First-Ever National Maritime Security Strategy launched
- Foilsithe: 25 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2026
An Chéad Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí Seolta ag an Aire McEntee
Inniu (an 25 Feabhra) sheol an tAire Cosanta, Helen McEntee TD, an chéad Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí riamh in Éirinn. Lean sí comhairliúchán poiblí fairsing ina bhfuarthas thart ar 300 aighneacht ó raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhlachtaí rialtais, lucht na hacadúlachta, an tionscal agus daoine den phobal.
Ag labhairt di ag seoladh na straitéise nua, bhí an méid seo le rá ag an Aire McEntee:
“Cúis áthais dom inniu an chéad Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí a sheoladh. Ní doiciméad beartais amháin atá sa straitéis seo, ach is plean gníomhaíochta í freisin chun timpeallacht fheabhsaithe slándála muirí a sholáthar ina dtugtar cosaint do shaoránaigh agus do leasanna na hÉireann.
“Gach lá, feicimid staid gheopholaitiúil atá ag éirí níos míshocra, rud a aibhsíonn leochaileachtaí ár gcuid bonneagair mhuirí ríthábhachtaigh agus ár gcumais chun ár n-uiscí a mhonatóiriú agus a chosaint.
“Mar náisiún oileánach, táimid ag brath ar ár gcuid bonneagair mhuirí ríthábhachtaigh. Áirítear sa chéad straitéis náisiúnta seo béim ar leith ar rioscaí agus ar bhagairtí i réimse na slándála agus na cosanta náisiúnta.
"Díreofar anois láithreach ar chur i ngníomh agus cur chun feidhme na straitéise. Déanfaidh mé beart láithreach chun cur chuige nua uile-rialtais a chur i bhfeidhm chun slándáil ár réimse muirí a chosaint, mar aon le coincheap an ionaid náisiúnta slándála muirí a fhorbairt.
“Déanfaidh mé cinnte de freisin go gcomhoibreoidh Éire le comhpháirtithe réigiúnacha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta.” Áireofar leis sin dlúth-chomhoibriú lenár gcuid comharsana is gaire ar thionscnaimh nua agus iniúchadh a dhéanamh ar an deis atá ag Éirinn mol réigiúnach AE um mhonatóireacht cáblaí san Atlantach Thuaidh a óstáil nó a bheith ina comhpháirtí ann.
“Cé go bhfuil ról riachtanach ag an Rialtas, tá ról ríthábhachtach ag an earnáil phríobháideach freisin agus, go deimhin, tá sé de fhreagracht uirthi a cion féin a dhéanamh mar chomhlánú ar ról an Rialtais. Is iadsan úinéirí agus oibreoirí cuid mhór dár gcuid bonneagair mhuirí ríthábhachtaigh agus tá siad i gcroílár an chur chuige nua seo.
“Troidfidh mé ar son cur chuige nua dlí i leith na slándála muirí in Éirinn freisin agus déanfaidh mé cinnte de go mbeidh na cumhachtaí forfheidhmithe riachtanacha go léir ag Óglaigh na hÉireann a theastaíonn uathu agus iad ar muir.”
Mar fhocal scoir, luaigh an tAire McEntee an ról tábhachtach a bheidh ag Óglaigh na hÉireann, go háirithe an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tAerchór, i gcur i bhfeidhm gnéithe den straitéis:
“Cuirfidh gníomhartha comhpháirteacha Óglaigh na hÉireann dúshraith ríthábhachtach faoin straitéis. Mar eite mhuirí Óglaigh na hÉireann, is í an tSeirbhís Chabhlaigh príomhghníomhaireacht mhuirghabhála na hÉireann, agus róil mhíleata agus róil neamh-mhíleata araon á gcomhlíonadh aici.
“Aithnítear sa Straitéis seo an príomhról a dhéanann an tSeirbhís Chabhlaigh maidir le tacú le feidhmeanna muirí éagsúla trí mhonatóireacht a dhéanamh ar tír agus ar phatróil ar muir i mbun gníomhaíochtaí ilghnéitheacha, gníomhaíochtaí a bhaineann le faireachas muirí, le díchumasú drugaí, le cosaint iascaigh, le cuardach agus le tarrtháil, agus le hoibríochtaí cosanta agus slándála muirí.
“Tá ról ríthábhachtach ag an Aerchór san obair seo chomh maith, agus patrólú á dhéanamh acu ar fharraigí na hÉireann le sain-aerárthaí faireachais mhuirí.”
Nótaí don Eagarthóir
Leis an Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí nua, cuirtear treochlár ar fáil as seo go ceann cúig bliana chun leasanna muirí ceannasacha na hÉireann a chosaint, farraigí sábháilte slána a chinntiú agus tacú leis an ord dlí idirnáisiúnta sa réimse muirí.
I gcomhthéacs tírdhreach geopholaitiúil dhúshlánach agus i bhfianaise na mbagairtí agus na rioscaí suntasacha atá roimh an tír faoi láthair, dírítear sa chéad Straitéis seo ar an réimse muirí a dhaingniú ó bhagairtí a bhaineann le slándáil agus cosaint náisiúnta.
Sainaithnítear sé chuspóir straitéiseacha sa Straitéis, a bhfuil sé mar aidhm acu tacú leis an bhfócas tosaigh seo ar an tslándáil agus ar an gcosaint náisiúnta. Seo iad na cuspóirí straitéiseacha sin:
- Réimse muirí an Stáit a chosaint;
- Bonneagar muirí ríthábhachtach na hÉireann a chosaint, go háirithe an bonneagar ríthábhachtach faoin bhfarraige;
- Feasacht ar réimse muirí na hÉireann a fheabhsú;
- Comhpháirtíochtaí réigiúnacha a neartú agus comhar idirnáisiúnta a mhéadú;
- Ord dlí a chinntiú i réimse muirí na hÉireann agus tacú leis an dlí idirnáisiúnta; agus
- Oideachas, oiliúint, taighde agus nuálaíocht chun tacú le slándáil mhuirí mhéadaithe.