English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugtar reachtaíocht nua isteach don Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, reachtaíocht nua a shíniú maidir leis an Scéim athdheartha um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh. Leis an scéim, cuirtear ceanglas dlíthiúil ar mhórchuideachtaí fuinnimh ('páirtithe faoi oibleagáid') cabhrú le húsáideoirí fuinnimh fuinneamh a choigilt. Is féidir é sin a bhaint amach trí thacaíocht (tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile) a thabhairt don úsáideoir fuinnimh chun gur féidir leis/léi cleachtais choigilte fuinnimh a chur chun feidhme nó uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh ar a réadmhaoin. Oibríonn páirtithe faoi oibleagáid i gcomhar le húsáideoirí fuinnimh san earnáil cónaithe (lena n-áirítear teaghlaigh atá fuinneamhbhocht), san earnáil tráchtála agus san earnáil phoiblí chun na coigiltí riachtanacha fuinnimh a bhaint amach.

Athdhearadh an scéim mar fhreagairt do leasuithe ar an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus do thosaíochtaí aeráide an rialtais. Tagann tabhairt isteach na reachtaíochta seo sna sála ar na cinntí ón Aire maidir leis an dearadh ar an scéim nua, ar cinntí iad a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.

Tosófar an scéim athdheartha an 1 Eanáir 2023 agus cuirfear léi leis an scéim um oibleagáid atá i bhfeidhm ón mbliain 2014 i leith. Leis an scéim, rannchuideofar go mór leis an sprioc coigilte fuinnimh atá ag Éirinn faoin Treoir athbhreithnithe. Beidh ról tábhachtach ag an Scéim maidir le tacú leis na mórspriocanna aeráide agus fuinnimh atá ag Éirinn a chomhlíonadh freisin. Mar sin, is ionann an scéim agus colún tábhachtach den phlean atá ag Éirinn chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Idir na blianta 2014 agus 2020, thacaigh páirtithe faoi oibleagáid le gníomhartha éifeachtúlachta fuinnimh i mbreis agus 290,000 teaghais agus i mbreis agus 3,000 gnólacht. Mar thoradh ar na coigiltí sin, fritháirítear 1.2 milliún tona d’astaíochtaí CO2. Is ionann iad agus coigilt athfhillteach airgeadais is fiú thart ar €240 milliún in aghaidh na bliana freisin. Bhí rath na scéime sin taobh thiar den chinneadh ón Aire scéim um oibleagáid a úsáid an athuair chun cabhrú le hÉirinn an sprioc coigilte fuinnimh atá againn don bhliain 2030 a bhaint amach.

Is féidir an reachtaíocht nua maidir leis an Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh a fháil ar shuíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh

Ceanglas dlíthiúil atá ar mhórchuideachtaí fuinnimh (‘páirtithe faoi oibleagáid’) cabhrú le húsáideoirí fuinnimh fuinneamh a choigilt is ea scéim um oibleagáid. Is féidir é sin a bhaint amach trí thacaíocht (tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile) a thabhairt don úsáideoir fuinnimh chun gur féidir leis/léi cleachtais choigilte fuinnimh a chur chun feidhme nó uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh ar a réadmhaoin. Oibríonn páirtithe faoi oibleagáid i gcomhar le húsáideoirí fuinnimh san earnáil cónaithe, san earnáil tráchtála agus san earnáil phoiblí, agus féadfaidh siad na coigiltí riachtanacha fuinnimh a bhaint amach trína gcláir féin, trí chontrapháirtithe nó trí chomhpháirtithe eile. Mar mhalairt air sin, féadfaidh siad obair i gcomhar leis na scéimeanna tacaíochta éifeachtúlachta fuinnimh a thairgeann an rialtas trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).

Is é SEAI riarthóir na scéime agus, i measc na bhfeidhmeanna eile atá aige, tá sé freagrach, thar ceann an Aire, as faireachán agus tomhas a dhéanamh ar na coigiltí a bhaintear amach faoin Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh. Mar chuid den ról sin, cinntíonn SEAI go bhfuil na coigiltí uile a chomhairtear in aghaidh sprioc aon pháirtí faoi oibleagáid faoin scéim ag teacht le ceanglais Airteagal 7 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus go dtuairiscítear don Aontas Eorpach iad ansin.

I gcás na tréimhse oibleagáide 2014-2020, roghnaigh Éire an sprioc coigiltí fuinnimh atá againn faoi Airteagal 7 a chomhlíonadh trí mheascán de scéim um oibleagáid agus de shraith beart malartach beartais. Tar éis comhairliúchán poiblí a sheoladh ag deireadh na bliana 2019, cinneadh go dtarlódh sé, i gcás na tréimhse nua oibleagáide suas go 2030, go gcuirfeadh Éire oibleagáid ar chuideachtaí fuinnimh an athuair sciar de na coigiltí fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 7 a bhaint amach.

Athdhearadh na Scéime um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh

Foilsíodh an cinneadh ón Aire maidir leis an Scéim nua um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh agus ullmhaíodh reachtaíocht nua tar éis próiseas mionsonraithe comhairliúcháin phoiblí a sheoladh sa bhliain 2021, ar lena linn a fuarthas ionchur ó bhreis agus 40 geallsealbhóir maidir leis na tograí deartha a chuir an tAire chun tosaigh don scéim nua. Ó thús na bliana 2021 (agus roimh thosú na scéime nua), leanadh leis an scéim reatha a oibriú, agus roinnt coigeartuithe déanta uirthi chun aird a thabhairt ar na ceanglais nua faoin Treoir athbhreithnithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, agus leanadh le coigiltí fuinnimh a bhaint amach faoin scéim.

An comhthéacs Eorpach agus an comhthéacs náisiúnta

Seoladh Pacáiste Fuinnimh Ghlain an Choimisiúin Eorpaigh i mí na Samhna 2016. Leagtar amach ann an fhís atá ag an gCoimisiún le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, á lua gur cheart éifeachtúlacht fuinnimh a bheith ar an “mbunphrionsabal” in aon bheartais fuinnimh amach anseo. Ceann amháin de na croí-chomhpháirteanna den Phacáiste Fuinnimh Ghlain ba ea Treoir athbhreithnithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, rud a foilsíodh sa bhliain 2018.

Leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, cuirtear ceanglas ar gach Ballstát an rannchuidiú a dhéanfaidh siad leis an laghdú sin, agus na bearta a dhéanfar chun an rannchuidiú sin a bhaint amach, a shonrú i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

Faoi Airteagal 7 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ceanglaítear ar Éirinn méid sainithe coigiltí fuinnimh a chomhlíonann critéir shonracha a bhaint amach faoin mbliain 2030. Cé nach bhfuil príomhsprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais Eorpaigh (Airteagal 3 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ) ina ceangal dlí ar na Ballstáit, is amhlaidh atá an sprioc le haghaidh Airteagal 7 (mír 1) den Treoir ina ceangal dlí orthu. Mar sin, ráthaítear léi íosleibhéal coigiltí fuinnimh i dtreo na príomhsprice faoin Treoir, rud ar dóigh dó a bheith cothrom le níos mó ná leath na gcoigiltí foriomlána a cheanglaítear.

Mar aon le sciar de na coigiltí fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 7 den Treoir a bhaint amach, beidh an Scéim nua um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh ina léiriú níos fearr ar uaillmhian mhéadaithe aeráide na hÉireann, mar atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, sa Straitéis Athchóirithe Fhadtéarmach agus sa Phlean Gnímh don Aeráid.

Na Rialacháin nua maidir leis an Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh

Leis na Rialacháin nua maidir leis an Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh, bunaítear scéim nua ón mbliain 2023 le haghaidh na coigiltí fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 7 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a bhaint amach. Cúlghairtear leis na Rialacháin Rialacháin an Aontais Eorpaigh (An Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh), 2014 (I.R. Uimh. 131 de 2014), lenar bunaíodh an Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh sa bhliain 2014. Ní chúlghairtear Rialachán 10 de na Rialacháin, áfach.

Leis an Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh, a bunaíodh faoi na Rialacháin sin, cuirfear oibleagáidí agus spriocanna ar na páirtithe faoi oibleagáid. Féadfaidh na páirtithe na hoibleagáidí agus na spriocanna sin a chomhlíonadh tríd an leibhéal riachtanach coigiltí incháilithe fuinnimh a bhaint amach.

Leagtar amach sna Rialacháin cé na daoine atá faoi oibleagáid; cén dóigh a ndéantar na spriocanna coigiltí fuinnimh a ríomh agus a eisiúint; cén dóigh a bhféadfaidh na páirtithe faoi oibleagáid na spriocanna sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear fospriocanna earnála áirithe; na ceanglais shonracha atá le comhlíonadh maidir le coigiltí fuinnimh a ríomh, a thomhas agus a fhíorú; agus an dóigh a mbainisteofar neamhchomhlíonadh aon spriocanna agus aon ghnéithe eile de na Rialacháin, amhail faisnéis iomchuí a sholáthar, agus na bearta a fhéadfar a dhéanamh i gcás go mainneoidh páirtí faoi oibleagáid na hoibleagáidí atá air a chomhlíonadh.

Foráiltear iontu freisin do SEAI a cheapadh chun feidhmeanna áirithe an Aire faoi na Rialacháin a chomhlíonadh, lena n-áirítear treoir a dhéanamh agus a fhoilsiú maidir le hoibriú na Scéime um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh.