An Dr Denis McMahon
- Foilsithe: 29 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2026
Tá breis agus tríocha bliain de thaithí ag an Dr. McMahon sa tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear 25 bliain ag na leibhéil is sinsearaí agus 9 mbliana mar Rúnaí Buan . D'fheidhmigh sé mar cheannasaí gan Airí ar feadh 4 bliana.
Bhí sé i gceannas ar fhreagairtí tras-rialtais ar shraith éigeandálaí (mar Cheannasaí Óir), agus é ag obair go rialta le comhghleacaithe in Éirinn agus i ndlínse na Ríochta Aontaithe. Bhí sé féin i gceannas ar; bagairtí i ndiaidh 9-11; bagairtí soláthair bia roimh imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE (seiceálacha a bhunú ag na calafoirt); bagairtí soláthair bia le linn Covid; sraith tuilte éigeandála agus imeachtaí aimsire; agus géarchéim na ndídeanaithe ón Úcráin. Ba é an chéad fhinné ó Thuaisceart Éireann a bhí páirteach i bhFiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe.
Agus é ag feidhmiú i gcroílár an rialtais, d’oibrigh Denis go díreach le hAirí ó gach taobh den speictream polaitiúil, Céad-Airí ina measc. Bhí sé ina chathaoirleach ar fhóraim traspháirtí de Chomhaltaí den Tionól Reachtach roimh fhorbairt Clár Rialtais, le linn tréimhse nuair nach raibh na hinstitiúidí ag feidhmiú; scríobh sé an Clár a bhí ann roimhe sin chomh maith.
Bhí sé mar Cheann na Gairme Beartais ar feadh 6 bliana, le naisc ar fud rialtais na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann. Rinne sé athchóirithe beartais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le folláine, sláinte, beartas sóisialta, aeráid agus inbhuanaitheacht, agus claochlú digiteach. Tá dea-theist air maidir le hathchóiriú eagraíochtúil le linn dó a bheith i gceannas ar eagraíochtaí móra casta agus é freagrach as suas le 6,500 ball foirne agus as buiséid suas le £1.6 billiún. Bhain sé feabhsuithe intomhaiste comhsheasmhacha amach maidir le meanma na foirne.
Tá PhD sa tSíceolaíocht ag Denis ó Ollscoil na Banríona, agus d'éirigh leis Acadamh Ceannaireachta na dTionscadal Mór in Ollscoil Oxford a chríochnú. Bhí sé ina Chomhalta Fulbright-Humphrey sa Ríocht Aontaithe, 2000-2001.
Iar-staitisteoir é, agus tá sé ag baint úsáide as cur chuige atá bunaithe ar shonraí faoi láthair chun anailís a dhéanamh ar bheartas ar fud na Ríochta Aontaithe, na hÉireann agus go hidirnáisiúnta, agus céim á cur i gcrích aige sa Mhatamaitic agus sa Fhisic ag an am céanna. Tá sé ina bhall de Bhord carthanachta a bhíonn ag plé le sláinte meabhrach.