English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá obair le tosú ar Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

D’fhógair Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, inniu go bhfuil tús le cur le hobair ar Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta a ullmhú.

Dúirt an tAire O’Brien:

"Is é an toradh a bheidh ar úsáid a bhaint as Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe atá pleanáilte ó thaobh cúrsaí straitéiseacha de ná go gcinnteofar gur ar bhealach bainistithe agus inbhuanaithe a dhéanfar forbairtí i limistéar muirí na hÉireann. Leis an obair ar Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe, cuirtear le rath an Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta don Chósta Theas, ar cheadaigh an dá Theach den Oireachtas é i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.

"Dá bharr sin, tacaítear lenár n-uaillmhianta ó thaobh an dícharbónaithe de agus lenár sprioc go mbeadh 20 GW d’fhuinneamh á sholáthar ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta faoin mbliain 2040. Is é an toradh a bheidh ar Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe aonair a bheith againn ná go gcuirfear dlús leis an bpróiseas atá i gceist le láithreáin a ainmniú le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Tacaítear leis an ngealltanas ó Chlár an Rialtais trí Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe aonair a bheith againn agus is mar thoradh air sin a bheidh tuilleadh cinnteachta ag ár ngeallsealbhóirí muirí agus ag an tionscal foinsí fuinnimh in-athnuaite.

"Trí chur chuige comhtháite náisiúnta a ghlacadh, cinnteofar go mbeifear in ann réamhphleanáil straitéiseach a dhéanamh le haghaidh scileanna, fiontar agus slabhra soláthair ar fud an tionscail a fhorbairt. Beidh calafoirt in ann réamhphleanáil a dhéanamh le haghaidh na síntí starracha bonneagair mórscála amach ón gcósta is gá chun tacú le forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus beifear in ann réamhphleanáil le haghaidh na heangaí agus an idirnaisc a dhéanamh de réir dearcadh iomlánaíoch fadtéarmach. Trí dhíriú ar Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe amháin, beimid in ann a leas is fearr a bhaint as ár n-acmhainní airgeadais, ár n-acmhainní daonna agus ár n-acmhainní ama."

Thug an rialtas gealltanas go ndéanfaí 5 GW ar a laghad de thoilleadh suiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach, rud a rannchuideoidh lena sprioc go dtiocfadh 80% den leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030. Chun ár n-uaillmhianta maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach, tá cur chuige pleantreoraithe curtha chun feidhme ag an rialtas, ar plean é atá á fhormhaoirsiú ag Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar, ar tascfhórsa trasrialtais é. Leis an gcur chuige sin, cinnteofar go bhforbrófar fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta trí roinnt céimeanna forluiteacha – ar bhealach pleanáilte, straitéiseach, barainneach agus inbhuanaithe, rud a threoróidh infheistíocht san earnáil sin freisin.

Cuirfidh Foireann Tionscadail sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe i gcrích, agus tacaíocht á fáil aige ó Ghrúpa Stiúrtha a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe earnála ó ranna ábhartha rialtais. Tá dea-dhul chun cinn déanta ar an obair ullmhúcháin, agus is féidir tosú láithreach ar an bpróiseas reachtúil. Cinnfear sainaithint na limistéar atá oiriúnach d’fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta tar éis próiseas diananailíse ar shonraí muirí agus comhshaoil, agus úsáid á baint as bogearraí Córas Faisnéise Geografaí (GIS).

Beidh indéantacht theicniúil ina príomhthoisc den teorainn sheachtrach don Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe a chinneadh. Oibreoidh an roinn i gcomhar le saineolaithe muirí an Stáit, amhail Foras na Mara, chun a chinntiú go mbeidh an cur chuige bunaithe ar fhianaise – agus úsáid á baint as sonraí láidre agus as na sonraí is fearr atá ar fáil. Tabharfar tuairisc ar an dul chun cinn ar phríomh-gharspriocanna, lena n-áireofar garspriocanna um chaidreamh leis an bpobal, i sruth oibre tiomnaithe don Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe faoin Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar agus trí Ghrúpa Thionscadal Éireann Muirí 2040. Táthar ag súil go gcuirfear an Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe sin i gcrích faoi dheireadh na bliana 2027.

Dúirt Timmy Dooley, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Gnóthaí Muirí:

"Mar náisiún oileánda a bhfuil críoch mhuirí fhairsing aige, tá ag Éirinn ceann amháin de na hacmhainní is fearr fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Is acmhainn nádúrtha neamhshaothraithe ar féidir léi a bheith ina gcuid lárnach dár n-aistriú fuinnimh iad ár bhfarraigí. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an spás fuinnimh gaoithe amach ón gcósta na mílte post agus deiseanna infheistíochta nua a chruthú faoin mbliain 2030 agus ina diaidh. Tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt, amhail teicneolaíocht shnámhach gaoithe amach ón gcósta agus teicneolaíochtaí nuálacha eile ar fud ár limistéar cósta, gabhann leis deiseanna eacnamaíocha ollmhóra do phobail chósta i ndáil le fás post agus le forbairt pobail áitiúil. A bhuí leis an gcur chuige straitéiseach sin, tabharfar cinnteacht do gheallsealbhóirí ríthábhachtacha freisin, an tionscal bia mara san áireamh, trí shoiléire fhadtéarmach a sholáthar maidir le limistéir forbartha atá beartaithe. Tugtar deis leis freisin ailíniú le Limistéir Mhuirí faoi Chosaint amach anseo. Beidh próiseas forbartha an Phlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe ina phróiseas cuimsitheach agus beidh deiseanna comhairliúcháin chuimsithigh ar fáil le haghaidh caidreamh a dhéanamh leis an bpobal agus le geallsealbhóirí lena linn."

Dúirt Alan Dillon, Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Mar thoradh ar an bplean spásúlachta náisiúnta seo, bunathrófar ó bhonn an dóigh a soláthraímid fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, agus is léiriú láidir é ar uaillmhianta an stáit san earnáil foinsí fuinnimh in-athnuaite. Fágfaidh cur i bhfeidhm an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite ina dhiaidh sin go mbeimid in ann an t-aistriú fuinnimh a uas-scálú go tapa agus ciseal eile a chur le todhchaí eacnamaíoch ghlas a bhaint amach.

"Mar chuid de chur chuige uile-rialtais i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, léirítear sa tuarascáil ar dhul chun cinn a foilsíodh le déanaí ar straitéis thionsclaíoch na hÉireann um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta freisin ar ár bpleananna chun slabhra soláthair áitiúil cumasach bríomhar a fhorbairt le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Is é an toradh a bheidh air sin ná go n-ardófar próifíl idirnáisiúnta na gcuideachtaí Éireannacha atá san earnáil sin, go gcruthófar a lán deiseanna fostaíochta, agus go gcabhrófar leis na spriocanna fuinnimh amach ón gcósta laistigh den phlean sin a bhaint amach."

CRÍOCH