John Brophy
- Foilsithe: 29 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2026
Is comhbhunaitheoir agus stiúrthóir ar Reidy Brophy Ltd é John Brophy, speisialtóirí i réimse na bainistíochta géarchéime, éigeandála agus leanúnachais ghnó. Agus é ag obair ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha, tá taithí fhairsing aige ar ullmhacht foirne ceannaireachta sinsearacha a fhorbairt chun tionchar imeachtaí gan phleanáil a bhainistiú, agus ar phleananna teagmhais a fhorbairt. Tá cleachtaí deartha agus éascaithe aige ag an leibhéal Náisiúnta san NECC, agus ar leibhéil áitiúla agus réigiúnacha in Éirinn, agus tá cleachtaí ilnáisiúnta curtha i gcrích aige, cleachtaí thar ceann an AE ina measc.
Is duine de bhunaitheoirí agus comhalta boird d'Institiúid Bainistíochta Éigeandála na hÉireann é John agus is iar-chathaoirleach é ar bhrainse Phoblacht na hÉireann den Chumann Pleanála Éigeandála. Is ball fadtréimhseach den Institiúid Foghlama agus Forbartha (IITD roimhe seo) é agus is Comhalta den Institiúid um Bainistíocht Riosca Straitéiseach é.
Tá máistreacht sa bhainistíocht éigeandála ag John ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá sé tar éis léachtaí a thabhairt ag leibhéal na máistreachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in UCG. Tá BSc aige i Micribhitheolaíocht agus Bithcheimic (UCG) agus dioplóma iarchéime in Oiliúint agus Forbairt ó DIT.
Bhí John ina oifigeach Coisithe sna Fórsaí Cosanta ar feadh 19 mbliana, agus mar chuid de sin bhí sé ar seirbhís leis na Náisiúin Aontaithe sa Mheánoirthear agus leis an AE sa Bhoisnia.