Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leasuithe ar an Acht um Nochtadh Cosanta 2022

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 6 Eanáir 2023
  • An t-eolas is déanaí: 3 Meitheamh 2025

Forálann an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 creat cosaintí reachtúla do sceithirí in Éirinn. Rinneadh athchóiriú suntasach ar an Acht leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022, a síníodh ina dhlí i mí Iúil. Tháinig an reachtaíocht nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.


Leasuithe ar an Acht um Nochtadh Cosanta

Tá beartas agus nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag an Roinn Cosanta maidir le Nochtaí Cosanta a dhéanamh sa roinn. Forbraíodh iad sin i gcomhréir leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 agus ghlac Bord Bainistíochta na roinne leo. Leagtar amach iontu an próiseas trína bhféadfaidh ‘oibrí’ de chuid na roinne nochtadh cosanta a dhéanamh, an méid a tharlóidh ar nochtadh a dhéanamh agus an méid a dhéanfaidh an roinn chun an nochtóir a chosaint. Déanfar an beartas agus na nósanna imeachta a nuashonrú chun an tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023 agus chun an Treoir Reachtúil do chomhlachtaí poiblí agus do dhaoine forordaithe, arna foilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí na Samhna 2023, a léiriú.

Tacaíonn an próiseas leis an dúthracht a chaitheann an roinn lena chinntiú go spreagann, go n-éascaíonn agus go dtacaíonn cultúr agus timpeallacht oibre na roinne le haon bhall foirne de chuid na roinne ‘labhairt amach’ ar aon cheist a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar chumas na roinne a róil agus a freagrachtaí uile a chomhlíonadh i gceart agus go hiomlán de réir an chaighdeáin ardfheidhmíochta is gá.


Cé leis ar féidir nochtadh cosanta a dhéanamh

Is féidir leis na daoine seo a leanas nochtadh cosanta a dhéanamh faoin mbeartas:

Gach “oibrí” sa roinn mar a shainmhínítear in alt 3 den Acht, lena n-áirítear:

  • fostaithe reatha agus iar-fhostaithe
  • oibrithe deonacha
  • conraitheoirí neamhspleácha
  • daoine faoi oiliúint
  • iarrthóirí poist

Leagtar amach sa bheartas an próiseas trína bhféadfaidh oibrí nochtadh cosanta a dhéanamh, an chaoi a láimhseáiltear tuairiscí den sórt sin agus an méid a dhéanfaidh an roinn chun an duine a dhéanann an nochtadh a chosaint.

Caitheann an Roinn Cosanta an-dúthracht le cultúr a chothú inar féidir lenár n-oibrithe go léir labhairt amach go sábháilte agus aon nithe is údar imní dóibh a thuairisciú faoi mhí-iompar iomchuí mar a shainmhínítear sa reachtaíocht, agus leis na tacaíochtaí riachtanacha a sholáthar dóibh siúd a ardaíonn nithe is údar imní le meon macánta.

Tá tacaíochtaí saor in aisce agus neamhspleácha ar fáil d’aon duine atá ag smaoineamh ar nochtadh cosanta a dhéanamh, nó atá tar éis nochtadh cosanta a dhéanamh. Is féidir le duine ar bith teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ‘Speak Up’ (1800 844 866), seirbhís atá saor in aisce agus faoi rún, é sin nó an Fhoirm Thuairiscithe Shlán, ríomhphost, post,aip Signal a úsáid, arb iad Transparency International Ireland a oibríonn iad. Tá an próiseas seo neamhspleách ar an roinn.


Conas nochtadh cosanta a dhéanamh

Nochtaí Cosanta d’aird na Roinne Cosanta

Seoltar nochtaí leictreonacha ar ríomhphost chuig pdcorrespondence@defence.ie

Marcáiltear Nochtaí Cosanta a chuirtear sa phost ‘faoi rún’ agus seoltar iad chuig an seoladh a leanas:

Bernadette Dempsey, An Oifig um Nochtadh Cosanta, An Roinn Cosanta, Bóthar an Stáisiúin, Droichead Nua, Co. Chill Dara, W12 AD93.


Nochtaí Cosanta d’aird an Aire Cosanta

Más rud é go bhfuil, nó go raibh, oibrí fostaithe i gcomhlacht poiblí, is féidir leis an oibrí nochtadh cosanta a dhéanamh d’Aire iomchuí.

Sainmhínítear “Aire iomchuí” mar Aire atá freagrach as an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus a bhfuil feidhmeanna, bíodh siad reachtúil nó eile, maidir leis an gcomhlacht poiblí, dílsithe dó, nó Aire Stáit ar tarmligeadh aon fheidhm den sórt sin dó. Go ginearálta, is gnách gurb é sin Aire mháthair-roinn an chomhlachta phoiblí.

Cuirtear nochtaí leictreonacha ar ríomhphost chuig an Aire Cosanta ar pdministercorrespondence@defence.ie

Marcáiltear Nochtaí Cosanta a chuirtear sa phost ‘faoi rún’ agus seoltar iad chuig an seoladh a leanas:

An tAire Cosanta, An Roinn Cosanta, Bóthar an Stáisiúin, Droichead Nua, Co. Chill Dara, W12 AD93.

Cuirfear Nochtaí Cosanta a gheobhaidh an tAire díreach chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta laistigh de 10 lá féilire ó dháta a bhfála gan an tAire an tuairisc ná an fhaisnéis ná aon líomhain sa nochtadh a bhreithniú. Ba cheart aon cheisteanna nó comhfhreagras breise a chur go díreach chuig an gCoimisinéir.


Nochtadh do Dhaoine Forordaithe

Tá daoine áirithe forordaithe le nochtaí cosanta a fháil (“daoine forordaithe”). Ina measc tá ceannairí agus oifigigh shinsearacha i raon comhlachtaí a bhfuil baint acu le maoirseacht nó rialáil earnálacha áirithe den gheilleagar nó den tsochaí.

Tá liosta iomlán na ndaoine forordaithe le fáil in I.R. Uimh. 367 de 2020.[BD(1]

Is duine forordaithe faoin Acht é Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta le nochtaí seachtracha a fháil ar ábhair a bhaineann le bronnadh conarthaí áirithe a bhfuil baint acu le Cúrsaí Cosanta agus Slándála arna leagan síos i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Bronnadh Conarthaí a bhfuil baint acu le Cúrsaí Cosanta agus Slándála), 2012 (I.R. Uimh. 62 de 2012).

Nochtadh cosanta atá i nochtadh a dhéanann tú do dhuine forordaithe ar chuntar go sásaítear an dá choinníoll seo:

  • Creideann tú le réasún go bhfuil an mí-iompar ábhartha faoi réimse freagrachta an duine forordaithe.
  • Is fíor go substaintiúil an fhaisnéis a nochtann tú agus aon líomhain atá inti (is caighdeán níos airde é sin ná mar atá riachtanach i gcás nochtadh do d’fhostóir).

Ní mór don duine forordaithe:

  • Do thuairisc a admháil laistigh de 7 lá.
  • Do thuairisc a fhiosrú go dúthrachtach.
  • Aiseolas a thabhairt duit, laistigh de 3 mhí, ar na bearta a rinneadh nó atá beartaithe (is féidir an tréimhse sin a shíneadh go 6 mhí i gcásanna áirithe ach údar maith a bheith ann).
  • Faisnéis a thabhairt duit faoi thoradh deiridh aon imscrúduithe.

Is féidir tuairiscí a thabhairt go díreach don Oifig um Nochtuithe Cosanta, ag pdcorrespondence@defence.ie.