Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

John Kennedy

Tá John Kennedy freagrach ag leibhéal an Phríomhoifigigh as tionscadail a chuireann le hoidhreacht chultúir na tíre a fhorbairt, ar nós:

  • idirchaidreamh le Forais Náisiúnta Cultúir maidir le
    • socruithe slánaíochta a bhaineann le hiarsmaí cultúir a impórtáiltear ar iasacht ó thíortha thar lear lena dtaispeáint ar bhonn sealadach anseo
    • saothair a fháil do na bailiúcháin náisiúnta agus as Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, a bhaineann le síntiús iarsmaí cultúir, a riar.
    • rialacháin agus ceadúnú a bhaineann le hiarsmaí cultúir a bhogadh ar fud an domhain.
  • Tacú le Comhaltas Ceoltóirí Éireann an ceol agus damhsa traidisiúnta a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear.
  • Tacaíocht do mhúsaeim réigiúnacha agus áitiúla speisialaithe áirithe:

Iarsmalann Hunt, an Músaem Náisiúnta Cló, Ionad James Joyce, an Músaem Náisiúnta Muirí, an tÁiléar Eolaíochta, Músaem Bád Aeir agus Muirí Fhainge, Leabharlann an Ard-Easpaig Marsh, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus Músaem Ime Chorcaí.

  • Scéimeanna tacaíochta bliantúla faoi choimirce na Roinne maidir le féilte pobalbhunaithe agus scoileanna samhraidh, comhoibriú trasteorann, forbairt músaem réigiúnach agus iasachtaí ón mbailiúchán náisiúnta do thaispeántais áitiúla.

Róil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat