonraítear na príomhréimsí seo a leanas leis an gCód:
- na cearta úsáideora deiridh atá ag tomhaltóirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí san Aontas
- an córas Seirbhísí Uilíocha is infheidhme maidir le cumarsáid leictreonach
- na rialacha lena rialaítear sannadh agus úsáid an speictrim raidió
- an córas lena rialaítear na hoibleagáidí um rochtain ar bhonneagar atá ar oibritheoirí a meastar go bhfuil Cumhacht Shuntasach Margaidh acu
- leathnú raon feidhme an chreata rialála chun imreoirí margaidh nua a chur ar áireamh
- trasuifear an Cód trí bhíthin an Bhille um Rialáil Cumarsáide agus trí bhíthin Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cód Cumarsáide Leictreonaí)