Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar an Dréachtphlean Oiriúnaithe Náisiúnta d'Earnáil na Cumarsáide (Craolachán agus Teileachumarsáid)

  • Ó: An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

  • Foilsithe: 31 Iúil 2019
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 31 Iúil 2019
  • dúnadh na haighneachtaí: 28 Lúnasa 2019
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2025

Tá an Comhairliúchán dúnta

Tá Dréachtphlean Oiriúnaithe Náisiúnta d'Earnáil na Cumarsáide ullmhaithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, mar a shainordaítear faoi Chreat Oiriúnaithe Náisiúnta an Rialtais don Earnáil Chumarsáide agus faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015.

Sa Dréachtphlean Oiriúnaithe Náisiúnta d'Earnáil na Cumarsáide déantar measúnú ar na rioscaí aeráide do na hearnálacha sin agus déantar cur síos ann ar bhearta oiriúnaitheacha tábhachtacha ar ardleibhéal.

Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á sheoladh?

Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an Dréachtphlean le linn próiseas comhairliúcháin 4 seachtaine. Tá tuairimí an phobail riachtanach chun Plean cuimsitheach a sholáthar ina ndéantar measúnú críochnúil ar rioscaí agus​leochaileachtaí ár líonra cumarsáide i leith an athraithe aeráide.

Conas a bheith páirteach?

Tá an Dréachtphlean Oiriúnaithe Náisiúnta d'Earnáil na Cumarsáide ar fáil thíos.

Mura n-iarrtar go sonrach é, foilseofar na haighneachtaí go léir amach anseo ar shuíomh gréasáin na roinne. [1]

Seol do chuid aighneachtaí, barúlacha agus tuairimí trí ríomhphost faoi mhí Lúnasa 2019 go díreach chuig tprd@dccae.gov.ie nó tríd an bpost chuig: An Rannóg um Beartas agus Rialáil Teileachumarsáide, An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus an Chomhshaoil, 29 – 31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath, D02 X285.

Tá an comhairliúchán seo dúnta anois.

[​1] "Tá freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2014." Ba chóir faisnéis rúnda nó faisnéis íogair ó thaobh tráchtála de a shainaithint go soiléir i d’aighneacht, ach ba chóir do pháirtithe a thabhairt dá n-aird freisin go bhfuil aon fhreagraí nó na freagraí uile ar an gcomhairliúchán faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise ina n-iomláine agus is is dócha go bhfoilseofar iad ar shuíomh Gréasáin na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Draft National Adaptation Plan for Communications Sector
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat