English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Do chearta a dhearbhú maidir le do shonraí pearsanta


Rialachán ón Aontas Eorpach é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a leagadh amach chun Cosaint Sonraí a threisiú agus a aontú laistigh den AE. Ina theannta sin forálann sé roinnt cearta d’ábhair sonraí.

Comhlíonfaidh an roinn a freagrachtaí faoin reachtaíocht faoi réir na bprionsabal cosanta sonraí mar a leanas:

  • próiseálfar sonraí pearsanta go dlíthiúil agus go cothrom
  • baileofar sonraí pearsanta chun críche nó chun críocha atá sonraithe, soiléir agus dlisteanach agus ní phróiseálfar iad ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin
  • beidh na sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus neamhiomarcach i ndáil leis na críocha ar chucu a phróiseáiltear iad
  • beidh na sonraí pearsanta cruinn, agus, nuair is gá, coinneofar suas chun dáta iad, agus déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go scriosfar nó go gceartófar gan mhoill sonraí pearsanta míchruinne, ag féachaint do na críocha ar chucu a phróiseáiltear iad
  • ní choinneofar sonraí pearsanta i bhfoirm a cheadaíonn sainaithint ábhair sonraí go ceann tréimhse is faide ná mar is gá chun na críocha ar chucu a phróiseáiltear na sonraí
  • próiseálfar sonraí pearsanta ar bhealach a áirithíonn slándáil chuí na sonraí, lena n-áirítear, trí bhearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla a chur i bhfeidhm, cosaint ar
  • phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach
  • chaillteanas de thaisme, scriosadh nó dhamáiste

Sonraí Pearsanta

Faoin RGCS, is ionann sonraí pearsanta agus sonraí a bhaineann le duine beo nó ar féidir duine beo a shainaithint astu, leo féin nó in éineacht le faisnéis eile atá ar fáil. Samplaí de shonraí pearsanta iad ainm duine, uimhir fóin, sonraí bainc agus stair liachta.

Sonraí pearsanta catagóirí speisialta

Ciallaíonn sonraí pearsanta catagóirí speisialta sonraí pearsanta maidir le ceann ar bith díobh seo a leanas:

  • bunadh ciníoch nó eitneach an ábhair sonraí, tuairimí polaitiúla nó creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta an ábhair sonraí
  • ballraíocht an ábhair sonraí i gceardchumann
  • sláinte fhisiciúil nó mheabhrach nó riocht sláinte nó cleachtadh gnéis an ábhair sonraí
  • an ndearna an t-ábhar sonraí cion nó ar líomhnaíodh amhlaidh
  • aon imeachtaí dlí i leith cion a rinne an t-ábhar sonraí nó ar líomhnaíodh go ndearna an t-ábhar sonraí é, cur de láimh na n-imeachtaí sin nó breith chúirt ar bith le linn na n-imeachtaí sin

Is ábhar sonraí é an duine aonair is ábhar do na sonraí pearsanta. Is féidir tuilleadh a léamh inár gcáipéis

Tugtar rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí ar na heagraíochtaí a bhailíonn nó a bhaineann úsáid as sonraí pearsanta.


Do chearta

Is ionann na cearta atá ag daoine aonair faoin RGCS agus na cearta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, ach go bhfuil roinnt athruithe ann.

Áirítear le cearta an duine aonair:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí cóipeanna a fháil dá sonraí pearsanta mar aon le mionsonraí áirithe i dtaca le próiseáil a sonraí pearsanta
  • an ceart chun faisnéise. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí go gcuirfear faisnéis áirithe ar fáil dóibh, go hiondúil tráth a fhaightear a sonraí pearsanta. Comhlíonaimid an oibleagáid seo trínár bhfógra(í) príobháideachta
  • an ceart chun ceartúcháin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí go ndéanfar sonraí pearsanta míchruinne atá á gcoinneáil ag rialaitheoir sonraí maidir leo a cheartú
  • an ceart chun agóid a dhéanamh agus chun próiseáil a shrianadh. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí a éileamh go srianfaidh rialaitheoir próiseáil a sonraí in imthosca áirithe, agus tá sé de cheart acu cur i gcoinne próiseáil a sonraí pearsanta in imthosca áirithe
  • cearta maidir le cinnteoireacht uathoibrithe. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gan a bheith faoi réir phróiseáil atá iomlán uathoibrithe agus a mbaineann éifeachtaí dlíthiúla léi nó a imríonn tionchar suntasach ar bhealach ar bith eile ar an ábhar sonraí, agus atá ceaptha chun nithe pearsanta áirithe a mheas, amhail acmhainneacht creidmheasa nó feidhmíocht oibre, ach amháin má tá feidhm ag ceann de líon teoranta eisceachtaí
  • an ceart chun léirscriosadh sonraí pearsanta a iarraidh. In imthosca áirithe tá sé de cheart ag ábhair sonraí léirscriosadh a sonraí pearsanta a iarraidh.

Chun ceann ar bith de do chearta sonraí pearsanta a fheidhmiú déan teagmháil dhíreach leis an Oifig Cosanta Sonraí san eagraíocht ábhartha.

Sa chás ina bhfuil tú míshásta le cinneadh an Oifigigh Cosanta Sonraí tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a imscrúdóidh an cheist ar do shon. Tá cumhachtaí dlíthiúla ag an gCoimisinéir chun a áirithiú go gcloífear le do chearta.

Tá tuilleadh mionsonraí maidir le do chearta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar fáil ag suíomh gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí anseo.


Aiseolas