An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
An Fhrainc deimhnithe ag an Aire McEntee mar an Comhpháirtí Tosaíochta don Chlár Flít Armúrtha
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá deimhnithe inniu (an 24 Feabhra) ag an Aire Cosanta, Helen McEntee TD, go bhfuil an Fhrainc ainmnithe mar an comhpháirtí tosaíochta do Chlár Flít Armúrtha na hÉireann tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar na roghanna.
Tá cur chuige idir rialtais i bpáirt leis an bhFrainc ceadaithe ag an Rialtas. Cuirfidh an Roinn Cosanta tús anois le hidirbheartaíocht mhionsonraithe faoi chomhaontú féideartha dírithe ar SCORPION, clár feithiclí armúrtha na Fraince.
Is é seo a dúirt an tAire McEntee inniu:
“Tosaíocht thábhachtach atá ann faoin bPlean Náisiúnta Forbartha €1.7 billiún faoi choinne Óglaigh na hÉireann ná flít armúrtha nua-aimseartha a fhorbairt. An príomhchúram atá orm ná a chinntiú go bhfuil an chosaint, soghluaisteacht agus inniúlacht ag pearsanra an Stáit de réir mar atá riachtanach—bíodh sé sin sa bhaile nó ar mhisin thar lear.
“Tá an chéim seo ag teacht leis an ngealltanas ginearálta atá tugtha ag an Rialtas go ndéanfaí an tslándáil náisiúnta a threisiú agus Óglaigh na hÉireann a nuachóiriú. Agus muid ag obair go díreach le comhpháirtí iontaofa mar atá leis an bhFrainc, beimid in ann riosca a laghdú, leas a bhaint as saineolas cruthaithe agus a dheimhniú go mbeidh trealamh iontaofa idir-inoibritheach ag fórsaí na tíre don am atá le teacht.”
Fuarthas amach i measúnú straitéiseach go bhféadfadh clár SCORPION riachtanais oibríochtúla na hÉireann a shásamh agus gur bunús láidir atá ann le haghaidh tuilleadh plé. In anailís a rinneadh ar an margadh le linn 2024–2025, tugadh le fios nach ann d’aon chlár eile ach é a bheadh in ann an réimse iomlán de chumais riachtanacha a sholáthar.
Níor bronnadh aon chonradh go fóill. Déanfar méid an fhlít, róil, amlínte agus costais a shocrú sa chéad chéim eile den idirbheartaíocht. Faoi réir an dul chun cinn, meastar go bhféadfaí creat-chomhaontú a chur chun críche faoi dheireadh na bliana de réir rialacha an AE maidir le soláthar cosanta agus treoirlínte náisiúnta bonneagair.
Is é is aidhm don Chlár Flít Armúrtha feithiclí nua a chur in ionad feithiclí atá ag éirí seanchaite agus cur le cumais Óglaigh na hÉireann, go háirithe i réimsí na cosanta fórsa, soghluaisteachta, cumhachta lámhaigh agus idir-inoibritheachta. Léiriú atá san infheistíocht seo ar thiomantas an Rialtais lena dheimhniú go mbeidh an trealamh cuí ag Óglaigh na hÉireann chun freastal ar éilimh oibríochtúla nua-aimseartha.
Nótaí
- Cuireadh an Tuarascáil maidir leis an Measúnú Straitéiseach i gcrích tar éis d’fhoireann tionscadail measúnuithe mionsonraithe margaidh a dhéanamh. Pearsanra sinsearach sibhialta agus míleata a bhí ar an bhfoireann. Cuireadh torthaí ón suirbhé ar fáil le linn plé le Coimisiún an Aontais Eorpaigh in 2025.
- An riachtanas atá le comhlíonadh in Éirinn ná flít ar rothaí ina mbeadh meascán d’fheithiclí armúrtha 4x4, 6x6 agus 8x8 in ionad feithiclí reatha, chun cur leis an méid reatha feithiclí armúrtha in Éirinn agus chun cur le cumais mhíleata Óglaigh na hÉireann i gcomhréir le Leibhéal Uaillmhéine 2 mar atá leagtha amach i dTuarascáil an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann (2022).
- An chéim atá ann faoi láthair ná an plé tosaigh leis an bhFrainc sula ndéantar aon fheithiclí a ordú go foirmiúil. Má dhéantar an chéim seo a cheadú, an chéad chéim a bheidh ann i sraith céimeanna i dtreo Comhaontú agus, ar deireadh thiar, Ordú Fála. Níl gealltanas tugtha ag Éirinn go fóill go gceannófar na feithiclí.
- Teastaíonn cur chuige in Éirinn ina gcuirtear gach gné den chumas míleata san áireamh ionas go mbeidh feithiclí armúrtha go hiomlán i gcomhréir le ceanglais ó thaobh dúnghaoise, eagraíochta, oiliúna, bonneagair, pearsanra agus idir-inoibritheachta de.
- Tugtar tús áite sa chur chuige do réimse ábaltachtaí éagsúla i léibhinn feithiclí réamhdhéanta inseirbhíse a bhfuil cruthúnas ar a n-aibíocht teicneolaíochta agus teist oibríochta. Seachnaítear córais a bhfuil taighde nó forbairt fós ar bun orthu.
- Tá clár SCORPION na Fraince á chomhordú ag Direction Générale de l'Armement (DGA) arb é sin an rannán soláthair in Aireacht na bhFórsaí Armúrtha sa Fhrainc. Is é an DGA a threoraíonn an tslí a dtugann an Fhrainc tacaíocht den chineál céanna do náisiúin eile ar comhghuaillithe iad.
- Dearadh agus tógadh Clár SCORPION sa Fhrainc. “Córas córas” an coincheap atá ann ina ndéantar cineálacha éagsúla feithiclí a chomhcheangal i líonra bunaithe ar chóras coiteann faisnéise agus cumarsáide. Dá thoradh sin, is féidir na léibhinn a nascadh agus a shocrú le go mbeidh siad idir-inoibritheach san fhíor-am d'fhonn cumais intreacha gach léibhinn a mhéadú agus córais chomhoibríocha a chomhordú chun na léibhinn a iolrú.
- Is iad na feithiclí Scorpion atá ann an Griffon, MEPAC, Jaguar, Serval agus Caesar. Tá leaganacha speisialaithe ar fáil ar an gclár, leaganacha ina measc lena ligtear misin taiscéalaíochta a dhéanamh. Níl aon chineál feithicle eile san Eoraip seachas an Jaguar ina bhfuil meascán den tsoghluaisteacht agus den chumas cumhacht lámhaigh a sholáthar, an chumhacht sin comhtháite san fheithicil.
- I gClár SCORPION, déantar cineálacha difriúla feithiclí a chomhcheangal agus úsáidtear líonra slán cumarsáide chun iad a nascadh. Is é is aidhm don Chlár fórsa talún a chruthú a bheidh níos comhtháite agus níos freagrúla, é in ann dul i ngleic le dúshláin chomhaimseartha.
- Tá an flít reatha Iompróirí Armúrtha Pearsanra den déanamh MOWAG Piranha III in úsáid ó bhí 2001 ann. Tá Clár Cothabhála agus Uasghrádaithe Meán-saolré déanta le gairid ar an bhflít chun saolré na bhfeithiclí a shíneadh chomh fada le 2030. Tháinig an Flít Feithiclí Armúrtha Oirbheartaíochta Éadroime go deireadh a shaolré measta agus tá sé á thabhairt as seirbhís. Ní mór an bhearna seo ó thaobh cumais de a réiteach, go háirithe i dtaca le cosaint an fhórsa, soghluaisteacht, cumhacht lámhaigh agus idir-inoibritheacht.
- Bítear ag brath in oibríochtaí míleata nua-aimseartha ar chumarsáid chomhtháite líonraithe agus ar theicneolaíocht ardfhorbartha ar gach ardán chun feasacht suímh, cosaint an fhórsa agus éifeachtacht oibríochtúil a chinntiú. Is riachtanach go sásóidh an Flít Armúrtha amach anseo caighdeáin nua-aimseartha idirnáisiúnta don chosaint.
- Moladh i dTuarascáil an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann gur chóir flít nua feabhsaithe níos mó a chur isteach in ionad na n-iompróirí armúrtha pearsanra [JP1] reatha agus leibhéal sásúil de chumhacht lámhaigh ann le dul ar mhisin thar lear amach anseo agus armúr ‘leibhéal 4’ ar na léibhinn armúir nuair is gá. Ghlac an Rialtas leis an moladh seo, i bprionsabal. Tabharfar faoin moladh seo sa Chlár Flít Armúrtha.
- Tabharfar faoin soláthar go léir faoin gClár Flít Armúrtha i gcomhréir le Treoir an AE maidir le Soláthar i réimsí na Cosanta agus na Slándála, agus leis na Treoirlínte maidir le Bonneagar.
- Ní dhéanfar na costais réamh-mheasta ghaolmhara iomlána a dheimhniú go dtí céim an Cháis Deiridh Gnó. Úsáidfear na leithdháiltí caipitil a fógraíodh mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta chun an caiteachas a éireoidh as an gClár seo a chumhdach.