Ceadúnas Postála Réamhíoctha
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tugann Postáil Réamhíoctha faoi Cheadúnas Speisialta cead do chustaiméirí a chuireann méideanna móra sa phost lógó faofa an Cheadúnais a bheith clóite ar na clúdaigh litreach a bhíonn in úsáid acu.
Is cruthúnas é an lógó gur íocadh as an bpostas agus ní gá earraí aonair a stampáil nó a fhrainceáil dá bharr.
Ba cheart iarratais a chur isteach chuig An Post.