Tugtar le fios i dtuarascáil nua gur féidir le Fuinneamh Geoiteirmeach cuidiú chun foirgnimh chónaitheacha, thráchtála agus chathracha na hÉireann a théamh agus cur le dícharbónú
- Foilsithe: 18 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Treochlár do Chreat Beartais agus Rialála um Fhuinneamh Geoiteirmeach a seoladh ag Comhdháil Geo-eolaíochta 2020
Ciallaíonn forbairtí nua sa gheo-eolaíocht agus sa teicneolaíocht nach bhfuil fuinneamh geoiteirmeach teoranta do cheantair bholcánacha ar domhan a thuilleadh, ach go bhfuil fíoracmhainn aige foirgnimh a théamh anseo in Éirinn, de réir dhá thuarascáil nua ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC) agus ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI). Féadfaidh fuinneamh geoiteirmeach cuidiú chun ár n-earnáil teasa a dhícharbónú, agus ídíonn an earnáil sin breis agus an tríú cuid de thomhailt fuinnimh na hÉireann. Mar aon le córais gheoiteirmeacha baile agus tráchtála faoi leith, is féidir líonraí téimh ceantair gheoiteirmeacha a úsáid chun foirgnimh chónaithe, thionsclaíocha agus chathracha a théamh agus a fhuarú.
Forbraíodh the Assessment of Geothermal Resources for District Heating in Ireland agus Geothermal Energy in Ireland - A Roadmap for a Policy and Regulatory Framework chun tacú le tiomantais an Rialtais faoin bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019 agus faoin gClár don Rialtas agus foilsíodh iad ag comhdháil Gheo-eolaíocht 2020 inniu.
Déantar achoimre sa Mheasúnú ar Acmhainní Geoiteirmeacha ar fhorbairtí teicneolaíochta a rinneadh le déanaí, lena n-áirítear tuiscint níos fearr ar chórais an Domhain, a d’éascaigh fás na hearnála fuinnimh gheoiteirmigh ar fud an domhain.
D’fháiltigh Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide roimh na foilseacháin agus dúirt:
“Rud iontach is ea na forbairtí nua seo i bhfuinneamh geoiteirmeach a fheiceáil a chabhróidh lenár n-earnáil teasa a dhícharbónú. Tá tionscadail spreagúla mar phríomhoifig BSL agus Ionad Fóillíochta an Leachta ar thús cadhnaíochta sa réimse seo. Is féidir linn foghlaim ónár gcomhghleacaithe Eorpacha, agus le saineolas ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus a gcomhpháirtithe, is féidir linn na deiseanna corraitheacha seo a fhorbairt a d’fheadfadh comhlánú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí in-athnuaite eile amhail fuinneamh gaoithe agus gréine. Tabharfaidh mo roinnse tús áite sna blianta atá amach romhainn d’fhorbairt fuinnimh gheoiteirmigh, lena n-áirítear an taighde agus an beartas a thacaíonn leis."
Sa Treochlár le haghaidh Creat Beartais agus Rialála leagtar amach na chéad chéimeanna eile a atá ag teastáil chun fuinneamh geoiteirmeach a fhorbairt in Éirinn agus tugtar cuireadh dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa réimse seo teagmháil a dhéanamh leo. Féadfaidh aon duine atá ag iarraidh a bheith páirteach sa phróiseas seo teagmháil a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig geothermal@decc.gov.iegeothermal@decc.gov.ie nó i scríbhinn, tríd an bpost chuig an Rannán Beartais Geo-eolaíochta, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath, D02 X285.
Is é téama Chomhdháil Geo-eolaíochta 2020 ná “Geo-eolaíocht don Bheartas” agus beidh an chomhdháil ar siúl ar maidin Dé Céadaoin an 18 de Shamhain agus maidin Déardaoin an 19 de Shamhain. Chomh maith le Fuinneamh Geoiteirmeach, pléifear na réimsí seo a leanas freisin: Acmhainní Screamhuisce, Fuinneamh Inathnuaite amach ón gCósta, Amhábhair agus Ithreacha. I ngach cás déanfar iniúchadh ar na naisc idir geo-eolaíocht, cláir agus beartas Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann mar aon le samplaí idirnáisiúnta agus cás-staidéir. Tá sonraí ar fáil ag www.gsi.ie.
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag press.office@decc.gov.ie nó ag 01 678 2441.
Nótaí don Eagarthóir
- Is é Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann an Ghníomhaireacht Domhaneolaíochta Náisiúnta. Tá siad freagrach as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a chur ar fáil, agus as sonraí a fháil chuige sin. Soláthraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann raon táirgí lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí agus feidhmíonn sé mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné a bhaineann le geolaíocht na hÉireann
- Rannán de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann,
- Tá an dá thuarascáil nua ar fáil ar líne: Assessment of Geothermal Resources for District Heating in Ireland, Geothermal Energy in Ireland - A Roadmap for a Policy and Regulatory Framework
- San áireamh sa tuarascáil Assessment of Geothermal Resources le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, tá ionchur ó Scoil Domhaneolaíochta An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi chomhaontú maidir le comhoibriú