Bainisteoir Cumarsáide (Príomhoifigeach Cúnta) a cheapadh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An ról
- Dualgais an phoist
- Conas iarratas a dhéanamh
- Leabhrán faisnéise d’iarrthóirí
- Foirm iarratais
- Ráiteas príobháideachais
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag féachaint le Bainisteoir Cumarsáide (ag leibhéal Phríomhoifigeach Cúnta) a cheapadh le hoibriú in Aonad Cumarsáide na Roinne.
Is i mBaile Átha Cliath a bheidh an ról seo lonnaithe agus beidh taithí ar bhainistíocht chumarsáide, ar chaidrimh sna meáin agus ar na meáin dhigiteacha ag teastáil ó iarrthóirí don ról ar leith seo. D’fhéadfadh go mbunófaí painéal ón gcomórtas seo don fholúntas seo agus d’aon fholúntas den chineál céanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo.
An ról
Cuirfidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis, a thuairisceoidh chuig an gCeann Cumarsáide, leis an gceannaireacht straitéiseach cumarsáide laistigh den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, cuirfidh sé/sí comhairle agus ionchuir chumarsáide ardleibhéil ar fáil i leith obair na Rannán, agus cabhróidh sé/sí reáchtáil laethúil na foirne cumarsáide a bhainistiú. Beidh ar iarratasóirí ar mian leo go ndéanfaí iad a bhreithniú lena gceapadh sa ról seo an cumas atá acu a bheith ag obair i mBéarla agus i nGaeilge araon ar bhonn laethúil a léiriú.
Beidh a leanas i gceist leis an ról seo: cumarsáid Rannach a bhainistiú le teachtaireachtaí atá ag teacht lena chéile a chinntiú ar fud gach Rannán, le lucht féachana na meán agus na meán digiteach, agus ar fud an Rialtais; pleananna mionsonraithe cumarsáide a fhorbairt agus foireann a bhainistiú chun na pleananna seo a chur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí; ceisteanna atá ag teacht isteach ó na meáin a bhainistiú agus freagra a thabhairt orthu; straitéisí cumarsáide inmheánacha a fhorbairt agus a bhainistiú laistigh den Roinn.
Déanfar caighdeán Gaeilge na n-iarratasóirí a mheas trí scrúdú scríofa gearr le linn an phróisis roghnúcháin, agus san agallamh féin.
Tabhair faoi deara, le do thoil: Socrófar an scrúdú scríofa ag leibhéal B2 TEG agus beidh an pasmharc íosta riachtanach do na hiarrthóirí a ghlacann páirt sa chomórtas seo.
Dualgais an phoist
Páirt iomlán a ghlacadh i bhfoireann bheag de bhainisteoirí cumarsáide sinsearacha chun:
- comhoibriú a dhéanamh, laistigh d’fhoireann Cumarsáide na Roinne agus ar fud na Roinne araon, chun seachadadh cumarsáide a chórasú, ar cumarsáid den chineál is fearr í atá seasmhach, dírithe ar shaoránaigh agus a bhfuil luach ar airgead i gceist léi
- straitéis meán sóisialta agus cumarsáide digití na Roinne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
- na meáin chumarsáide fhrithghníomhacha a bhainistiú agus freagraí a chinntiú trína léirítear obair thábhachtach na Roinne mar is cuí
- tacaíocht agus mionteagasc a chur ar fáil d’Airí agus d’urlabhraithe mar ullmhúchán do choinní leis na meáin agus traenáil a chomhordú más gá - i nGaeilge agus i mBéarla araon
- tacú le cumarsáid inmheánach chun rannpháirtíocht na foirne i ndáil le spriocanna agus treoir straitéiseach na Roinne a chothú, agus comhoibriú a dhéanamh le AD chun cultúr iontaoibhe, rannpháirtíochta agus comhpháirtíochta trasfhoirne a chur chun cinn ar fud na heagraíochta
- fianaise agus taighde a leabú i bpleananna agus i ngníomhaíochtaí cumarsáide na Roinne, lena chinntiú go bhfuil bonn láidir cirt le gníomhaíochtaí dá leithéid ó thaobh rannpháirtíocht éifeachtach saoránach. Treochtaí agus anailís a úsáid chun leas iomlán a bhaint as sonraí chun ábhar tarraingteach a fhorbairt do na cainéil meán cumarsáide ar fad, idir shóisialta agus thraidisiúnta
- teagmháil agus caidreamh dlúth a choimeád le gach foireann inmheánach d’fhonn riachtanais phoiblíochta a chinneadh agus deiseanna a shainaithint agus a phleanáil
- ionadaíocht a dhéanamh don Roinn i dtionscnaimh uile-Rialtais agus i bhfóraim idir-rannacha agus i dtionscnaimh cumarsáide straitéiseacha ghaolmhara Ceannaireacht a chur ar fáil maidir le tionscnaimh den sórt sin a chur chun feidhme laistigh den Roinn
- tacú le bainistiú riosca i dtaobh clú agus le cumarsáid ghéarchéime
- tascanna nó dualgais eile a dhéanamh de réir mar a éileoidh an Bainisteoir
Conas iarratas a dhéanamh
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie faoin dáta deiridh: 5pm, an 10 Samhain 2022.
Leabhrán faisnéise d’iarrthóirí
Íoslódáil an leabhrán faisnéise ceangailte le haghaidh eolais maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.
Foirm iarratais
Chun iarratas a dhéanamh ar phost an Bhainisteora Cumarsáide (Príomhoifigeach Cúnta), íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais ceangailte agus seol ríomphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie faoi 5pm Déardaoin, an 10 Samhain 2022.
Ráiteas príobháideachais
Féach an ráiteas príobháideachais ceangailte maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i dtaca leis an gcomórtas seo.