Néstor Alfonzo Santamaria

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Néstor Alfonzo Santamaria

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 29 Aibreán 2026
  • An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2026

Is saineolaí ar rialachas riosca agus ar bhainistíocht straitéiseach géarchéime é Néstor Alfonzo Santamaría atá ag obair faoi láthair don Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD). Ag an OECD, feidhmíonn Néstor mar Chomhairleoir Sinsearach Beartais maidir le rialachas riosca i Stiúrthóireacht an Rialachais Phoiblí. Sula raibh an post sin aige, d’oibrigh sé ar bheartas athléimneachta agus ar bhainistíocht tubaistí in Oifig Comh-Aireachta na Ríochta Aontaithe, agus i réimse aireachtaí sa Ríocht Aontaithe freisin, i rialtas Chathair Londan agus i gClár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP). Chomh maith leis sin, tá comhairle tugtha ag Nestor don Aontas Eorpach, do ghníomhaireachtaí éagsúla de chuid na Náisiún Aontaithe, don Bhanc Domhanda agus don Bhanc Forbartha Idir-Mheiriceánach maidir le bainistíocht tubaistí agus géarchéimeanna. Labhraíonn Néstor go rialta ag imeachtaí idirnáisiúnta (amhail imeachtaí téamacha an G20 agus an G7) agus is léachtóir cuairte é i roinnt ollscoileanna ar fud an domhain freisin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat