Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar fhorbairt Chreat Beartais an Chultúir, na Cruthaitheachta agus na hAeráide

Tá an Comhairliúchán dúnta

Cuspóir

Cuirtear i bhfeidhm sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 buiséid charbóin agus uasteorainneacha astaíochtaí do gach earnáil den gheilleagar, agus leagtar amach plean chun astaíochtaí na hÉireann a laghdú faoina leath faoi 2030 agus chun neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Ina Ráiteas Straitéise 2023 – 2025, geallann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go ndéanfaidh siad ceist shóisialta agus chultúrtha den athrú aeráide a thuigfidh daoine, rud atá lárnach i seachadadh athrú na hÉireann ina sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de.

Mar pháirt den iarracht an sprioc sin a bhaint amach, d’fhógair an tAire Catherine Martin go bhforbrófar Creat Beartais Náisiúnta ar Chultúir agus Gníomhú Aeráide i Meitheamh 2023. Leagfar amach sa chreat beartas na príomhbhealaigh trínar féidir le heagraíochtaí cultúrtha ról a bheith acu agus aghaidh á tabhairt ar an athrú aeráide, i gcomhthéacs na spriocanna náisiúnta laghdaithe maidir le hastaíochtaí carbóin. Ón am sin i leith, tá athbhreithniú déanta ag an Roinn ar an bhonn fianaise idirnáisiúnta, agus thug siad faoi chéim chuimsitheach chomhairliúcháin le geallsealbhóirí chun tacú le forbairt an chreata. Chun cur leis an rannpháirtíocht sin tá an Roinn anois ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí.

Suirbhé

Is páirt thábhachtach den phróiseas comhairliúcháin é an suirbhé seo, lena dtugtar deis duit eolas a dhéanamh do pholasaí agus cuidiú lena chinneadh a dhéanamh maidir leis an bhealach is fearr trínar féidir le RTCEGSM tacú le gníomhú aeráide ar fud na hearnála cultúir.

Cuir do fhreagraí isteach roimh 5i.n. dé hAoine 29 Márta 2024, tríd an tsuirbhé ar líne thíos.

Tá a fhios againn go raibh deacrachtaí ag roinnt rannpháirtithe agus an suirbhé á chomhlíonadh acu. Tá an fhadhb seo réitithe anois.

Ní dhéanfaidh RTCEGSM na torthaí a thuairisciú ach ar leibhéal comhiomlán. Cuirfimid ceist ort ag tús an tsuirbhé ar mhiste leat go n-úsaidfeadh muid sleachta ó fhreagraí scríofa ar bith a chuir tú ar fáil. Ní ainmneofar aon duine le haon sleachta a úsáidfear. Béidh comharthaí athfhriotáil a chuirtear ar fáil in aon fhreagraí a insinte san áireamh.

Tabhair faoi deara go bhfuil aon fhreagra ar an chomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Ba cheart do pháirtithe aon eolas rúnda nó eolas atá íogair ó thaobh tráchtála de a aithint go soiléir sa mhéid a chuireann siad isteach. Mar sin féin, ba cheart do pháirtithe tabhairt faoi deara fosta go bhfuil gach freagra ar an chomhairliúchán faoi réir, ina iomláine, fhorálacha na nAchtanna SF agus go bhféadfadh go bhfoilseofar iad ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Níor cheart go nglacfadh sé níos mó ná 5 nóiméad ort an suirbhé seo a chomhlíonadh, agus is mór dúinn d’ionchur. Más mian leat teagmháíl a dhéanamh leis an roinn maidir leis an tsuirbhé seo, cuir ríomhphost chuig mark.smith@tcagsm.gov.ie.

Nasc chuig an suirbhé ar líne thíos - cliceáil ar an gcnaipe 'Féachaint'.

Comhairliúchán seachtrach

Chun féachaint ar an gcomhairliúchán cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat