Plean Leathanbhanda Náisiúnta - Comhairliúchán maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil/Measúnacht Chuí/Mapa
- Foilsithe: 2 Eanáir 2018
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 2 Eanáir 2018
- dúnadh na haighneachtaí: 9 Feabhra 2018
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
I gcomhréir le dlí na hEorpa agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rinne an Roinn Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Chuí (MC) ar an Straitéis Idirghabhála maidir leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.
Is éard is Measúnú Straitéiseach Comhshaoil ann próiseas ina ndéantar cúrsaí comhshaoil a chur san áireamh agus pleananna agus cláir á n-ullmhú sula gcuirtear i gcrích iad. Tagann na measúnaithe sin ó Threoir 2001/42/CEE agus rinneadh an Treoir sin a thrasuí i ndlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (I.R. 435 de 2004 arna leasú le I.R. 200 de 2011) agus na Rialacháin um Phleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) (I.R. 436 de 2004 arna leasú le I.R. 201 de 2011). Mar chuid den phróiseas seo, rinne an Roinn tuarascáil chomhshaoil choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag an Straitéis Idirghabhála, agus molann sí bearta chun aon tionchair den sórt sin a mhaolú.
Le Treoir an AE maidir le Gnáthóga (92/43/CEE) ceanglaítear ar bhallstáit 'measúnacht chuí' (MC) a dhéanamh ar aon phlean nó tionscadal ar dócha go mbeidh tionchar suntasach acu ar chosaint, caomhnú agus bainistíocht na ngnáthóg agus na speiceas atáthar ag iarraidh a chaomhnú i ngach Láithreán Eorpach lena n-áirítear Limistéir chaomhantais speisialta, arna n-ainmniú faoin um Ghnáthóga agus limistéir chosanta speisialta, arna n-ainmniú faoin Treoir ón Aontas maidir le hÉin (2009/147/CE). Rinneadh forálacha Threoir an AE maidir le Gnáthóga (92/43/CEE), mar a bhaineann siad leis an Straitéis Idirghabhála, a thrasuí i ndlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha)(I.R. 477 de 2011). Rinne an Roinn Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a coimisiúnú mar chuid den phróiseas MC chun a fháil amach an bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an Straitéis Idirghabhála ar aon Láithreán ainmnithe le haghaidh caomhnaithe. Moltar bearta chun aon tionchar díobhálach a mhaolú san NIS freisin.
Mar chuid den MSC seo, rinne an Roinn tuarascáil chomhshaoil choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag an Straitéis Idirghabhála, agus molann sí bearta chun aon tionchair den sórt sin a mhaolú.
Mar chuid den MC, rinne an Roinn Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a choimisiúnú mar chuid den phróiseas MC chun a fháil amach an bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an Straitéis Idirghabhála ar aon láithreán ainmnithe le haghaidh caomhnaithe. Moladh bearta chun aon tionchar díobhálach a mhaolú san NIS freisin.
D’fhoilsigh an Roinn na doiciméid seo, mar aon leis an Straitéis Idirghabhála i dtaca leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda mar chuid de na próisis MSC agus MC. Bhí an comhairliúchán ar siúl ón 2 Eanáir 2018 go dtí an 9 Feabhra 2018. Ag an am sin, thapaigh an Roinn an deis freisin chun comhairliúchán a dhéanamh maidir leis an Mapa Leathanbhanda Ardluais.
Rinneadh aighneachtaí trí ríomhphost a sheoladh chuig NBPenvironmental@dccae.gov.ie nó leis an bpost chuig:
Plean Leathanbhanda Náisiúnta - Comhairliúchán Poiblí maidir leis an MSC,
An Roinn don Phlean Leathanbhanda Náisiúnta
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire
D02 X285
Tá an Straitéis Idirghabhála agus na doiciméid chomhairliúcháin ar fáil i bhfoirm pdf thíos.
Fuair an Roinn 26 aighneacht san iomlán mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo. Bhí 8 gcinn de na haighneachtaí seo neamhiomlán agus dá bhrí sin níor foilsíodh iad. Tá rochtain ar an gcuid eile thíos, agus faisnéis phearsanta folaithe Tá doiciméad achoimre ar fáil freisin.
Agus na doiciméid seo á bhfoilsiú aici, tagraíonn an Roinn don fhógra faisnéise a foilsíodh leis an gcomhairliúchán:
"Tá freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2014." Ba chóir faisnéis rúnda nó faisnéis íogair ó thaobh tráchtála de a shainaithint go soiléir i d’aighneacht, ach ba chóir do pháirtithe a thabhairt dá n-aird freisin go bhfuil aon fhreagraí nó na freagraí uile ar an gcomhairliúchán faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise ina n-iomláine agus go bhféadfar iad a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.
Tá an Roinn faoi cheangal ag an reachtaíocht maidir le Saoráil Faisnéise agus coimeádann sí an ceart chun gach aighneacht a fhoilsiú.
Consultation Documents
toradh an chomhairliúcháin
Consultation Submissions
SEA/AA Consultation
| enet | Environmental Protection Agency (EPA) |
| Inland Fisheries Ireland (IFI) | Northern Ireland Environmental Agency (DAERA NI) |
High Speed Broadband Map Consultation
| SIRO | Sky |
Individual Submissions
| 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |