Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán maidir le hinfhaighteacht seirbhísí cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe (VFL) - uirlisí beartais phoiblí féideartha a bheith ann

  • Ó: An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

  • Foilsithe: 25 Meitheamh 2024
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 24 Meitheamh 2024
  • dúnadh na haighneachtaí: 6 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2025

Tá an Comhairliúchán dúnta


Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán

D’fhostaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide seirbhísí Analysys Mason Limited chun tuarascáil a thabhairt ina ndearnadh breithniú ar inmharthanacht Uirlisí Beartais Phoiblí (PPT), seachas oibleagáidí seirbhíse uilechoitinne, lena bhféadfar rochtain ar sheirbhísí cumarsáide gutha a áirithiú ag suíomh fostaithe sa Stát. Rinneadh breithniú ar roghanna éagsúla sa tuarascáil ó thaobh na teicneolaíochta, soláthair agus maoinithe de agus thángthas ar an gconclúid go raibh deacrachtaí suntasacha ag baint le gach rogha acu, rud a d'fhág nach raibh siad san áireamh mar Uirlisí Beartais Phoiblí inmharthana.

Baineann an comhairliúchán seo leis an tuairim ar a tháinig an tAire bunaithe ar an tuarascáil ó Analysys Mason inar thángthas ar an gconclúid nach bhfuil aon Uirlisí Beartais Phoiblí eile ar fáil faoi láthair, ná sna cúig bliana atá romhainn, lena bhféadfar rochtain ar sheirbhísí cumarsáide gutha a áirithiú ag suíomh fostaithe sa Stát.

Is é cuspóir an chomhairliúcháin tuairim na bpáirtithe leasmhara a fháil faoi na roghanna agus an anailís atá leagtha amach sa Tuarascáil ó Analysys Mason agus a fháil amach cibé acu an aontaíonn siad leis na conclúidí sa tuarascáil sin.

Leis an gcaidreamh sin dírítear go príomha ar sholáthraithe reatha seirbhísí cumarsáide gutha ag suíomh fostaithe sa Stát anois agus ar sholáthraithe a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Beidh anailís ar na freagraí ina chabhair don Aire maidir le cinneadh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas:

  1. Cé acu ar cuireadh na roghanna a breithníodh maidir le VFL a sholáthar as an áireamh ar bhonn dlisteanach mar Uirlisí Beartais Phoiblí inmharthana.
  2. Cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon roghanna eile ann maidir le hUirlisí Beartais Phoiblí ar cheart breithniú a dhéanamh orthu.

Nuair a bheidh an próiseas seo tughta chun críche, tiocfaidh an tAire ar thuairim chríochnaitheach maidir le cibé acu an féidir nó nach féidir le haon uirlis beartais phoiblí, seachas oibleagáidí uilechoitinne, rochtain ar sheirbhísí cumarsáide gutha a áirithiú ag suíomh fostaithe ar fud an Stáit. Ansin cuirfidh an tAire an rialtóir, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), ar an eolas faoin tuairim sin i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.

Consultation on availability of voice communications services at a fixed location – Existence of potential public policy tools
Amharc amharc
Consultation Response Template
Amharc amharc
Analysys Mason: Report on other public policy tools to provide ubiquitous voice services at a fixed location
Amharc amharc

Cúlra

I gcomhréir le Cuid 9 de SI. Uimh. 444 de 2022 (Rialachán AE maidir le Cód Cumarsáide Leictreonaí 2022), na Rialacháin, sanntar tascanna sonracha, agus i gcásanna áirithe tascanna idirnasctha, don Aire agus do ComReg nach mór a chur i gcrích i ndáil le hOibleagáidí Seirbhíse Uilechoitinne.

Tá baint ar leith ag Rialachán 72, de na Rialacháin thuasluaite, le seirbhís uilechoitinn a bheith ar fáil agus leis an bhféidearthacht go bhforchuirfear oibleagáidí seirbhíse uilechoitinne i gcúinsí áirithe. Baineann Rialachán 72(1) go sonrach le hinfhaighteacht seirbhísí cumarsáide gutha ag suíomh fostaithe. Faoi Rialachán 72(1) má tá an tAire den tuairim nach féidir le huirlisí beartais phoiblí eile rochtain ar sheirbhísí cumarsáide gutha a áirithiú sa Stát nó in aon chuid de mar atá siad sainaitheanta ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide ansin féadfaidh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide ainmniú a dhéanamh faoi Mhír 72(3) chun oibleagáidí seirbhíse uilechoitinne is iomchuí a fhorchur chun freastal ar gach iarratas réasúnta ó úsáideoirí deiridh a iarrann seirbhísí cumarsáide gutha ag suíomh fostaithe.

Ar an 12 Nollaig 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide tuarascáil, Doiciméad ComReg Uimh. 23/115 (ComReg D10/23), ina gcinntear nach féidir seirbhísí cumarsáide gutha ag suíomh fostaithe a áirithiú ar bhonn tráchtála sa Stát.

Ag leanúint ar an gcinneadh seo ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide agus i gcomhréir le Rialachán 72(1) de Rialachán AE maidir le Cód Cumarsáide Leictreonaí 2022, ní mór don Aire teacht ar "Thuairim" anois maidir le cibé acu an féidir nó nach féidir le hUirlisí Beartais Phoiblí (PPT) eile rochtain ar VFL a áirithiú sa Stát.

D’fhonn amhras a sheachaint, ní mheastar go bhfuil Uirlisí Beartais Phoiblí i gcomhthéacs soláthar leathanbhanda leordhóthanach mar chuid den chomhairliúchán seo.

Conas aighneacht a dhéanamh

Tugtar cuireadh duit freagra a chur isteach ar an doiciméad Comhairliúcháin maidir le VFL thuas. Ba chóir do pháirtithe leasmhara a thabhairt dá n-aire go bhfuil siad faoi cheangal tuairimí/aiseolas a sholáthar agus freagraí a thabhairt ar na ceisteanna atá leagtha amach sa Teimpléad Freagraí don Chomhairliúchán. Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí: 5.30pm Dé Máirt, 6 Lúnasa 2024. Ba chóir aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig VFLconsultation@decc.gov.ie nó leis an bpost chuig:

Comhairliúchán maidir le VFL,

An Roinn Comhshaoil,

Aeráide agus Cumarsáide,

Teach Tom Johnson,

Bóthar Haddington,

Baile Átha Cliath 4

D04 K7X4.

Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do phlé a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcleachtadh caidrimh leis an margadh seo. Déanfaidh muid gach aighneacht agus aiseolas a bhreithniú sula bhfoilseoimid leaganacha folaithe de na freagraí a cuireadh isteach.

Tá an freagra uait ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:

  • an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI)
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2018
  • an Acht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Féadfaimid ábhar na n-aighneachtaí uile a fhaighimid ar ár gcomhairliúchán a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. I gcásanna den sórt sin déanfaimid sonraí pearsanta agus faisnéis íogair tráchtála a cheilt (a bhaint) sula bhfoilseofar iad.

Iarrtar ort aon fhaisnéis íogair a shonrú

Agus tú ag tabhairt freagra ar an gcomhairliúchán seo, léirigh cá bhfuil aon fhaisnéis i do fhreagra nach mian leat go scaoilfí í faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, faoi Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol nó a fhoilsiú ar shlí eile. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis íogair ó thaobh tráchtála de
  • faisnéis faoi rún

Léigh ár bhFógra Príobháideachais Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachais Sonraí ina mínítear:

  • conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a ndéanaimid amhlaidh
  • an tslí a gcaithimid le faisnéis íogair
  • na cearta atá agat maidir le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú

toradh an chomhairliúcháin

Aighneachtaí ó lucht tionscail

Association of Licensed Telecommunications Operators (ALTO) Eir Three

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat