Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Sharon Barry

Tá Cultúr Éireann freagrach as ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud na cruinne agus cúnamh a thabhairt d’ealaíontóirí Éireannacha a gcuid mianta domhanda a bhaint amach. Tacú le deiseanna d'ealaíontóirí agus comhlachtaí Éireannacha lena gcuid oibre a chur i láthair ag féilte idirnáisiúnta, in ionaid éagsúla agus ag margaí ealaíon. Ar an mbealach sin, cruthaítear gairmeacha thar lear a mhairfidh. Baintear é seo amach a bhuí leis an scéim maoinithe rialta faoina dtugtar tacaíocht d’ealaíontóirí agus do chomhlachtaí Éireannacha atá ag iarraidh a gcuid oibre a chur i láthair ar fud an domhain. Tá Cultúr Éireann freagrach chomh maith as:

  • Pailliún na hÉireann a choimisiúnú i bpáirt leis an gComhairle Ealaíon ag Biennale na Veinéise;
  • Tionscnaimh speisialta a chur i gcrích in áiteanna straitéiseacha chun an lucht spéise a bhfuil suim acu in ealaíona na tíre seo a mhéadú;
  • Bheith i gceannas ar chur i gcrích na ngnéithe cultúir a bhaineann le straitéis Éire Dhomhanda an Rialtais;

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.CultureIreland.com.

Is é an tAonad Tacaíochtaí Cultúir a reáchtálann scéim phíolótach an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona. An tAonad sin freisin a chuireann an tionscadal taighde a théann leis an scéim seo i gcrích ina scrúdaítear an tionchar atá i gceist le hIoncam Bunúsach seachtainiúil a íoc le healaíontóirí.

Róil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat