An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Creat Straitéiseach Nua agus Plean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme Nuashonraithe
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Creat Straitéiseach um Chlaochlú Óglaigh na hÉireann agus Nuashonrú ar an bPlean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme le haghaidh Thuarascáil an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann foilsithe ag an Aire McEntee
D’fhoilsigh an tAire Cosanta, Helen McEntee TD, Creat Straitéiseach nua um Chlaochlú Óglaigh na hÉireann agus Nuashonrú ar an bPlean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme le haghaidh Thuarascáil an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann inniu (Dé Máirt, an 10 Feabhra).
Ag labhairt di tar éis chruinniú an Rialtais inniu, áit ar tugadh an Plean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme nuashonraithe agus an Creat Straitéiseach nua faoi deara, dúirt an tAire McEntee:
“Beidh an dá dhoiciméad seo ríthábhachtach sa chéad chéim eile den athchóiriú chun Óglaigh na hÉireann a neartú i dtimpeallacht slándála atá ag athrú agus ag éirí níos casta, chomh maith le hathrú cultúrtha a chur i bhfeidhm.
“Ó seoladh an Plean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme i mí na Samhna 2023, tá dul chun cinn suntasach déanta, agus 54 ceann de mholtaí an Choimisiúin curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2025.
“Cuirfidh na doiciméid seo béim athnuaite ar phleanáil don lucht saothair, ar struchtúir nua ceannais agus comhpháirteacha, ar athchóiriú seirbhíse, ar athbheochan na nÓglach Cúltaca agus ar chumais chomhpháirteacha nua-aimseartha a fhorbairt. Leagfar amach sa Chreat Straitéiseach gníomhartha tosaíochta don bhliain amach romhainn freisin, lena n-áirítear earcaíocht agus coinneáil a threisiú, an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tAerchór a athbheochan, trealamh agus timpeallachtaí oibre a fheabhsú, athchóiriú reachtaíochta a chur chun cinn agus dlús a chur le claochlú digiteach agus sonraí.
"I gcomhar leis an Nuashonrú ar an bPlean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme, tugann an Creat Straitéiseach um Chlaochlú Óglaigh na hÉireann le chéile in aon doiciméad uileghabhálach amháin na bearta atá le déanamh láithreach chun tacú le hÓglaigh na hÉireann a bhunathrú ina n-eagraíocht atá oiriúnach dá bhfeidhm, is é sin eagraíocht atá in ann an Stát a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann san am i láthair agus a bheidh ann san am atá le teacht.
"Cuireann sé le hobair an chéad Chreata Straitéisigh a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2023, agus leis na tuarascálacha agus pleananna éagsúla ó 2022 ar thug an Rialtas gealltanas gníomhú ina leith.
"Tá claochlú Óglaigh na hÉireann níos tábhachtaí anois ná riamh roimhe seo"
Plean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme
Tá an fhormáid agus an stíl chéanna ag an bPlean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme Nuashonraithe do Thuarascáil an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann agus a úsáideadh sa chéad Phlean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme a foilsíodh in 2023.
Leagtar amach ann na hamlínte chun na 130 moladh a chur i bhfeidhm. Leagtar béim i dTuarascáil an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann ar chúig réimse lárnacha nach mór aghaidh a thabhairt orthu, mar thoradh ar chinntí beartais i ndáil le méid na huaillmhéine agus an bhuiséid. Tá na cúig phríomhréimse seo gafa anois mar chúig Chuspóir Straitéiseacha, agus is iad sin:
- Athrú Straitéiseach AD agus Cultúrtha le Seachadadh;
- Struchtúir Nua C2 agus Comhstruchtúir Nua le Bunú;
- Seirbhísí le hAthchóiriú agus le hAthstruchtúrú;
- Na hÓglaigh Cúltaca le hAthbheochan; agus
- Comhfhorbairt Cumais le Cur Chun Feidhme.
Tugtar breac-chuntas ar na bearta atá le déanamh faoi gach cuspóir straitéiseach, chomh maith leis na hamlínte ina leith.
Creat Straitéiseach
Leagtar amach sa Chreat Straitéiseach na bearta sonracha atá le déanamh sna 12 mhí amach romhainn faoi na ceannteidil seo a leanas:
- moltaí i dTuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách;
- moltaí an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann;
- seirbhís Chabhlaigh agus Aerchór na hÉireann a athghiniúint agus a fhorbairt, agus cothroime measa a áirithiú ar fud na seirbhísí go léir;
- cur le líon na bpearsanra in Óglaigh na hÉireann;
- feabhas a chur ar thimpeallacht oibre fhisiciúil agus ar threalamh ár bpearsanra;
- claochlú digiteach Óglaigh na hÉireann, úsáid sonraí agus cúrsaí tuairiscithe;
- athruithe reachtaíochta chun bonn a chur faoin gclár um an athrú ó bhonn;
- na bearta tosaíochta atá sainaitheanta ag Comhlacht Maoirseachta Seachtrach (EOB) Óglaigh na hÉireann;
- socruithe rialachais agus tuairiscithe chun maoirseacht a dhéanamh ar an gclaochlú seo agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a thabhairt don obair;
- an bealach lena ndéantar tionchar na dtionscnamh claochlaithe a thomhas; agus
- an obair i réimse an bheartais cosanta a dhéanfar an t-am céanna leis an gclaochlú cultúrtha ar Óglaigh na hÉireann.
Is é 12 mhí an t-amscála don Chreat Straitéiseach seo. Tá sé ar intinn ag an Aire Cosanta Creat Straitéiseach athbhreithnithe le haghaidh 2027 agus dá éis a fhoilsiú nuair a bheidh an Creat Straitéiseach seo tugtha chun críche.