Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Líonra Teileachumarsáide na Gaillimhe agus Mhaigh Eo – Comhairliúchán chun faisnéis faoin margadh a iarraidh

  • Ó: An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

  • Foilsithe: 15 Nollaig 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 15 Nollaig 2023
  • dúnadh na haighneachtaí: 16 Feabhra 2024
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2025

Tá an Comhairliúchán dúnta


Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán

Táimid i mbun cleachtadh caidrimh le hoibreoirí eacnamaíocha ar an margadh i ndáil le Líonra Teileachumarsáide na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.

Dírítear go príomha leis an cleactadh caidrimh seo ar oibreoirí eacnamaíocha ar soláthraithe seirbhísí teileachumarsáide iad agus ar eintitis nó eagraíochtaí eile a bhféadfadh an saineolas a bheith acu chun líonra teileachumarsáide oibríochtúil a bhainistiú, a chothabháil agus margaíocht a dhéanamh air.

Beidh anailís ar na freagraí ina chabhair dúinn an rogha soláthair is oiriúnaí a chinneadh (i.e., bíodh conradh lamháltais le haghaidh seirbhísí nó Comhaontú maidir le Seirbhísí Bainistithe i gceist) nó aon chur chuige eile mar mhalairt orthu sin.

Tar éis críoch a bheith curtha leis an próiseas sin, tá sé beartaithe againn próiseas soláthair a sheoladh chun buan-Eintiteas Seirbhísí Bainistithe a cheapadh chun an líonra a bhainistiú, agus meastar go dtógfaidh sé thart ar 12-18 mí chun an próiseas a thabhairt chun críche.

Request for Market Information - Galway Mayo Network
Amharc amharc
Appendix 3 - State Aid Decision
Amharc amharc
Appendix 4 - Government Digital Connectivity Strategy
Amharc amharc

Cúlra

Tá 132 km de seolphíobáin agus de snáithíní sa phríomh-thrunc i Líonra Teileachumarsáide na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, a ritheann taobh le príomh-phíblíne gáis Bhord Gáis Éireann ó Bhaile Mhóinín, Co. na Gaillimhe go Béal an Átha Buí, Co. Mhaigh Eo. Tá 22.3 km eile de seolphíobáin i dtaobh-chiorcad a ghabhann go dtí imeall Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart cé nach bhfuil aon snáithín san eilimint seo faoi láthair.

Conas aighneacht a dhéanamh

Tugtar cuireadh duit freagra a chur isteach ar an doiciméad thuas maidir le caidreamh le hoibreoirí ar an margadh. Ba chóir do pháirtithe leasmhara a thabhairt dá n-aire go bhfuil siad faoi cheangal tuairimí/aiseolas a sholáthar maidir leis an togra de chuid na Roinne atá leagtha amach i gCuid 6 agus freagraí a thabhairt ar na ceisteanna atá leagtha amach sa Chuid sin. Ina theannta sin, moltar D'fhreagróirí, agus a gcuid freagraí á gcur isteach acu, leagan folaithe a sholáthar atá oiriúnach lena fhoilsiú anseo ar gov.ie.

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí: 5.30pm 16 Feabhra 2024

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig DCO_GM@decc.gov.ie nó leis an bpost chuig:

Líonra na Gaillimhe agus Mhaigh Eo – Comhairliúchán chun Faisnéis faoin Margadh a Iarraidh

An Oifig um Nascacht Dhigiteach

an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath 2

D02 X285

Cosaint sonraí

Táimid tiomanta do phlé a dhéanamh le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcleachtadh caidrimh leis an margadh seo. Déanfaidh muid gach aighneacht agus aiseolas a bhreithniú sula bhfoilseoimid leaganacha folaithe de na freagraí a cuireadh isteach.

Tá an freagra uait ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:

  • an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI)
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2018
  • an Acht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Tá sé de rún againn na haighneachtaí uile a fuarthas ar ár gcomhairliúchán a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Maidir leis seo, moltar d'fhreagróirí go bhfuil orthu leagan folaithe dá bhfreagra a chur isteach freisin atá oiriúnach lena fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Iarrtar ort aon fhaisnéis íogair a shonrú

Agus tú ag tabhairt freagra ar an gcleachtadh caidrimh seo, léirigh cá bhfuil aon fhaisnéis i do fhreagra nach mian leat go scaoilfí í faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2018 nó a fhoilsiú ar shlí eile. Féadfaidh sé seo a bheith san áireamh:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis íogair ó thaobh tráchtála de
  • faisnéis faoi rún

Léigh ár bhFógra Príobháideachais Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachais Sonraí ina mínítear:

  • conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a ndéanaimid amhlaidh
  • an tslí a gcaithimid le faisnéis íogair
  • na cearta atá agat maidir le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú

toradh an chomhairliúcháin

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, gheobhaidh tú naisc thíos chuig na haighneachtaí folaithe a fuarthas faoin gcomhairliúchán seo.

Aighneachtaí ó lucht tionscail

Aurora Telecom GM Enet

Public Body Submissions

Galway and Mayo County Councils

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat