Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aerárthach Raoin Straitéisigh nua seachadta chuig an Aerchór

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Chuir an tAire Cosanta Helen McEntee fáilte inniu (an 16 Nollaig) roimh theacht Dassault Falcon 6X, aerárthach raoin straitéisigh nua an Aerchóir.

Tá an t-aerárthach nua seo in aerloingeas an Aerchóir á chur leis an tríú haerárthach Airbus C-295 a seachadadh i mí Mheán Fómhair.

I láthair in Aeradróm Mhic Easmainn ar theacht don aerárthach bhí [Ard-Rúnaí Cúnta na Roinne Cosanta Aileen Nolan, thar ceann an Aire], an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir an Briogáidireghinearál Rory O’Connor, daoine de chomhfhoireann an Aerchóir / na Roinne Cosanta a thug an tionscadal i gcrích agus ionadaithe thar ceann Dassault Aviation S.A.

Ag labhairt di le linn ócáid seachadta an aerárthaigh nua, is é seo a dúirt an tAire McEntee:

“Aerárthach den chéad ghlúin eile atá sa Dassault Falcon 6X a chuirfidh le cumais iompair, aeraistrithe agus aslonnaithe taismeach an Stáit agus a chuirfidh seirbhís sholúbtha neamhspleách aeriompair ar fáil don Stát, gné atá ag éirí níos riachtanaí le go mbeidh an rialtas in ann oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann a shásamh.

“Ar a bharr sin, úsáidfear an t-aerárthach chun réimse leathan cúraimí eile a chomhlíonadh, cuir i gcás aslonnú saoránach Éireannach ó chásanna géibheannacha, aistriú othar, aslonnú taismeach nó aisdúichiú pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann a bheadh imlonnaithe ar mhisin thar lear, chomh maith le tacaíocht lóistíochta a thabhairt chun soláthairtí a iompar chuig misin de chuid Óglaigh na hÉireann thar lear.

Forbairt shuntasach ar acmhainní iompair, aeraistrithe agus leighis an Stáit is ea seachadadh an aerárthaigh raoin straitéisigh an Dassault Falcon 6X. Fianaise eile atá ann ar thiomantas leanúnach an rialtais cur le hacmhainní Óglaigh na hÉireann.”

Seo an méid a dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann an Leifteanantghinearál Rossa Mulcahy:

“Garsprioc thábhachtach d’Aerchór na hÉireann atá ann inniu agus muid ag cur fáilte roimh theacht an Falcon 6X le dul i mbun seirbhíse. Céim shuntasach chun tosaigh i gcomhthéacs raon straitéiseach an Stáit atá san aerárthach seo agus tá cumas breise aeraistrithe, aslonnaithe taismeach agus iompair rialtais againn dá bharr. A bhuí le raon, feidhmíocht agus córais ardfhorbartha an aerárthaigh, beimid in ann tacú le saoránaigh

Éireannacha agus pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ar fud na cruinne agus is fearr a bheidh an obair sin ó thaobh luais, sábháilteachta agus solúbthachta de.

“Tá Falcon 6X tagtha ag am cinniúnach i bhforbairt na nÓglach agus muid ar an aistear le stádas Aerfhórsa a bhaint amach. Infheistíocht atá ann, ní hamháin i dtrealamh nua-aimseartha ach, lena chois, i ról, uaillmhian agus raon oibríochtúil acmhainneacht aeir na hÉireann feasta.

“Beidh Falcon 6X ann ar mhaithe leis an Stát ar feadh blianta fada. Is soiléir ó theacht an aerárthaigh a thiomanta atáimid eagraíocht nua-aimseartha a fhorbairt a bheidh freagrúil agus fadbhreathnaitheach.”

Nótaí

Cuideachta aeraspáis sa Fhrainc atá seanbhunaithe sna tionscail eitlíochta agus chosanta, Dassault Aviation S.A., a rinne an t-aerárthach sa Fhrainc;

Tá Falcon 6X in ann glacadh le 14 phaisinéir ar a mhéad agus le 17 nduine ar a mhéad san iomlán;

Tá Falcon 6X tagtha in ionad Learjet 45 (a tháinig i bhfeidhm in 2004), scaird-aerárthach den ghlúin nua atá ann a bhfuil éifeachtúlacht breosla ardfhorbartha agus uasraon os cionn 5,000 muirmhíle ann atá in ann cinn scríbe mar Chósta Thiar Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhaint amach gan stró;

Tá réimse nua-aimseartha ann de threalamh eitleonaice, trealamh cumarsáide sláine, trealamh oibríochtúil agus trealamh sábháilteachta;

Fuarthas an t-aerárthach tar éis comórtas tairisceana a riar faoin nós imeachta idirbheartaithe atá leagtha amach i dTreoir 81/2009/CE maidir le Cosaint agus Slándáil d'fhonn aerárthach nua meánmhéide raoin straitéisigh a fháil lena úsáid le haghaidh aeriompar agus fóntais eile ar bhonn níos leithne;

Chosain an t-aerárthach Falcon 6X timpeall €53 milliún gan CBL a áireamh.

Meastar go mbeidh an t-aerárthach ag feidhmiú i Ráithe 1 2026.

Sonraíochtaí teicniúla

Feidhmíocht Falcon 6X

  • Raon ag Mach .80 (613 míle san uair) 5,500 nm / 10,186 km
  • Uasluas Oibriúcháin Mach Mach .90 (690 míle san uair)
  • Uas-airde Dheimhnithe 51,000 troigh / 15,545 m
  • Fad Éirí de Thalamh 5,115 troigh / 1,560 m
  • Fad Tuirlingthe 2,440 troigh / 744 m

Innill

  • Pratt & Whitney PurePower PW812D, Cineál 2

Toisí seachtracha

  • Airde 24 troigh 6 horlaí / 7.47 m
  • Fad 84 troigh 3 horlaí / 25.68 m
  • Réise Sciathán 85 troigh 1 orlach / 25.94 m

Toisí an chábáin

  • Airde an Chábáin 6 troithe 6 horlaí / 1.98 m
  • Leithead an Chábáin 8 dtroithe 6 horlaí / 2.58 m
  • Fad an Chábáin (gan cábán an phíolóta ná bagáiste a áireamh) 40 troigh 4 horlaí / 12.30 m
  • Toirt an Chábáin (gan cábán an phíolóta ná bagáiste a áireamh) 1,843 troigh³ / 52.2 m³
  • Toirt i gcomhair Bagáiste 155 troigh³ / 4.4 m³

Meáchain

  • Uasmheáchan in Éirí de Thalamh 77,500 lb / 35,153 kg
  • Uasmheáchan Tuirlingthe 66,200 lb / 30,028 kg
  • Uasmheáchan gan Bhreosla 45,900 lb / 20,820 kg
  • Uasmheáchan agus Breosla ann 33,800 lb / 15,331 kg

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat